Ar siúl faoi láthair

Claire McLaughlin, Trace and Transfer, 2012
Léirmheas ar Trace and Transfer ar an suíomh anois!

…………………………………………………………………………….

Shift|Merge, University Gallery, Ollscoil Uladh, Béal Feirste
31 Eanáir – 28 Feabhra 

Shift/merge, Jane Butler

Saothar dealbhadóireacta le Jane Butler. Ealaín suiteála ina mbaintear úsáid as solas agus ábhair thréshoilseacha.

 

………………………………………………………………………….

Vector/AttractorGoethe-Institut, Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath
25 Eanáir – 28 Márta

Photo: Alice Rekab - Vector/Attractor

Taispeántas ina ndéantar scrúdú ar fhoirmeacha éagsúla ealaíne – dealbhadóireacht, ailtireacht agus sceitsí grinn ina measc. Sa saothar seo le Alice Rekab tá béim curtha ar chosúlachtaí agus chomhghaol idir nithe agus próiséis nach bhfuil mórán baint acu lena chéile.

…………………………………………………………………………………………………..

 

Dídean, Dánlann Dillon, Béal Feirste
17 Eanáir – 28 Feabhra

Saothar péintéireachta ón ealaíontóir Eoin Mac Lochlainn ina bpléitear nádúr daonna, chomh maith leis an dúil atá ag an duine sa dídean, tré dhíriú isteach ar íomhánna dóibh siúd atá gan dídean.

Seoladh oifigiúl 17 Eanair 7pm.

…………………………………………………………………………………………………..


Edifice Complex, Visual Centre for Contemporary Art, Ceatharlach
2 Feabhra – 21 Aibreán

Edifice Complex
Saothar nua le Tadhg McSweeney. Dealbhadóireacht déanta as sean-ábhair, rudaí briste agus rudaí athchúrsáilte. 

 

 …………………………………………………………………………………………………..

Some of These Places, Linenhall Arts Centre, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo
1 – 23 Feabhra

Taispeántas nua leis an ealaíontóir Albanach Olivia Irvine, obair déanta ag úsáid olaphéint ar línéadach.

…………………………………………………………………………………………………..

Borrowed Memories, Luan Gallery, Baile Áth Luain
29 Samhain – 24 Feabhra

An chéad taispeántas san ionad ealaíne nua-oscailte seo. Meascán d’ealaín ar iasacht ón gcnuasach náisiúnta in IMMA. Saothar le Daphne Wright, Patrick Graham, Shane Cullen, Ann Hamilton, Hughie O’Donoghue,  Amelia Stein, Amanda Coogan.

Patrick Graham, Ark of Dreaming, 1990, Mixed media on canvas, 180 x 316 cm, Collection Irish Museum of Modern Art, Purchase, 1991

………………………………………………………………………………………………..

Becoming, Earlsfort Terrace, Baile Átha Cliath
06 Deireadh Fómhair – 17 Feabhra 2013

Alice Maher Retrospective at IMMAMór-thaispeántas ón ealaíontóir Alice Maher. Tá an scannán nua Cassandra’s Necklace le feiceáíl, chomh maith le súil siar ar shaothar déanta thar thréimhse 20 bliain. Dealbhadóireacht, líníocht agus péintéireacht. 

 

…………………………………………………………………………………



Advertisements