Ar siúl faoi láthair

 

Self-Portrait, CIT Wandesford Quay Gallery, Corcaigh.
Iúil 17 – 27, 2013

Bartosz-Kolata-Anxiety-SelfportraitTaispeántas aonair le Bartosz Kolata,  a bhuaigh an Kinsale Arts Week Manifest, Emerging Artist Award, 2012. Don taispeántas seo rinne sé saothar bunaithe ar bhailliúchán de shean ghrianghrafanna atá aige dá chlann.
www.bartoszkolata.com
ccad.gallery@cit.ie

…………………………………………………………………………………………………..

Analysing Cubism, Crawford Art Gallery, Plás Emmet, Corcaigh.
Meitheamh 21 – Lúnasa 31, 2013

Analysing_Cubism_540Súil siar ar thionchar an stíl ciúbachais in Éirinn. Taispeántas é seo de shaothar ealaíontóirí Éireannacha a chuaigh thar lear chun staidéar a dhéanamh ar stíleanna réabhlóideacha ealaíon a bhí i réim san Eoraip ag an am. Tuile eolais anseo.


…………………………………………………………………………………………………..

DIY, Absolute Festival Gallery, Gaillimh.
Iúil 15 – 28, 2013

Saothar le Richard Gilligan. Grianghrafadóireacht dírithe ar fhochultúr na clárscátála, agus na spásanna tréigthe ina gcleachtaítear an spórt seo. Tuile eolais anseo.

 m-F.D.R-PHILADELPHIA…………………………………………………………………………………………………..

Howard Hodgkin, Absolute Festival Gallery, Gaillimh.
Iúil 15 – 28, 2013

Mór-thaispeántas le Howard Hodgkin,ar siúl mar chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana. Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Hodgkin mar phéintéir. Súil siar atá ann ar an réimse mór priontaí atá déanta ag an ealaíontóir seo thar thréimhse 40 bliain. Tuile eolais anseo.

m-Visual arts Howard Hodgkins

…………………………………………………………………………………………………..

The People of the Sea Absolute Festival Gallery, Gaillimh.
Iúil 15 – 28, 2013

m-The people of the sea 1Ealaín suiteála le Róisín Coyle. Fís agus ceol bunaithe ar shean scéalta farraige ó iarrthar na hÉireann. Ceol le Mike Small.  Tuile eolais anseo.


………………………………………………………………………………………………….

Brian Kenny, 126 Gallery, Gaillimh.
Iúil 15 – 28, 2013

Sa saothar seo le Brian Kenny, úsáistear léarscáiliú teilgin le ath-chóireamh a dhéanamh ar  structúir ailtireachta. Is chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe an taispeántas seo i mbliana.

m-Brian Kenny

………………………………………………………………………………………………….


Derrick Hawker
, Músaem Cathrach na Gaillimhe, Gaillimh.

Iúil 16 – 27, 2013

derrick hawkerSaothar nua leis an ealaíontóir Derrick Hawker, 12 pictiúir déanta thar thréimhse 12 bliain, ag ceiliúradh pobal agus tírdhreach Cheantar na n-Oileán i gConamara.Tuile eolais anseo


………………………………………………………………………………………………….

Shrunken Head, Niland Gallery, Gaillimh.
Iúil 13 – 27, 2013

Tim o Neil, They are the perfect familyGrúpthaispeántas le Paddy D’Arcy, Gerry Davis, Tim O’Neil and Matthew Quain. Saothar ina scrúdaítear céard as a n-eascaíonn ár léargas ar an saol, léargas an duine aonair agus léargas an tsochaí.

www.facebook.com/shrunkenheadexhibition 

…………………………………………………………………………………………………..

Outside:Insight, Brigit’s Garden, Ros Cathail, Co na Gaillimhe.
7 Iúil – 29 Lúnasa 2013

Grúpthaispeántas amuigh faoin aer, curtha i láthair ag Brigit’s Gardens agus Ionad Ealaíne na Gaillimhe. Roghnaíodh ealaíontóirí ar fud na tíre chun ealaín suiteála a dhéanamh don Gháirdín. I measc na n-ealaíontóirí i mbliana tá Ian Nolan, Jodi Coyne agus Anu Halonen. http://www.brigitsgarden.ie

Outside Insight (5)

…………………………………………………………………………………………………..

TaispeántasÁras Inis Gluaire, Co Mhaigh Eo.
12 Iúil – 6 Lúnasa 2013

Pamela De BhríSaothar leis an ealaíontóir Pamela de Bhrí, bunaithe ar thaighde a rinne sí ar an méid atá fágtha anois de Mhór-Iarannród Iarthar agus Lár na tíre. Tá an taispeántas seo á sheoladh mar chuid de Fhéile Iorrais na bliana seo. Tuile eolais anseo.

…………………………………………………………………………………………………..

Wise Ways, Áras Éanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe.
7 Iúil – 30 Lúnasa 2013

117_120Taispeántas i gcré. Is iad daoine breacaosta ón bpobal agus scoláirí as an Idirbhliain i gColáiste Ghobnait bhí páirteach i  Wiseways Inis Oírr. Bhí na healaíontóirí Terry O’Farrell agus Nicola Henley ag cuidiú leo agus iad ag obair ar scéalta béil agus ar chré le taispeántas ar leith a chruthú a léirigh eolas comhpháirteach ón am atá imithe.

………………………………………………………………………………………………….

Tomorrow’s Almost Over, Void, Cathair Dhoire.
13 Iúil – 23 Lúnasa 2013

Grúpthaispeántas le béim ar shaothar ealaíontóirí atá bunaithe i gcathair Dhoire. Ealaíontóirí: Paola Bernardelli, Damien Duffy, Conor Mc Feely, Locky Morris, Blaine O’ Donnell,  Pascale Steven, Susanne Stich, Mhairi Sutherland.
Coimeádaí: Greg McCartney. www.derryvoid.comtomorrowsalmostover-1-w390h390

…………………………………………………………………………………………………

Journey, Millennium Court Arts Centre, Port an Dúnáin, Co Ard Mhaca.
Iúil 5 – 27, 2013

journeyGrúpthaispeántas ag léiriú téamaí aistir agus taistil. Saothar le Joanna Breen, Paul King, Julie McGowan, Michelle McKeown, Kathryn Nelson agus Sandra Turley, ealaíontóirí ón North Armagh Artists Collective.

…………………………………………………………………………………………………

Lee Welch: Two exercises in awareness and observation
Sean Lynch: A blow-by-blow account of stone carving in Oxford
Hugh Lane Gallery, Cearnóg Parnell Thuaidh, BÁC 1.
10 Iúil – 29 Meán Fómhair

Cuid den togra leanúnach Sleepwalkers. D’eascraigh na taispeáintais seo le Lee Welch agus Seán Lynch as tréimhse ama a chaith siad (in éindí le cearthar ealaíontóirí eile) ag úsáid an ghailearaí mar stiúideó poiblí chun taighde a dhéanamh.

IMG_0083

…………………………………………………………………………………………………..

Secrets on the Way, Cross Gallery, Sráid PhroinséisBaile Átha Cliath 8.
23 Iúil – 3 Lúnasa 2013

Mary Rose BinchyTaispeántas aonair leis an ealaíontóir Mary Rose Binchy, saothar ag ceiliúradh an rud atá feicthe agus nach bhfuil ligthe i ndearmad.

…………………………………………………………………………………………………..

Experiments in Photography, Stoney Road Press, BÁC 13.
Iúil 1 – 31, 2013

Amelia Stein, Dorothy Cross agus Sara Lee. Saothar grianghrafadóireachta agus meán meascaithe ón triúir ealaíontóir seo.

Amelia Stein_Loss and Memory V, 2010

…………………………………………………………………………………………………..

The Touring TamaCearnóg Mhuirfean, BÁC
11 – 18 Iúil 2013.

TheTouringTamaatMerrionSquareParkAthsheoladh de phíosa ealaín suiteála é seo a milleadh tré loitiméaracht go luath théis é a bheith curtha ar taispeáint i g Cearnóg Muirfean. Saothar le Miriam Mc Connon, déanta as naipcíní póca agus lása a bailíodh in Éirinn agus sa gCipir. Eagraíodh an taispeántas seo le comóradh a dhéanamh ar Uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

.…………………………………………………………………………………………………..

 

He, The Lab, Sráid Uí Fhoghlú, BÁC.
11 Meitheamh – 20 Iúil, 2013

5914_466744740073240_1892276058_nTaispeántas aonair le Alan-James Burns, saothar ina n-úsáidtear fís agus fuaim le scrúdú a dhéanamh ar na próiséis meabhrach a bhíonn ag  daoine agus iad ag iarraidh a chéile a thuiscint.

 

…………………………………………………………………………………………………..

 

Ocular Reverberations, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
7 Meitheamh – 31 Lúnasa 2013

aisling conroy 210x186Ealaín teibí ón ealaíontóir Aisling Conway, saothar ina bhfuil béim ar leith ar dhathanna geala agus dorcha, spásanna dearfacha agus diúltacha. Sa saothar seo tá tionchair éagsúla le feiceáil, ó ailtireacht, séadchomharthaí agus ealaín naofa.

 

 

……………………………………………………………………………………..

 Point of no return, The Butler Gallery, Kilkenny Castle, Cill Chainnigh.
15 Meitheamh – 28 Iúil 2013

Magnhild-Opdol-217x350Saothar nua ón ealaíontóir Ioruach Magnhild Opdøl. Miníonn an t-ealaíontóir gurb é atá i gceist leis an teideal point of no return ná an pointe i scéal nuair atá an plota forbartha agus níl aon dul siar ar na heachtraí atá le theacht. Tá tagairt spraíúil á dhéanamh sa soathar seo do scannáin agus cláir teilifíse aitheanta, ina measc Bambi, Pinocchio agus Twin Peaks.


…………………………………………………………………………………………………..

Numberless Dreams, Hamilton Gallery, Sligeach
13th Meitheamh – 31 Lúnasa

Song to Milton 2. Helen O TooleSeo taispeántas ealaíne atá bunaithe ar fhilíocht W.B Yeats. Tá saothar ann le healaíontóirí as Éirinn agus Meirceá, ina measc Nuala Clarke, Steven Corsano, Shawn Dulaney, Crystal Gandrud, Helen O’Leary and Helen O’Toole.

…………………………………………………………………………………………………..

Jack B Yeats – Enter the Clowns; The Circus as a Metaphor,
The Model, Sligeach.
25 Bealtaine – 1 Meán Fómhair 2013

They-come-they-come.-resized-jpg-576x383Tá an meafar den sorcas le feceáil go minic i saothar Jack B Yeats. Sa taispeántas seo déantar scrúdú ar an gcaoi a d’úsáid Yeats an meafar seo le léiriú a dhéanamh ar théamaí cosúil leis an meabhairghalar, an t-uaigneas, an brón agus an ciníochas. Seo deis le réimse leathan saothar le Yeats a fheiceáil, chomh maith le saothair nach mbíonn ar taispeáint ach go hannamh.

 
 

 

 

 
 
Advertisements