Ar siúl faoi láthair

 Lost Boys: The Territories Of Youth, Glucksman Gallery, Co Chorcaí
29 Márta – 7 Iúil

Lost Boys: The Territories of YouthTaispeántas ina léirítear saol agus meoin fir óga agus déagóirí, agus iad i ngleic le dífhostaíocht agus imirce.

Ealaíontóirí : Eleanor Antin, Doug Dubois, Douglas Gordon, David Haines, Seamus Harahan, Richard Hughes, Julien Nguyen, Alex Rose, Steven Shearer, Collier Schorr, Gillian Wearing.

…………………………………………………………………………………………….……

Sites for temporary witnessBallina Arts Centre, Co Mhaigh Eo
Aibreán 4 – 27

Saothar le triúr ealaíontóirí, Caroline Doolin, Meadhbh O’Connor agus Molly O’Dwyer. Tá meascán de ghrianghrafadóireacht, fís agus dealbhadóireacht le feiceáil sa taispeántas seo, saothair ina léirítear téama agus próiséis an mhionscrúdú eolaíochta.

…………………………………………………………………………………………….……

L’Armoire, Garter Lane Arts Centre, Port Láirge
5 Aibreán – 16 Bealtaine

 Péintéireacht agus dealbhadóireacht le Kathleen Delaney. Saothar ina n-úsáidtear iomhánna d’éadaí agus de throscán mar mheafair ar chosaintí an duine ar dheachtrachtaí an tsaoil.

…………………………………………………………………………………………….…….

An Riordánach (nótaí ciúnais), Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin
5 Aibreán – 31 Bealtaine

Saothar péintéireachta agus líníochta leis an ealaíontóir Seán ó Flaithearta, ealaín atá bunaithe ar fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin.


…………………………………………………………………………………………………..

Féile Ealaíne na Cásca, An Máimín, Baile an Fheirtéaraigh
31 Márta – 7 Aibreán

Tá Féile Ealaíne na Cásca ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne 40 bliain ar an bhfód sa bhliain 2013. Beidh 184 saothar ealaíne ar taispeáint ag féile na bliana seo le ealaíontóirí ar nós Tomás Ó Cíobháin, Liam Ó Néill, Maria Simonds-Gooding, Niall Naessens, Kate Buckley, Seán Mc Sweeney agus a lán eile. www.oidhreacht.ie

…………………………………………………………………………………………………..

The Other North, Centre for Contemporary Art, Doire
4 Aibreán – 5 Bealtaine
Saothar scannánaíochta de chuid an ealaíontóra Jesse Jones, saothar a d’eascraigh as taighde a rinne sé sa gCóiré Theas agus i dTuaisceart Éireann i 2012/2013. Sa scannán úsáidtear  scriopt as Tuaisceart Éireann agus aisteoirí Cóiréacha leis an scannán a ath-léiriú ina dtír fhéin .

…………………………………………………………………………………………………..
Animation to MurmurationDraíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC
15 Márta – 25 Bealtaine

Vincent Sheridan

Saothar nua le Vincent Sheridan, ag plé le héineacha – go háirithe carrógaí agus druideanna. Tá spéis aige i nósanna na n-éan agus an ghluaiseacht ar leith a bhíonn acu agus iad ag eitilt nó ar an talamh.

…………………………………………………………………………………………………..

The Orchard, Butler Gallery, An Caisleán, Cill Chainnigh
9 Márta – 21 Aibreán

Saothar le Helena Gorey, bunaithe ar dhathanna agus plandaí ó úllord a bhi ag a seanathair i gCill Chainnaigh sna 1930aidí. Líníocht, grianghrafadóireacht agus péint.

herbrobert

…………………………………………………………………………………………………..

On the Road, Toradh Gallery, Ashbourne Cultural Centre,  Co. na Mí
12 Márta – 9 Aibreán
'Restricted Parking' - Paul Mac CormaicSaothar péintéireachta i stíl réalach le Paul Mac Cormaic. Sa saothar seo déantar macnamh ar an mór-thionchar a bhí ag na bóithre agus na mótarbhealaí nua a tóigeadh ar fud na tíre le 20 bliain anuas.

…………………………………………………………………………………………………..

Gloria! & Zorns Lemma
, The Dock, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma.
15 Feabhra – 13 Aibreán

Frampton_Gloria_Still

Dhá shaothar scannánaíochta ón ileolaí agus scannánóir Hollis Frampton (1936-1984).

………………………………………………………………………….

Folk Fiction – Translations in Material Cultures
Museum of Country Life, Co Mhaigh Eo
5 Feabhra – 14 Aibreán

Gareth kenedy.aspx

Saothar le Gareth Kennedy, ina bpléitear ar bhealach spraoíúil, fiosrach an tionchar atá ag comhlactaí ollmhóra, ar nós  IKEA, ar shean nósanna cheirdíochta. Obair déanta in Inis Óirr agus Gníomh go Leith. Dealbhadóireacht, grianghrafadóireact agus scannáín.

…………………………………………………………………………………

Edifice Complex, Visual Centre for Contemporary Art, Ceatharlach
2 Feabhra – 21 Aibreán

Edifice Complex
Saothar nua le Tadhg McSweeney. Dealbhadóireacht déanta as sean-ábhair, rudaí briste agus rudaí athchúrsáilte. 

 ………………………………………………………………………………………..



Advertisements