Ar siúl faoi láthair

Faoi chló an tsolais / Transfigurations
An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
19 Meán Fómhair – 07 Samhain

Taispeántas beirte leis na healaíontóirí Liz Doyle agus Caitlín Ní Ghallachóir. Saothair péintéireachta ina bhfuil suim curtha in áilleacht agus i dtrasfhoirmiú an tírdhreach.

Ealaíontóir: Liz Doyle

Ealaíontóir: Liz Doyle




………………………………………………………………………

Shore Shots
Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall.
07 – 31 Deireadh Fómhair 2014

Grianghrafadóireacht ag plé le surfáil in Éirinn. Is grúpthaispeántas é seo de shaothair ó 2013/14, le sraith íomhánna ó Christian McLeod chomh maith.

Christian_mcleod_photolyfe_5

iomhá:Christian McLeod


…………………………………………………………………………………………………..

Crossing The Water: Aisling Gheal
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
18 Meán Fómhair – 31 Deireadh Fómhair 2014

Seo sraith péintéireachta a rinne Jeffrey Morgan dá bhean chéile, an scríbhneoir Patricia Craig. Is as Béal Feirste ise agus Deisceart na Breataine Bige é féin; casadh ar a chéile iad ar scoil ealaíne i Londain sna 1960í. Rinneadh an chéad phortráid sna seascaidí in Iarthar Hampstead. Rinneadh tréan eile agus iad ina gcónaí in Blackheath, Deisceart Londain, agus rinneadh an cinn is déanaí ina dteach ársa in Aontroim, i ndiaidh dóibh bogadh ar ais go Tuaisceart Éireann i 1999. Mar sin, is ionann na péintéireachta seo agus cineál turais agus taifead d’áit áirithe i dtréimhse ar leith.

bw17w0zg_medium

 ………………………………………………………………………………………………
 

Intuitive Actions, Common Attributes And Isolated Incidents
Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
12 Meán Fómhair – 25 Deireadh Fómhair 2014

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Peter Richards. Grianghrafadóireacht, taibhléiriú, téacs agus fís ina n-úsáidtear sean-trealamh agus teicnící sean-fhaiseanta. Tá spéis ar leith ag an ealaíontóir sa teoiric a bhaineann le himeacht ama, agus mar a chuirtear fad ama i láthair le saothair ealaíon.  http://millenniumcourt.org/

DSC_0844

 

 ………………………………………………………………………………………………….

Language, Like
The Dock, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
05 Meán Fómhair – 01 Samhain 2014

Taispeántas ina bhfuil scrúdu á dhéanamh ar an teorainn idir an íomhá agus an focal. Saothair ealaíon, scannáin agus dánta le Helen Horgan, The Poetry Project agus Linda Norton. Coimeádaí: Alice Lyons. http://www.thedock.ie/

The Dock

…………………………………………………………………………………………………..

Lough Allua, Ionad Chultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Corcaí
03 Deireadh Fómhair – 03 Samhain 2014.
Péintéireacht leis an ealaíontóir Rosemary Taylor, ag plé leis an tírdhreach ar leith atá le feiceáil thart ar Ghleann na Laoi i gCo Corcaí.

PastedGraphic-1

  …………………………………………………………………………………………………..

Jest, The Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
16 Deireadh Fómhair – 08 Samhain 2014

Taispeántas péintéireachta le Anne Hendrick a thógann inspioráid ó scannáin aitheanta. Seo saothar drámatúil, ildaite, ina mbaintear úsáid as móitífeanna ó chultúir na ndaoine. www.talbotgallery.com/

full_1


…………………………………………………………………………………….

Weather, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
22 Meán Fómhair – 22 Samhain 2014

Taispeántas nua péintéireachta le Bernie Masterson. Sna saothair seo tá an tealaíontóir ag diriú ar an tírdhreach mar shiombal fileata, áit lán le iontas agus uafás.
http://www.draiocht.ie/

 

…………………………………………………………………………………………………..

PARALLEL VISIONS: FROM THE IMMA COLLECTION
Highlanes Gallery, Droichead Átha, Co. Lú
29 Aibreán – 29 Lúnasa 2014

e16f763b85e62bbe7d4c361ecda41428Grúpthaispeántas de shaothair ó bhailiúchán Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Ealaíontóirí: Stephan Balkenhol, Lynda Benglis, Louise Bourgeois, John Burke, Christo, Michael Craig-Martin, Marcel Duchamp, Rebecca Horn, Brian King, Alice Maher, Frank Morris, Vik Muniz, Liam O’Callaghan, Brian O’Doherty, Vivienne Roche, Beverly Semmes, Kiki Smith agus Richard Wentworth. http://www.highlanes.ie/  

 

 
 
 ………………………………………………………………………………


Colour/Light
Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
01 – 26 Deireadh Fómhair 2014
Saothar leis an ealaíontóir John Gibbons, ina dtógtar inspioráid ó thírdhreach agus atmaisféar chósta Mhaigh Eo agus Oileán Acla. Líníocht agus dealbhadóireacht ar bhalla.
http://www.customhousestudios.ie/

John%20Gibbons%20INVITE-1[3]

 …………………………………………………………………………………………………..


Into the Field, The Model, Sligeach.
11 Deireadh Fómhair 2014 – 11 Eanair 2015

Taispeántas ealaíne in a bhfuil béim ar leith ar ealaín le idirghníomhú oscailte idir sholas, fuaim agus dathanna. Ealaíontóirí: Odey Curbelo, Olafur Eliasson, Spencer Finch, Helen McMahon, Tumi Magnusson, William McKeown, Paula Stokes,Norbert Vollath, Jack B Yeats.

model

Back to Kansas, Spencer Finch, 2013

 …………………………………………………………………………………………………..

Resonance, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
8 Lúnasa – 27 Deireadh Fómhair 2014

Saothair triallach i ngloine le beirt ealaíontóir, Karen Donnellan agus Róisín de Buitléar. Sa taispeántas seo úsáidtear cruthanna teibí i ngloine chun fuaim agus ceol a dhéanamh. http://www.nationalcraftgallery.ie

Resonance
 
 …………………………………………………………………………………………………..

Beyond Other Voices
Galway Arts Centre, Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe.
03 – 31 Deireadh Fómhair 2014

An chéad taispeántas aonair leis an ealaíontóir Ciarán Walsh in Éirinn. Sa saothair seo déantar macnamh ar chuimhní pearsanta agus poiblí, ar rudaí mistéireacha, agus ar fhicsean eolaíochta. http://www.galwayartscentre.ie/visual.html

72654

…………………………………………………………………………………………………..

SpeciMEN
Quantum Foam
Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
25 Deireadh Fómhair 2014 – 09 Eanáir 2015

1383834780Dhá thaispeántas ag oscailt i Luan Gallery sula fada: SpeciMEN le Siobhán McGibbon, saothair dealbhadóireachta a d’eascraigh as tréimhse cónaithe in Ospidéal Ollscoile na Gaillime. Agus Quantum Foam le Mel Brimfield, scannáin ina mbaintear úsáid as radharcanna ó sheandrámaí agus saothair amharclanaíochta.


…………………………………………………………………………………………………..

Cultures of Clay, Hunt Museum, Luimneach.
18 Lúnasa – 12 Deireadh Fómhair 2014

clay_1
Ealaín roghnaithe ó chéimithe de chuid Ollscoil Luimnigh. Saothair nua-dhéanta i gcré. Fuiar an taispeántas seo tacaíocht ó Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann. http://www.huntmuseum.com  

       

 
Advertisements