Ar siúl faoi láthair

Territory, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
21 Samhain – 06 Nollaig 2014

Taispeántas aonair leis an bpéintéir aitheanta Martin Gale. Saothair nua in olaphéint agus uiscedhath, ina bhfuil béim ar thírdhreacha imníoch agus daoine aonair, déanta i stíl réalach.
http://www.taylorgalleries.ie/Martin-Gale-Territory

1-Martin-Gale---Guest---2011-12--oil-on-canvas--120-x-120-cm_640

………………………………………………………………………

 The Skies Will Be Friendlier Then, Kerlin Gallery, Lána AnnaBÁC 2
14 Samhain 2014 – 10 Eanair 2015

Saothair nua dealbhadóireachta agus fiodóireachta le Eoin Mc Hugh, ina léirítear spéis i stair na síceolaíochta agus i ndánta Wallace Stevens agus Seamus Heaney.

Eoin_McHugh_5_KG0

 …………………………………………………………………………………………………..

Jest, The Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
16 Deireadh Fómhair – 22 Samhain 2014

Taispeántas péintéireachta le Anne Hendrick a thógann inspioráid ó scannáin aitheanta. Seo saothar drámatúil, ildaite, ina mbaintear úsáid as móitífeanna ó chultúir na ndaoine. www.talbotgallery.com/

 Jest

  …………………………………………………………………………………………………..

Uchronia, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
22 Meán Fómhair – 22 Samhain 2014

Taispeántas nua grianghrafadóireachta le Sinead McDonald. Sraith féinphortráidí atá i gceist leis an saothar seo, roinnt acu déanta i ndáiríre agus roinnt acu iomlán cumtha.
http://www.draiocht.ie/


3





 

 …………………………………………………………………………………………………..


Ag Leathnú
, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí
16 Samhain – 18 Nollag 2014.

Grúpthaispeántas le hEalaíontóirí Mhuscraí. Tá Ealaíontóirí Mhúscraí ‘ag leathnú’ amach i mbliana! Thug gach ealaíontóir sa ghrúpa cuireadh d’ealaíontóir eile a bheith páirteach i dtaispeántas na bliana seo. Fiche ealaíontóir ar fad atá páirteach:

Bernadette Ní Choitir, Helen Ní Chuill, Joe Creedon, Christine Dervin, Pauline Dodds, Meredith Flandreau, Laurence Lee, Lynda Loughnane, Niall Naessens, Lucia Parle, Luc Racine, Robert Rasmussen, Caroline Scally, Cormac Sheil, Máire Ní Shuilleabháin, Tadhg Mac Suibhne, Suzanne O Sullivan, Maura Whelan, Helen Willems Bogels, Jane Winchester.

10696428_694760293952756_7157671821294597403_n

 

………………………………………………………………………


Fresh Visionaries,
Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach
19 Samhain – 06 Nollag 2014

Saothar le gasúir (aois 11 – 14) ó scoil Carmel i Luimneach, agus ealaíontóirí óga eile sa gcathair. D’eascraigh an taispeántas seo ó shraith ceardlanna le gasúir scoile agus an bheirt éascaitheoir Marta Slawinska agus Joan Stac. 

safe_image.php

…………………………………………………………………………………………………..

National Self Portrait Collection, Hunt Museum, Luimneach.
16 Deireadh Fómhair – 31 Nollaig 2014

Taispeántas le roinnt de na féinphortráidí is tabhachtaí ón Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann, Luimneach. http://www.huntmuseum.com  

LILBURN-David-small-30LILBURN-David-small-30LILBURN-David-small-30

………………………………………………………………………

Thoir agus Thiar,
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
27 Samhain – 10 Eanair 2015

Taispeántas amháin roinnte ar dhá ionad ealaíne i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste, le nasc físe idir an dá ghailearaí . Tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag tarraingt ar an tobar teanga agus cultúir atá i nGaeltacht Thír Chonaill le fada an lá, agus b’fhéidir le gairid go bhfuil Gaeltacht uirbeach Bhéal Feirste ag tabhairt misnigh do Thír Chonaill. Beidh an ceangal sin á cheilliúradh sa ngrúpthaispeántas seo, i nDánlann Dillon i mBéal Feirste agus  in An Gailearaí i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill.

Ealaíontóirí:  Brendan O’Sullivan, Bridget Ryan, Caomhán Mac an Iomaire, Catherine McWilliams, Cliodhna Cussen, Gerard Dillon, Eoin Mac Lochlainn, Jennifer Cunningham, Michael Doherty, Rosie McGurran, Seán Ó Flaithearta, Stuart Calvin, Susan Hughes, Úna O’Grady.

unnamed

 ………………………………………………………………………………………………

 

The Everyday Experience
Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall.
11 Samhain – 13 Nollag 2014

Grúpthaispeántas de shaothair ó dhearthóirí, ealaíontóirí, ailtirí agus scannánóirí. San ealaín seo pléitear na gnáthspásanna thart orainn, agus déantar scrúdú ar an éifeacht atá acu ar an duine aonair agus ar an bpobal. Coimeadaí: Nathalie Weadick
Ealaíontóirí :  Milton & Martin, Dominic Stevens, Culturstruction & Renate Henschke, Kevin O’Brien, Urban Agency,  Gregory Dunn, Ciarán O’Gaora, John Gerrard, A2 Architects, agus Gall (Tom de Paor agus Peter Maybury).

TEE-8001


…………………………………………………………………………………………………..

 

The Delmarva Chicken Of Tomorrow
Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
14 Samhain 2014 – 10 Eanair 2015

Gearrscannán osréalach, ildaite leis an ealaíontóir Gearmánach Andrea Luka Zimmerman, ina bpléitear cúrsaí tuarasóireachta, cúrsaí taistil agus an caipitleachas.   http://millenniumcourt.org/

 The+Delmarva+Chicken+copy

 

 

…………………………………………………………………………………………………..

Holes, Highlanes Gallery, Droichead Átha, Co. Lú.
15 Samhain 2014 – 17 Eanair 2015

Taispeántas leis an ealaíontóir Tracy Hanna. Sa saothar seo tá timpeallacht nua á chruthú i spás an ghailearaí le fís teilgthe agus dealbhadóireacht. http://www.highlanes.ie/  

Holes

 ………………………………………………………………………………

Stations Of The Cross, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
13 Samhain – 07 Nollaig 2014
Saothair líníochta agus péintéireachta leis an ealaíontóir iomráiteach Evie Hone.
http://www.customhousestudios.ie/

E Hone Landscape

 …………………………………………………………………………………………………..


Into the Field, The Model, Sligeach.
11 Deireadh Fómhair 2014 – 11 Eanair 2015

Taispeántas ealaíne in a bhfuil béim ar leith ar ealaín le idirghníomhú oscailte idir sholas, fuaim agus dathanna. Ealaíontóirí: Odey Curbelo, Olafur Eliasson, Spencer Finch, Helen McMahon, Tumi Magnusson, William McKeown, Paula Stokes,Norbert Vollath, Jack B Yeats.

model

Back to Kansas, Spencer Finch, 2013

 …………………………………………………………………………………………………..


SECOND SKIN, 
An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
07 Samhain – 25 Eanair 2014

Taispeántas de shaothair nua ó dhearthóirí faisin in Éirinn. Tugadh dúshlán do cheathrar dhearthóir aitheanta (Jennifer Rothwell, Joanne Hynes, NATALIEBCOLEMAN agus Lennon Courtney) éadaí nua a chruthú a bhí deartha agus déanta go hiomlán in Éirinn, ag úsáid bunábhair Eireannach. Coimeadaí: Louise Allen.

http://www.nationalcraftgallery.ie

SS1-690x300

 …………………………………………………………………………………………………..

Vice Versa, Norman Villa Gallery, Bóthar na Trá, Gaillimh.
04 – 20 Nollaig 2014

poster Vice VersaBeidh grúptaispeántas as an ghnáth, VICE VERSA,  ag oscailt sa Norman Villa Gallery i mBóthar na Trá ar an 4ú Nollag ag 6pm. Saothair le na healaíontóirí cumasacha a mbíonn ag léachtóireacht sa gcoláiste ealaíne i nGaillimh. Is iad baill den TRÍ Collective na micléinn gnóthach atá i mbun coimeadú ar an taispeántas seo: Rosie O’ Connell, Lidia Montemurri,Therese Murphy. Péintéireacht agus dealbhadóireacht.

 …………………………………………………………………………………………………..

Tulca Festival of Visual Arts
Galway Arts Centre, Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe.
Gallery 126, Sráid Thobar An Iarla, 
Cathair na Gaillimhe.
Tulca Festival Gallery, Sráid an Mhargaigh, 
Cathair na Gaillimhe
07 – 23 Samhain 2014

Féile amharcealaíne éagsúil, ilghnéitheach, scaipthe thar 6 ionad i nGaillimh.
Tá liosta suntasach ealaíontóirí idirnáisiúnta ar an gclár, in éindí le scata iontach ealaíontóirí as cathair na Gaillimhe: Marielle MacLeman, Laura Angell, Cecilia Danell, Aileen Conroy, BRANCH Collective agus ITSA Collective.
http://www.tulcafestival.com/events/

 

Tulca

…………………………………………………………………………………………………..

SpeciMEN
Quantum Foam
Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
25 Deireadh Fómhair 2014 – 09 Eanáir 2015

1383834780Dhá thaispeántas ag oscailt i Luan Gallery sula fada: SpeciMEN le Siobhán McGibbon, saothair dealbhadóireachta a d’eascraigh as tréimhse cónaithe in Ospidéal Ollscoile na Gaillime. Agus Quantum Foam le Mel Brimfield, scannáin ina mbaintear úsáid as radharcanna ó sheandrámaí agus saothair amharclanaíochta.


 
Advertisements