Ar siúl faoi láthair


Tá agallamh nua le Ceara Conway ar an suíomh anois. Féach anseo!

Jack B Yeats – Enter the Clowns; The Circus as a Metaphor
The Model, Sligeach
25 Bealtaine – 1 Meán Fómhair

Tá an meafar den sorcas le feceáil go minic i shaothair Jack B Yeats. Sa taispeántas seo déantar scrúdú ar mar a d’úsáid Yeats an meafar seo le léiriú a déanamh ar théamaí ar nós an meabhairghalar, an uaigneas, an bhrón agus ciníochas. Seo deis le réimse leathan soathar le Yeats a fheiceáil, chomh maith le saothair leis nach mbíonn ar taispeáint ach go hannamh.

 

…………………………………………………………………………………………………..

K-Fest, Féile Ceoil agus Ealaíne, Cill Orglan, Co Chiarraí
31 Bealtaine – 3 Meitheamh 2013

K-Fest

Beidh clár iomlán ealaíne á reachtáil mar chuid de K-Fest mbliana! Thar an deireadh seachtaine beidh réimse mór taispeántais  ar siúl i suíomhanna éigsiúla ar fud an bhaile. Féach anseo i gcóir tuile eolais.

…………………………………………………………………………………………………..

An Trá agus an tSíoraíocht, Áras Éanna, Inis Oírr
16 – 30 Bealtaine 2013
Seoladh oifigiúil 18 Bealtaine 3pm (aoichainteoir Muireann ní Dhroighneáin)

Saothar nua leis an ealaíontóir Nuala ní Fhlathúin, sraith oibre a coimisiúnadh d’Fhéile Phléaráca na bliana seo. Tarraingeadh na grianghrafanna don taispeántas seo le linn trí thuras go h-Inis Oírr i 2013, agus sén tús phointe a bhí acu ná an gaol idir solas agus uisce, spéir agus talamh. Sa taispeántas in Áras Éanna beidh na céadta íomhánna fite le chéile agus leagaithe amach mar a bheadh cairpéad nó táipéis, iad curtha le chéile le píosaí beaga dealbhadóireachta chun nua-phátrún teibí a chruthú. Is í an t-oifigeach ealaíne  a bhéas mar aoichainteoir.

An Trá agus an tSíoraíocht

…………………………………………………………………………………………………..
Floral Alchemy, Olivier Cornet Gallery, Baile Átha Cliathpoppy82x188
24 Aibreán – 24 Bealtaine 2013
Saothar péintéireachta ar ghloine leis an ealaíontóir Yanny Petters. Íomhánna mionchruinne ón nádúr, déanta le hórdhuill, ag úsáid an teicníc verre églomisé. …………………………………………………………………………………………………………..
Prelude Speaker: Contemporary Castletown
, Castletown House, Co. Chill Dara 29 Aibreán – 30 Meitheamh 2013

Prelude_540Seo grúpthaispeántas d’ealaín chomhaimseartha agus ábhar stairiúil atá eagraithe ag Crawford Art Gallery, i gcomhair le Oifig na nOibreacha Poiblí. I measc na n-ealaíontóirí atá páirteach sa taispeántas tá: Sarah Browne, Gerard Byrne, Felicity Clear, Maud Cotter, Michelle Deignan, Blaise Drummond, Domestic Godless, Simon English, Mary Fitzgerald, Patrick Jolley, Rebecca Trost & Inger Lise Hansen, Marianne Keating, Eoin McHugh, Paul Nugent, Colin O’Connor, Jennifer Trouton and Daphne Wright.

…………………………………………………………………………………………………..

Garden, Project Arts Centre, Baile Átha Cliath
25 Aibreán – 22 Meitheamh 2013

Saothar nua ó Niamh O’Malley, fís agus péintéireacht ar ghloine. Sa taispeántas seo feictear iomhánna de gháirdín tré scáthán, na híomhánna ag athrú le gluaiseacht an scátháin.

1dc42_apr17_projectarts_img

…………………………………………………………………………………………………..
Mindscapes, The Copper House Gallery, Baile Átha Cliath
25 Aibreán – 18 Bealtaine 2013

506_1000Saothar nua grianghrafadóireachta le Ellen McDermott. Sa taispeántas seo tá íomhánna osréalacha le feiceáil, iad ag léiriú mothúcháín neamhshoiléir agus giotaí beaga de scéalta brionglóideacha.   …………………………………………………………………………………………………..

The Cutting Edge, Townhall Theatre, Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh
18 Aibreán – 18 Bealtaine 2013

Saothar ealaíne le Ciaran Murphy, pictiúirí geartha as páipéar, obair a d’eascair as spéis i síscéalta agus i rannta do pháistí.

…………………………………………………………………………………………………..

Lost Boys: The Territories Of Youth, Glucksman Gallery, Co Chorcaí
29 Márta – 7 Iúil 2013

Lost Boys: The Territories of YouthTaispeántas ina léirítear saol agus meoin fir óga agus déagóirí, agus iad i ngleic le dífhostaíocht agus imirce. Ealaíontóirí : Eleanor Antin, Doug Dubois, Douglas Gordon, David Haines, Seamus Harahan, Richard Hughes, Julien Nguyen, Alex Rose, Steven Shearer, Collier Schorr, Gillian Wearing. …………………………………………………………………………………………….……

L’Armoire, Garter Lane Arts Centre, Port Láirge
5 Aibreán – 16 Bealtaine 2013

 Péintéireacht agus dealbhadóireacht le Kathleen Delaney. Saothar ina n-úsáidtear iomhánna d’éadaí agus de throscán mar mheafair ar chosaintí an duine ar dheachtrachtaí an tsaoil.

…………………………………………………………………………………………….…….

An Riordánach (nótaí ciúnais), Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin
5 Aibreán – 31 Bealtaine 2013

Saothar péintéireachta agus líníochta leis an ealaíontóir Seán ó Flaithearta, ealaín atá bunaithe ar fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin.
…………………………………………………………………………………………………..
The Other North, Centre for Contemporary Art, Doire
4 Aibreán – 5 Bealtaine 2013
Saothar scannánaíochta de chuid an ealaíontóra Jesse Jones, saothar a d’eascraigh as taighde a rinne sé sa gCóiré Theas agus i dTuaisceart Éireann i 2012/2013. Sa scannán úsáidtear  scriopt as Tuaisceart Éireann agus aisteoirí Cóiréacha leis an
scannán a ath-léiriú ina dtír fhéin .

…………………………………………………………………………………………………..

Animation to MurmurationDraíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC
15 Márta – 25 Bealtaine

Vincent Sheridan Saothar nua le Vincent Sheridan, ag plé le héineacha – go háirithe carrógaí agus druideanna. Tá spéis aige i nósanna na n-éan agus an ghluaiseacht ar leith a bhíonn acu agus iad ag eitilt nó ar an talamh.

………………………………………………………………………………………………………

 Nasc, Stiúideo Meitheal Eitseála, Daingean Uí Chúise, Co. Chiarraí
Bealtaine 2 – 6  2013
(Oscailt Oifigúil: 3 Bealtaine le Úna McCarthy – An Chomhairle Ealaíon)

Ó 2010  i leith tá ealaíontóirí an Mheitheal Eitseála ag cur feabhas ar a gcumas priontála agus ag cur taispeántais i láthair.  Seo taispeántas a chruthaíonn ceangal le Cló Ceardlann na gCnoc, Dún na nGall, an t-aon stiúideo priontála gairmiúil eile atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Ealaíon priontála comhaimseartha den scoth le feiscint ó na healaíontóirí seo a leannas:

UnknownMeitheal Eitseála: Lisbeth Mulcahy, Michael Flaherty, Deirdre McKenna, Tomás Ó Cíobháin, Julie Beckett, Caroline O Connor, Clodagh Edwards, Jack Bates, Kathleen McAuliffe, Niall Naessens, Ruth Carbery, Pat Owen, Ciara McKenna

Cló Ceardlann na gCnoc: Aoife Mc Garrigle, Heidi Nguyen, Caitlin Ní Ghallachóir, Ian Joyce, Kordula Ludwig , Oona Hyland

…………………………………………………………………………………………………..

Carraig na Farraige, Signal Arts Centre, Bré, Co Chill Mhantáin
23 Aibreán – 5 Bealtaine 2013

Dealbhadóireacht leis an ealaíontóir Helen O’Connell. UnknownSa taispeántas seo déantar cumhacht na farraige a cheilliúradh. Úsáidtear marmar ón bPortaingéil, aolchloch as Cill Chainnigh agus trabhairtín ón Iodáil chun cruthanna teibí a dhéanamh.  

…………………………………………………………………………………………………..

We Are Suddenly Somewhere Else, Butler Gallery, An Caisleán, Cill Chainnigh
27 Aibreán – 9 Meitheamh 2013

Saothar le Bridget O’Gorman atá bunaithe ar stair an fhoirgnimh Evans Home, áit a bhéas in úsáid sula fada mar spás nua don Butler Gallery. Grianghrafadóireacht, fís agus dealbhadóireacht.

Bridget-OGorman-Evans-Home1-350x198 

……………………………………………………………………….

Lies And More Lies, Norman Villa Gallery, Gaillimh
23 Aibreán – 11 Bealtaine 2013

Philip LindeySaothar nua péintéireachta le Philip Lindey, ealaíontóir a bhaineann úsáid as meascán de réalachas agus greann in a chuid oibre. Tá an taispeántas seo á reachtáil mar chuid de Cúirt, féile liteartha idirnáisiúnta.

 

Advertisements