Ar siúl faoi láthair

Ennistymon; Place and Space, Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir
02 – 29  Bealtaine 2014

Taispeántas leis an ealaíontóir Tracy Fitzgerald. Péintéireacht atá bunaithe ar thaighde a rinne an t-ealaíontóir in Inis Díomáin: comhrá leis an bpobal, iomhánna ón idirlíon agus cuairteanna chuig ghnáthradharcanna agus spásanna ar an mbaile. http://thecourthousegallery.com/category/current-exhibitions/
Garage-Fitzgerald-1014-oil-on-board-21-x-21cm

………………………………………………………………………………

Rianú/Palimpsest, An Gailearaí, Na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall
24 Bealtaine – 04 Meitheamh 2014

Taispeántas a thaisteal go Gaoth Dobhair as an tSeoirsia, áit a raibh sé le feiceáil mar chuid de ARTISTERIUM VI. Saothar comhoibreach le hochtar ealaíontóirí Éireannacha: Brian Fay, Mary A.Fitzgerald, Claire Halpin, Colin Martin, Eoin Mac Lochlainn, Aoife McGarrigle, Kate Murphy and Nuala Ní Fhlathúin.  Grianghrafadóireacht, Priontaí, péinteáil  agus líníocht.

http://www.angailearai.com/

palimpsest-image-8

 

…………………………………………………………………………………………………..


Idir Dhá Aigne, 
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
01 Bealtaine – 12 Meitheamh 2014

Saothar le Michael Doherty agus John Stewart, bunaithe ar cheantair éagsúla Béal Feirste. Le bliain anuas, agus iad ag obair go neamhspleách ar a chéile, tá gach ealaíontóir acu ag díriú aird ar a cheantar féin den chathair agus ar cheantar a chéile chomh maith. Ar a bharr sin, bhí siad ag obair i gcomhpháirt le daltaí Choláiste Feirste agus daltaí Ashfield Girls High School chun súile na ndaltaí a dhíriú ar an phobal agus ar an oidhreacht thart timpeall orthu.

De thoradh na hoibre seo, tá 44 píosa ealaíne againn a thugann saibhreas oirthear agus iarthar na cathrach chun solais agus a thugann cuireadh dúinne uilig seasamh sa spás chruthaitheach seo Idir Dhá Aigne chun súil a chaitheamh as an nua ar ár n-oidhreacht chomhchoiteann.

wis34g5x_medium

 ………………………………………………………………………………………………….

Taispeántas, Norman Villa Gallery, Bóthar na Trá, Gaillimh.
15 – 31 Bealtaine 2014

Saothar péintéireachta leis an ealaíontóir Laura Vecci Ford. R-phost: info@normanvillagallery.com, T: 353 91 521131

10268606_289251017919038_2734761734687539824_n

 

…………………………………………………………………………………………………..

THE BURREN COLLEGE OF ART@126: MFA GRADUATES EXHIBITION

Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh.
16 Bealtaine –  01 Meitheamh 2014
Taispeántas beirte le Collette Egan and Mollie Douthit, céimithe ón Burren College of Art MFA  2014. Líníocht triallach (ag úsáid ábhair sealadacha agus iomhánna chartlainne), agus péintéireacht a eascraíonn ón thraidisiúin ábhar neamhbheo. http://www.126.ie/

flyer web

…………………………………………………………………………………………………..

The Artist’s Eye, Hunt Museum, Luimneach.
19 Bealtaine – 10 Lúnasa 2014

Ealaín roghnaithe ó bhailiúchán ealaín Éireannach de chuid Banc AIB. Coimeádaí Donald Teskey. http://www.huntmuseum.com  

Sean-Scully-Wall-of-Light-Summer-good-image

       

               …………………………………………………………………………………………………..

EVA International: AGITATIONISM, Ionaid Eagsúla, Cathair Luimnigh
12 Aibreán – 06 Iúil 2014

Féile amharcealaíona indirnáisiúnta a bhíonn ar siúl chuile dara bliain i Luimneach. Is AGITATIONISM an teideal atá air i mbliana agus tá réimse mór taispeántais agus imeachtaí ar siúl ar fud Cathair Luimnigh. Féach www.eva.ie chun eolas cuimsitheach a fháil. Coimeádaí: Bassam El Baroni Ealaíontóirí: Bisan Abu-Eisheh, Doa Aly, Kjersti Andvig, Martí Anson, Amanda Beech, Ann Böttcher, Jenny Brady, Benjamin de Búrca & Barbara Wagner, +billion- (James Merrigan), Luis Camnitzer, Chimurenga, Jacqueline Doyen, Tom Flanagan & Megs Morley, Zachary Formwalt, GRRRR (Ingo Giezendanner), Nilbar Güres, Iswanto Hartono & Raqs Media Collective, Rana Hamadeh, Siobhán Hapaska, Nicoline van Harskamp, Cécile Hartmann, Malak Helmy, David Horvitz, Luis Jacob, Jeffrey Charles Henry Peacock, Ramon Kassam, Patrick Jolley, Hassan Khan, Per–Oskar Leu, Alon Levin, Sofie Loscher, Mona Marzouk, Pauline M’barek, Asier Mendizabal, Metahaven, Nástio Mosquito, Catalina Niculescu, Seamus Nolan, Mark O’Kelly, Uriel Orlow, Neša Paripovic, Michael Patterson-Carver, Garrett Phelan, Elizabeth Price, Eva Richardson McCrea, Walid Sadek, Miri Segal, Ann-Sofi Sidén, Praneet Soi, Paul Tarpey, Stefanos Tsivopoulos, Humberto Vé lez, Carla Zaccagnini EVA_Freize_Advert_April_2014_1.jpg630x431

…………………………………………………………………………………………………..
Dídean / Home69 Sráid Uí Chonaill, Luimneach
08 – 30 Bealtaine 2014
Saothar leis an ealaíontóir Eoin Mac Lochlainn. Tá an taispeántas seo ag díriú ar dhaoine gan dídean, ach is machnamh atá ann chomh maith ar an nádúr daonna agus ar an dúil atá san duine don dídean nó don sonas. Deireann an t-ealaíontóir “Gach lá bíonn pictiúirí le feiscint ar na meáin cumarsáide, pictiúirí de dhaoine i gcruachás.  Feicimid iad lá amháin agus déanaimid dearmad orthu an lá dár gcionn mar go mbíonn pictiúirí nua dá bhfoilsiú an t-am ar fad.  Tá spéis agamsa sna pictiúirí seo mar go mbíonn scéalta ag bainnt leo a nochtann fírinní dúinn faoin gcomhluadar as ar fáisceadh iad.  Úsáidim na seo pictiúirí mar foinsí don ealaín.  Má phiocaim grianghraf beag agus péintearacht mór a chruthú as, bím ag iarraidh a léiriú go bhfuil tábhacht ag bainnt le scéal an duine seo”.
two-choices
 
 
 
 

 …………………………………………………………………………………………………..

Exploring Spaces, Braid Arts Centre and Mid-Antrim Museum
An Baile Meánach, Co Aontroime.
22 Márta – 31 Bealtaine 2014
Taispeántas ina dtugtar spreagadh don lucht féachana breathnú as an nua ar an timpeallacht thógtha atá thart orthu. Ealaíontóirí: Adrian O’Connell, Martina Galvin, Eamon O’Kane, Fiona Mulholland, Jennifer Trouton, Nuala Ní Fhlathúin, Brian Cregan, Betty Gannon, Jill McKeown, Julie Merriman, Anne O’Byrne agus Ian Wieczorek.
Coimeádaí: Marianne O’Kane Baol.
Exploring-Spaces
…………………………………………………………………………………………………..
Reframing the Domestic in Irish Art Highlanes Gallery, Droichead Átha, Co. Lú
29 Aibreán – 29 Lúnasa 2014
0faf131c-bc62-4ecd-a6d5-5eb00a49db99Seo grúpthaispeántas a bhfuil saol an teaghlaigh mar théama aige. Tugtar le chéile réimse mór ealaín comhaimseartha chun scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a léirítear coimpléascacht an gnáthshaol sa mbaile. Ealaíontóirí: Lucy Andrews; Aideen Barry; Diana Copperwhite; Maud Cotter; Dorothy Cross; Gerard Dillon; Laura Fitzgerald; Jessica Foley; Fr Jack Hanlon; Siobhan Hapaska; Anthony Haughey; Brian Hegarty; Grace Henry; Patrick Jolley, Rebecca Trost, Inger Lise Hansen; Mary A. Kelly; John Kindness; Danny Lartigue; Vanessa Donoso Lopez; Maggie Madden; Alice Maher; Locky Morris; Janet Mullarney; William Mulready; Sinead McCann; William McKeown; Isabel Nolan; Abigail O’Brien; Margaret O’Brien; Bea Orpen; William Orpen; Kathy Prendergast; Hilda Roberts; Declan Rooney; Mary Swanzy; Jennifer Trouton. http://www.highlanes.ie/  

…………………………………………………………………………………………………..

The now of perception and the then of fulfilment 
Metamorphology – 
possibilities of change/changing possibilities
Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
08 Bealtaine – 02 Meitheamh 2014

Tá dhá thaispeántas ar siúl in Custom House Studios faoi láthair; The now of perception and the then of fulfilmentpéintéireacht le Cora Murphy a d’eascraigh as tréimhse cónaithe a rinne sí ansin i 2011, agus saothar nua ó  Cormac O’Neill, Metamorphology, ina mbaintear úsáid as marcanna teibí, téics agus iomhánna dhigiteacha.  http://www.customhousestudios.ie/

2 Thadeus Kantor  cormac o neill1 Out of the Marvelous - Staring at Lakes - Oil on Canvas - 120cm x 100cm Cora Murphy 2013

…………………………………………………………………………………………………..

Things Go Dark, The Model, Sligeach.
30 Aibreán – 29 Meitheamh 2014

s
Saothair ó naoi n-ealaíontóir Éireannacha. Seo taispeántas ina léirítear téamaí áilleacht, úfáis agus teannas dubh ghrinn. ………………………………………………………………………………………..
 
184 Annual Exhibition, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.
27 Bealtaine – 09 Lúnasa, 2014
Taispeántas bliantúil an RHA, le réimse leathan saothar ealaíon a bhí roghnaithe i bpróiséis roghnaithe oscailte. Is  taispeántas suntasach é seo i saol ealaíne na hÉireann, agus seo é an184ú blian a bhfuil sé ar siúl. Péintéireacht, dealbhadóireacht, grianghrafanna, priontaí agus líníocht. 
Martin-Gale-Villager-1-B-700x390
 …………………………………………………………………………………………………..

Aeriform
, Art at the Ivy House, 114 Bóthar Dhroin Chonrach Uachtarach, BÁC 9.
12 Bealtaine – 10 Lúnasa 2014
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Kate-Bowe O’Brien. Saothar grianghrafadóireachta déanta tré solas a scaladh thríd múnlaí gloine lámh-dhéanta.
5
 …………………………………………………………………………………………………..

CloyThe Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
05 – 27 Meitheamh 2014

Taispeántas dealbhadóireachta leis an ealaíontóir Sinead Onora Kennedy. Bronnadh an gradaim “Talbot Gallery & Studio’s Most Promising Graduate Award” ar Shinéad i 2013, agus eascraíonn an saothar seo ó thréimhse cónaithe le Talbot Gallery. www.talbotgallery.com/

full_3-1

……………………………………………………………………………………..

Beauty is the First Test, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
16 Bealtaine – 19 Iúil 2014
Tá coincheapa matamaitice mar bhunús ag go leor de na scileanna a bhaineann le saothair ceardaíochta. Seo taispeántas de shaothair comhaimseartha ina léirítear an dlúcheangail seo idir matamaitic agus ealaín. Coimeádaí Liz Cooper. http://www.nationalcraftgallery.ie
unnamed …………………………………………………………………………………………………..

“Essence and Existence”, “The Time Travellers” agus”Meat Option”
Luan Gallery, Ath Luain, Co na hIarmhí
12 Bealtaine – 29 Meitheamh 2014

Tá trí thaispeántas ar siúl sa Luan Gallery faoi láthair, saothair le Catherina Hearne as Corcaigh, Seán Guinan as Baile Átha Luain agus Naomi Vona ón Iodáil. Péintéireacht ill-dhathach de phátrúin chasta (Catherina Hearne), saothair le sean chártaí poist (Naomi Vona) agus ath-dhéanamh ar anord an stiúideó ealaíne (Seán Guinan).
luan 

…………………………………………………………………………………………………..

Castles In The Air, Mill Theatre GalleryDundrum Town Centre,  BÁC 16,
22 Feabhra – 18 Aibreán 2014

Taispeántas péintéireachta le Debbie Jenkinson, pictiúirí a déanadh mar dhearadh do shraith síscéalta clasaiceacha, The Emperor’s New Clothes agus Pinocchio ina measc.

www.milltheatre.ie 10337757_659164424121132_4756420360861409686_n   …………………………………………………………………………………………………..
My Mother’s Home, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
02 Bealtaine – 05 Iúil 2014
Líníocht ón ealaíontóir Éireannach Margo Banks, saothair a thógann inspioráid ó scéalta a d’inis a máthair di faoina hóige féin i gCiarraí. I dteideal an taispeántais déantar tagairt do phíosa talamh i dTír Ó mBaoill i gCo Ciarraí, áit a raibh teach a seanthuismitheoirí suite. http://www.draiocht.ie/
margohares
…………………………………………………………………………………………………..
 

Fat, Its Delicious, National Science Gallery, Coláiste na Tríonóide, BÁC 2
16 Bealtaine – 29 Iúil 2014

Foghlaim tuile faoi Saill! Sraith léachtanna, ceardlanna agus taispeántais spraoiúil idirghníomhacha. https://dublin.sciencegallery.com/
fat_0 …………………………………………………………………………………………………..
Haunted, Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
11 Aibreán – 31 Bealtaine 2014
Taispeántas leis an ealaíontóir Kelly Richardson, curtha i láthair ag an Millennium Courts Arts Centre, VOID agus an irisleabhar Abridged. Seo saothar a eascraíonn as fís apacailipteach, saothar ina ndéantar cur síos ar thodhchaí coimhthíoch, agus tírdhreacha aduain. Coimeádaí: Gregory McCarthney http://millenniumcourt.org/
Erudition_install_MEDIUM
   ………………………………………………………………………………………………….. 
Weaving the skyThe Dock, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
11 Aibreán – 07 Meitheamh 2014

ThedockFalkowskawebsiteSúil siar ar shaothair Barbara Falkowska, ealaíontóir ón Pholainn a bhfuil cáil uirthi mar dhuine de na healaíontóirí téicstíle is oilte lena linn. Tá saothar léithi i mbailliúcháin ar fuaid an domhain agus bhí taispeántais aici le MOMA i Nua-Eabharc, i Londain, Vársá agus Stóchólm. http://www.thedock.ie/

 
 

 

 
Advertisements