Ar siúl faoi láthair

FICTITIOUS REALITIES, Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir
11 Iúil – 11 Lúnasa 2014
Grúpthaispeántas le cúigear ealaíontóir – Carolyn Wall, Diane Reid, Sinead O’Connell, Emma Donaldson agus Betty Gannon. Is iad saolta bréaga atá mar théama ag an taispeántas seo, le béim curtha ar chuimhne, scéalaíocht agus ar himeacht ama. Saothair i gcré, líníocht agus dealbhadóireacht meán measctha.
http://thecourthousegallery.com/category/current-exhibitions/

photo-3

………………………………………………………………………………
Far and Wide / Traveling, Drawing
The Dock, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
07 Meitheamh 2014 – 10 Lúnasa
Tá dhá thaispeántas ar siúl sa Dock faoi láthair: “Travelling, Drawing” le John Brady, sraith líníochta a rinne sé i 22 sceitleabhair agus é ag taisteal an domhan. Agus “Far and Wide”, dealbhadóireacht le Maggie Madden, ina n-úsáidtear réimse leathan ábhair le cruthanna geoiméadrach a dhéanamh. http://www.thedock.ie/

………………………………………………………………………………

The Golden Age, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
07 – 27 Iúil 2014
Taispeántas leis an ealaíontóir  Daniel GreaneySaothar comhaimseartha ina ndéantar athrais ar stíleanna ealaíon ón 17ú agus 18ú céad – ré órga na péintéireachta san Ollain. http://www.customhousestudios.ie/

10528097_10152616369218708_159453288_n

…………………………………………………………………………………………………..

Susan Hiller, The Model, Sligeach.
12 Iúil – 21 Meán Fómhair 2014
Taispeántas aonair le Susan Hiller ina léirítear téamaí cuimhne, caillteanas agus an aigne fho-chomhfhiosach. Sa saothar seo tógtar ionspioráid ó chártaí poist, páipéir nuachta, logainmeacha agus scríbhneoireacht uathoibríoch.

susan-hiller1
…………………………………………………………………………..
 

Patrick Scott, An Gailearaí, Na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall
11 – 26 Iúil 2014
Beidh saothar péintéireachta leis an ealaíontóir Patrick Scott le feiceáil sa nGailearaí mar chuid de Fhéile Ealaíne an Earagail. Féach http://www.eaf.ie/ i gcóir cur síos ar himeachtaí na féile.

ps9

…………………………………………………………………………………………………..

Coagulum, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
19 Meitheamh – 24 Iúil 2014
Taispeántas leis an ealaíontóir James Fennell. Seo saothair neamhghnácha a thugann comhfhreagairt chorpartha orthu féin nuair a dhéantar iad a chónascadh le gníomhartha fisiceacha agus taifeadta. Deir sé: Ní i gcónaí a bhíonn rudaí mar a chítear duit iad ach is féidir go mbíonn siad mar a shíleann tú iad a bheith.’


unnamed

 ………………………………………………………………………………………………….

Nature Boy
, Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
04 Iúil – 30 Lunasa 2014
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Peter Finnemore. Grianghrafadóireacht agus fís ina n-úsáidtear an gháirdín mar siombal fileata  – mar pháráis, reilig, gnáthóg agus spás marachtáil.  http://millenniumcourt.org/

Signalman small
 ………………………………………………………………………………………………….. 

If and Then… (again), Galway Arts Centre, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe.
14 – 27 Iúil 2014
Taispeántas meán-measctha le Liam O’Callaghan, atá ar siúil mar chuid d’Fhéile Ealaíne Gaillimhe i mbliana. Seo saothar spraíúil, seiftiúil ach tá téamaí níos dorcha léirithe san ealaín chomh maith: coimhlint an duine in aghaidh sochaí a bhfuil rialaithe ag aonchinneálachas agus foirfeachtachas.

…………………………………………………………………………………………………..


Ceann sa Ló,
Leabharlann na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe
03 Iúil – 03 Meán Fómhair 2014
Taispeántas péintéireachta nua ón ealaíontór Dan O’Flatharta, saothar a d’eascraigh ó thogra fadtéarmach ina ndéantar pictiúir trialach a phéinteáil chuile lá.

Dan O Flatharta

…………………………………………………………………………………………………..

Píosála agus Cuilteála, Áras Eanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe
29 Meitheamh – 31 Iúil 2014
b_patchworkCuireann grúpa píosála Inis Oírr Mná le Chéile líonra sóisialta ar fáil do bhreis agus cúig bhean déag idir 11 agus 80+. Beidh cuilteanna, bronntanais agus maisiúcháin tí de chuid an ghrúpa seo ar taispeáint agus ar díol. Ag roinnt an taispeántais leo, beidh Cuilteálaithe Chois Fharraige, grúpa a bunaíodh i 2005.
…………………………………………………………………………………………………..

PASSAGE, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
04 Iúil – 29 Lúnasa 2014

 Grúpthaispeántas de shaothair roghnaithe ó bhailiúcháin ealaíne Niland. Saothair le Louis Le Brocquy’s, Dorothy Cross, agus ealaíontóirí mór-le-rá eile ón 20ú chéad.

tumblr_l01pfu4CSo1qa62cwo1_500

…………………………………………………………………………………………………..
The Artist’s Eye, Hunt Museum, Luimneach.
19 Bealtaine – 10 Lúnasa 2014
Ealaín roghnaithe ó bhailiúchán ealaín Éireannach de chuid Banc AIB. Coimeádaí Donald Teskey. Péintéireacht agus dealbhadóireacht le réimse mór ealaíontóirí aitheanta, ina measc Dorothy Cross, John Kindness agus Martin Gale. http://www.huntmuseum.com  
Sean-Scully-Wall-of-Light-Summer-good-image

       

               …………………………………………………………………………………………………..

Expansive Traces, Ormston House, Sráid Phádriag, Luimneach
04 – 26 Iúil 2014
Grúpthaispeántas ina bhfuil béim curtha ar líníocht trialach. Saothair sealdach fuinniúil ina n-úsáidtear réimse leathan ábhair chun marcanna a dhéanamh. Ealaíontóirí: Susan Lynch, Darek Fortas, Laura Kelly Shane Murphy, Emma Roche.

b1900647-b861-4dc3-8ea1-62c3440ba660 
…………………………………………………………………………………………………..

Life is Supported in Mysterious Ways, The Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1. 05 – 19 Iúil 2014
Ealaín suite le Jane O Sullivan. Saothar ina n-úsáidtear cré, líníocht ar éadach, scannáin agus ábhair ón gnáth-shaol. Sa taispeántas seo déantar iarracht spás macnamhach a chruthú tré mheáin na n-ealaíon.


…………………………………………………………………………………….

Dic Tat, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
17 Iúil – 06 Meán Fómhair 2014
vizjulymarierhona2Comhoibriú idir an ealaíontóir Marie Hanlon agus an cumadóir Rhona Clarke. Seo líníocht ina n-úsáidtear rithim rialta méadranóim chun cruth agus structúir a thabhairt don ealaín. 

…………………………………………………………………………………………………..

 
184 Annual Exhibition, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.
27 Bealtaine – 09 Lúnasa, 2014
Taispeántas bliantúil an RHA, le réimse leathan saothar ealaíon a bhí roghnaithe i bpróiséis roghnaithe oscailte. Is  taispeántas suntasach é seo i saol ealaíne na hÉireann, agus seo é an184ú blian a bhfuil sé ar siúl. Péintéireacht, dealbhadóireacht, grianghrafanna, priontaí agus líníocht.
Martin-Gale-Villager-1-B-700x390
…………………………………………………………………………………………………..

Aeriform, Art at the Ivy House, 114 Bóthar Dhroin Chonrach Uachtarach, BÁC 9.
12 Bealtaine – 10 Lúnasa 2014
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Kate-Bowe O’Brien. Saothar grianghrafadóireachta déanta tré solas a scaladh thríd múnlaí gloine lámh-dhéanta.
5

…………………………………………………………………………………………………..
Beauty is the First Test, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
16 Bealtaine – 19 Iúil 2014
Tá coincheapa matamaitice mar bhunús ag go leor de na scileanna a bhaineann le saothair ceardaíochta. Seo taispeántas de shaothair comhaimseartha ina léirítear an dlúcheangail seo idir matamaitic agus ealaín. Coimeádaí Liz Cooper. http://www.nationalcraftgallery.ie
 
  …………………………………………………………………………………………………..

Reframing the Domestic in Irish ArtHighlanes Gallery, Droichead Átha, Co. Lú
29 Aibreán – 29 Lúnasa 2014
0faf131c-bc62-4ecd-a6d5-5eb00a49db99Grúpthaispeántas a bhfuil saol an teaghlaigh mar théama aige. Tugtar le chéile réimse mór ealaín comhaimseartha chun scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a léirítear coimpléascacht an gnáthshaol sa mbaile. Ealaíontóirí: Lucy Andrews; Aideen Barry; Diana Copperwhite; Maud Cotter; Dorothy Cross; Gerard Dillon; Laura Fitzgerald; Jessica Foley; Fr Jack Hanlon; Siobhan Hapaska; Anthony Haughey; Brian Hegarty; Grace Henry; Patrick Jolley, Rebecca Trost, Inger Lise Hansen; Mary A. Kelly; John Kindness; Danny Lartigue; Vanessa Donoso Lopez; Maggie Madden; Alice Maher; Locky Morris; Janet Mullarney; William Mulready; Sinead McCann; William McKeown; Isabel Nolan; Abigail O’Brien; Margaret O’Brien; Bea Orpen; William Orpen; Kathy Prendergast; Hilda Roberts; Declan Rooney; Mary Swanzy; Jennifer Trouton. http://www.highlanes.ie/  

 

 


 
 
Advertisements