Ar siúl faoi láthair

The Touring TamaCearnóg Mhuirfean, BÁC
14 – 24 Meitheamh 2013.

TheTouringTamaatMerrionSquareParkEalaín suiteála amuigh faoin aer. Saothar le Miriam Mc Connon, déanta as naipcíní póca agus lása a bailíodh in Éirinn agus sa gCipir. Eagraíodh an taispeántas seo le comóradh a dhéanamh ar Uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

 

 

…………………………………………………………………………………………………..

He, The Lab, Sráid Uí Fhoghlú, BÁC
11 Meitheamh – 20 Iúil, 2013

5914_466744740073240_1892276058_nTaispeántas aonair le Alan-James Burns, saothar ina n-úsáidtear fís agus fuaim le scrúdú a dhéanamh ar na próiséis meabhrach a bhíonn ag  daoine agus iad ag iarraidh a chéile a thuiscint.

 

…………………………………………………………………………………………………..

 

Dark Palaces, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC
14 Meitheamh – 6 Iúil

Ruth McDonnell- -Dark Palace V-- oil on linen 38 x 51 cmSraith pictiúirí agus líníocht le Ruth McDonnell, bunaithe ar shean fhoirgnimh a bhí in úsáid mar phictiúrlanna tráth.

 

…………………………………………………………………………………………………..

Ocular Reverberations, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15
7 Meitheamh – 31 Lúnasa

aisling conroy 210x186Ealaín teibí ón ealaíontóir Aisling Conway, saothar ina bhfuil béim ar leith ar dhathanna geala agus dorcha, spásanna dearfacha agus diúltacha. Sa saothar seo tá tionchair éagsúla le feiceáil, ó ailtireacht, séadchomharthaí agus ealaín naofa.

…………………………………………………………………………………………………..

Taispeántas, Áras Inis Gluaire, Co Mhaigh Eo
13 Meitheamh – 13 Iúil 2013

Saothar nua péinteála leis an ealaíontóir Antonio Julio Lopez Castro.

antonio julio lopez castro

 

…………………………………………………………………………………………………..

Tractors and Barns, Linenhall Arts Centre, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
31 Bealtaine – 29 Meitheamh 2013

John_McNulty-Tractor with trailerTá íomhánna tuaithe le feiceáil sa saothar seo le John McNulty, meascán de phictiúir agus eitseálacha a rinne sé le cúig bhliain anuas.

 


…………………………………………………………………………………………………..

Caochspota/Blindspot, Niland Gallery, Cathair na Gaillimhe.
7 – 28 Meitheamh 2013

CoachSpota - evite 6 x 4.5Grúpthaispeántas amharcealaíne bunaithe ar an téama “caochspota”. Tá saothar le feiceáil ann ó ealaíontóirí lasmuigh agus lastigh de na Gaeltachtaí. Eagraíodh an taispeántas seo chun seoladh an tsuímh Nua-Ealaín  a cheiliúradh.  Féach ar ár leathnach Facebook i gcóir tuilleadh eolais!

Ealaíontóirí: Eoin Mac Lochlainn, Tadhg Ó Cuirrín, John McHugh, Andrew Duggan, Nuala ní Fhlathúin, Ceara Conway, Claire Halpin, Sean Ó Flaithearta.

 

…………………………………………………………………………………………………..

Dig, Galway Arts Centre, Cathair na Gaillimhe,
Meitheamh 7 – Iúil 6

Saothar nua leis an ealaíontóir John O’Conell, ina mbaintear úsáid as líonaíocht, fuaim agus dealbhadóireacht. Is ealaín suiteála é seo atá bunaithe ar thírdheacha diostóipeacha – iomhánna lán le fothrachaí agus dorachadas.

Dig, John O'connell 11

 

…………………………………………………………………………………………………..


Immram,  
Áras Éanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe
7 – 30 Meitheamh 2013

Immram Cyril O'FlatherySaothar nua ón ealaíontóir Cyril Ó Flaithearta a rugadh in Inis Mór. Tá Immran bunaithe ar thraidisiún ársa na scéalaíochta a bhaineann le turais fionnachtana mhanaigh Éireannacha na Luathchríostaíochta. Tagann an focal Immram ón bhfocal Gaeilge turas, aistear nó iomramh. Fuair Cyril inspioráid an tsaothair ealaíne seo as cuairteanna go leor ar oileáin  Inis Gé amach ó chósta Mhaigh Eo.

……………………………………………………………………………………..

 

 

Point of no return, The Butler Gallery, Kilkenny Castle, Cill Chainnigh
15 Meitheamh – 28 Iúil 2013

Magnhild-Opdol-217x350Saothar nua ón ealaíontóir Ioruach Magnhild Opdøl. Miníonn an t-ealaíontóir gurb é atá i gceist leis an teideal point of no return ná an pointe i scéal nuair atá an plota forbartha agus níl aon dul siar ar na heachtraí atá le theacht. Tá tagairt spraíúil á dhéanamh sa soathar seo do scannáin agus cláir teilifíse aitheanta, ina measc Bambi, Pinocchio agus Twin Peaks.


…………………………………………………………………………………………………..

Numberless Dreams, Hamilton Gallery, Sligeach
13th Meitheamh – 31 Lúnasa

Song to Milton 2. Helen O TooleSeo taispeántas ealaíne atá bunaithe ar fhilíocht W.B Yeats. Tá saothar ann le healaíontóirí as Éirinn agus Meirceá, ina measc Nuala Clarke, Steven Corsano, Shawn Dulaney, Crystal Gandrud, Helen O’Leary and Helen O’Toole.

…………………………………………………………………………………………………..

Jack B Yeats – Enter the Clowns; The Circus as a Metaphor
The Model, Sligeach
25 Bealtaine – 1 Meán Fómhair 2013

They-come-they-come.-resized-jpg-576x383Tá an meafar den sorcas le feceáil go minic i saothar Jack B Yeats. Sa taispeántas seo déantar scrúdú ar an gcaoi a d’úsáid Yeats an meafar seo le léiriú a dhéanamh ar théamaí cosúil leis an meabhairghalar, an t-uaigneas, an brón agus an ciníochas. Seo deis le réimse leathan saothar le Yeats a fheiceáil, chomh maith le saothair nach mbíonn ar taispeáint ach go hannamh.

…………………………………………………………………………………………………..

Optimism, Ormston House, Sráid Phádraig, Cathair Luimnigh
24th Bealtaine – 22 Meitheamh | Seoladh: 23 Bealtaine 6pm

Tadhg ó CuirrínSaothar nua leis an ealaíontóir Tadhg ó Cuirrín, ina bpléitear na dainséir agus na deiseanna a tháinig le hAois na Fáisnéise agus an t-eolas digiteach atá ar fáil ar chuile thaobh.

 
…………………………………………………………………………………………………..

Examining Aesthetics, Rua Red, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
25 Bealtaine – 13 Iúil  2013

David ZsuaderTaispeántas ina ndéantar scrúdú ar an gcaoi is féidir eolas digiteach a chur i láthair i mbealaí eile, agus ar an tionchar ealaíne atá ag na teangacha ríomhchlárúcháin. Ealaíontóirí: Casey Reas, Marius Watz, FIELD, agus Pixel Noizz – David Zsauder, Féach www.ruared.ie

……………………………………………………………………………………..

 

 AmbivalenceCross Gallery, Sráid PhroinséisBaile Átha Cliath 8
23 Bealtaine – 22 Meitheamh 2013

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Clea van der Grijn.Clea Van Der Grijn

……………………………………………………………………………………..

Prelude Speaker: Contemporary Castletown, Castletown House, Co. Chill Dara 29 Aibreán – 30 Meitheamh 2013Prelude_540
Seo grúpthaispeántas d’ealaín chomhaimseartha agus ábhar stairiúil atá eagraithe ag Crawford Art Gallery, i gcomhair le Oifig na nOibreacha Poiblí. I measc na n-ealaíontóirí atá páirteach sa taispeántas tá: Sarah Browne, Gerard Byrne, Felicity Clear, Maud Cotter, Michelle Deignan, Blaise Drummond, Domestic Godless, Simon English, Mary Fitzgerald, Patrick Jolley, Rebecca Trost & Inger Lise Hansen, Marianne Keating, Eoin McHugh, Paul Nugent, Colin O’Connor, Jennifer Trouton and Daphne Wright .…………………………………………………………………………………………………..
Garden, Project Arts Centre, Baile Átha Cliath
25 Aibreán – 22 Meitheamh 2013
Saothar nua ó Niamh O’Malley, fís agus péintéireacht ar ghloine. Sa taispeántas seo feictear iomhánna de gháirdín tré scáthán, na híomhánna ag athrú le gluaiseacht an scátháin

.1dc42_apr17_projectarts_img…………………………………………………………………………………………………..

Lost Boys: The Territories Of Youth, Glucksman Gallery, Co Chorcaí

29 Márta – 7 Iúil 2013

Lost Boys: The Territories of YouthTaispeántas ina léirítear saol agus meoin fir óga agus déagóirí, agus iad i ngleic le dífhostaíocht agus imirce. Ealaíontóirí : Eleanor Antin, Doug Dubois, Douglas Gordon, David Haines, Seamus Harahan, Richard Hughes, Julien Nguyen, Alex Rose, Steven Shearer, Collier Schorr, Gillian Wearing 

…………………………………………………………………………………………….…….

 

 
 
Advertisements