Ar siúl faoi láthair


Invented Tradition 
Galway Arts Centre, Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe.
16 Eanáir – 07 Feabhra 2015

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Gareth Kennedy. Trí thogra in iomlán atá i gceist, tograí atá déanta aige i bpáirt le grúpaí éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus sa Rúis. Tá spéis ag Kennedy sna sean tradisiúin de rudaí lámhdhéanta, agus sa ról atá ag rudaí lámhdhéanta i saol an phobail.  Dealbhadóireacht, ceardaíocht agus taibhealaín.

garethSML

…………………………………………………………………………………………………..

 

A New Quiet, Royal Hibernian Academy, 15 Plás Íle BÁC 2
16 Eanáir – 22 Feabhra 2015

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir clúiteach Mark Garry. Saothair neamhbhuana lán le háilleacht a tharraigíonn áird ar spás an ghailearaí agus ar imeacht ama. Ealaín Suiteála.

khs6qoCzLLVZiuqcLZsXMNXhHcdyiL8ukRW_ek1Y1lg-700x390

………………………………………………………………………

Winter Show, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
12 Nollaig 2014 – 31 Eanáir 2015

Grúpthaispteántas péintéireachta le liosta fada ealaíontóirí aitheanta páirteach ann. Ar siúl go dti deireadh mi Eanair.

Ealaíontóirí: Colin Harrison, Martin Gale, Seán McSweeney, John Doherty, Patrick Scott, Patricia Burns, Ann Quinn, Helen O’Leary, Charles Tyrrell, James O’Connor, Louise Neiland, Siobhán, McDonald, Janet Mullarney, David Quinn, Regine Bartsch, Mary Lohan, Diana Kingston, Pat Harris, Makiko Nakamura, Denis Farrell, Janet Murran, Kevin Miller, Ruth McDonnell, Maria Simonds-Gooding, Bernadette Kiely, Tony O’Malley, Brian Bourke, Micheal Farrell, Fionnuala D’Arcy, Jane O’Malley, Tim Goulding, Michael Cullen
 1-Jane-O-Malley--Early-Morning-Visit-from-Mr.-Fox...--2012--gouache--acrylic---gesso-on-card--16.5-x-24-cm_670

………………………………………………………………………

TroveÁras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)BÁC 8
3 Nollaig 2014 – 08 Márta 2015

Taispeántas spraoiúil leis an ealaíontóir  Dorothy Cross in IMMA i mBaile Átha Cliath. Is bailiúcháin é seo de chuile short rud ó Mhusaeim na hÉireann: portráid de Roy Keane, ealaín ón gcéad seo caite, cnámha dinasaeir, seandachtaí órga, agus ní fios cad eile san áireamh. Ar siúl go dtí 8ú Márta. http://www.imma.ie/en/page_236814.htm

shark_tooth_and_emmet_pendant_sml

………………………………………………………………………

The Skies Will Be Friendlier Then, Kerlin Gallery, Lána AnnaBÁC 2
14 Samhain 2014 – 24 Eanáir 2015

Saothair nua dealbhadóireachta agus fiodóireachta le Eoin Mc Hugh, ina léirítear spéis i stair na síceolaíochta agus i ndánta Wallace Stevens agus Seamus Heaney. EMCH_TN1

 …………………………………………………………………………………………………..

Navigating the Public SpaceThe Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
01 Eanáir – 31 Bealtaine 2015

Togra taibhealaíne leis an ealaíontóir Leah Smith, an bhean a bhuaigh an Talbot Gallery & Studios Most Promising Graduate Award i 2014.  Beidh sí ag obair le trí mheantóir (Amanda Coogan, Dominic Thorpe agus Ciara McKeon ) chun trí léiriúchán ealaíne a chur i láthair i dtrí áit phoiblí cóngaireach don ghailearaí.  Beidh an chéad léiriúcháin, Anticipation, suite i Stáisiún Uí Chonaighle ar an 20ú Feabhra ag 11am.  www.talbotgallery.com/ 

full_1

  …………………………………………………………………………………………………..

 

Keepers of Silence, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
28 Samhain 2014 – 07 Feabhra 2015

Taispeántas nua péintéireachta le Gerry O’Mahony. Saothair ildhaite atá faoi thionchar pátrúin agus siombail atá le fáil in ealaín ársa. http://www.draiocht.ie/
vizgerryom6

 …………………………………………………………………………………………………..

Lonely Planet, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí. 16 Eanáir – 27 Feabhra 2015

649   Grúpthaispeántas le meascán de shaothair ó ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí aitheanta. Ealaíontóirí: Ester Barrett, Mary Clifford, Frances Crowe, Eileen Ferguson, David Fox, Cathal Gallagher, Jacinta Guinan, Anne Harkin-Petersen, Allyson Keehan, Pauline Keena, Jo Killalea, Frances McGonigle, Noel Molloy, Anne Rigney, Alexey Romanenko, Anna Marie Savage, Leonard Sheil, Lorraine Wall, Chanelle Walshe agus Ian Wieczorek.

 

………………………………………………………………………

Foluain – Séid do Bhrat, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí
14 Eanáir – 02 Márta 2015.

Grúpthaispeántas le Daltaí na hIdir Bhliana, Coláiste GhobnatanTá an taispeántas, ‘Foluain – Séid do Bhrat’ mar “souvenier” de shórt ar eachtraí na hIdir bhliana 2015. Sa thaispeántas déantar cheiliúradh ar thréimhse a chaitheadh ag Ceapach na Laoi, Co. Chiarraí níos luaithe san Idirbhlian. Cuirtear in iúl tré ábhair teicstíl, priontáil, péint agus ábhar thalúnta an eispéireas fuinneamhach nádúrtha a bhí ag na healaíontóirí mar foinse ionspioráide. Tá brat déanta ag gach dalta sa thaispeántas, a léireann aitheantas an duine i bhfoirm amhairc agus scríofa. 

10410469_909916192385931_5465905219153149818_n ……………………………………………………………………… 

THE PARALLAX VIEW, Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach
12 Nollaig 2014 – 31 Eanáir 2015

Saothar leis an ealaíontóir Alan Butler ina bpléitear an aesteitic nua atá ginithe ag an gcultúr dhigiteach.  Tá píosaí ó bhailiúchán ealaíne Ollscoil Luimní sa taispeántas seo, agus iomhánna eile atá déanta ag aip greasáin, údair gan ainm, agus soláthróirí i dtíortha thar lear. parallax ……………………………………………………………………..

Young Adult, Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
23 Eanáir – 28 Feabhra 2015

Grúpthaispeántas ag diriú ar chultúr na n-óg, agus na trioblóidí agus deachtrachtaí ar leith a bhíonn ag daoine óg-fhásta na linne seo.  Coimeádaí:Ben CrothersEalaíontóirí: Ian Charlesworth / Daniel Clowes / Brian Finke / Charles Forsman / Gilbert Hernandez / Dave Kiersh / Tao Lin / Michael Lucid / Mardou / Rebecca McIlwaine / Alasdair McLellan / Ryan Moffett / Erin Patrice O’Brien / Francis Pienaar / Noah Van Sciver / Charlie White http://millenniumcourt.org/

 Charlie+White

 ……………………………………………………………………..

Líne – Turas Débhríoch / Line – An Amiguous Journey, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Seoladh oifigiúil 22 Eanáir 7pm

Grúptaispeántas líníochta ina bhfuil úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua chun athbreathnú a dhéanamh ar an gcleachtas ársa seo. Sna saothair seo tá béim curtha ar úsáid thrialach de ábhair nua. Ealaíontóirí: Craig Donald, Joanne Proctor, Doris Rohr, Anna Marie Savage Coimeadaí: Joanne Proctor, Anna Marie Savage

unnamed 

 ……………………………………………………………………..

Beonasc, An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
27 Samhain – 16 Eanáir 2015

Taispeántas amháin roinnte ar dhá ionad ealaíne i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste, le nasc físe idir an dá ghailearaí . Tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag tarraingt ar an tobar teanga agus cultúir atá i nGaeltacht Thír Chonaill le fada an lá, agus b’fhéidir le gairid go bhfuil Gaeltacht uirbeach Bhéal Feirste ag tabhairt misnigh do Thír Chonaill. Beidh an ceangal sin á cheilliúradh sa ngrúpthaispeántas seo, i nDánlann Dillon i mBéal Feirste agus  in An Gailearaí i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill. Ealaíontóirí:  Brendan O’Sullivan, Bridget Ryan, Caomhán Mac an Iomaire, Catherine McWilliams, Cliodhna Cussen, Gerard Dillon, Eoin Mac Lochlainn, Jennifer Cunningham, Michael Doherty, Rosie McGurran, Seán Ó Flaithearta, Stuart Calvin, Susan Hughes, Úna O’Grady. unnamed

 …………………………………………………………………………………………………..

Gavin Porter, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
22 Eanáir –  15 Feabhra 2015

Saothair eitseála le Gavin Porter, ealaíontóir atá lonaithe i gCo Roscomáin. Tá an ealaín sa taispeántas seo lán le athdhéanamh agus athrá. Is cruthanna teibí iad fhéin agus cé go bhfuil structúir rialta acu tá siad fíor chasta. Tá sé deachair tús ná deireadh na n-íomhánna seo a aimsiú – tá an chuma orthu gur pátrúin shíoraí iad fhéin. http://www.customhousestudios.ie/

 

2 front gavin porter Gavin Porter-Forever Returns-ink on paper, 75cmx55cm-2014 A copy

 

…………………………………………………………………………………………………..

I Believe In You, The Model, Sligeach.
24 Eanáir – 22 Márta 2015

Taispeántas ealaíne le Mark Clare ina bpléitear cúrsaí polaitíochta, cúrsaí timpeallachta agus fadhbanna an duine aonair i saol domhanda an lae inniú. Ealaín suiteála ar mhór-scála. clare exhib

 …………………………………………………………………………………………………..

SECOND SKIN, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
07 Samhain 2014 – 25 Eanáir 2015

Taispeántas de shaothair nua ó dhearthóirí faisin in Éirinn. Tugadh dúshlán do cheathrar dhearthóir aitheanta (Jennifer Rothwell, Joanne Hynes, NATALIEBCOLEMAN agus Lennon Courtney) éadaí nua a chruthú a bhí deartha agus déanta go hiomlán in Éirinn, ag úsáid bunábhair Eireannach. Coimeadaí: Louise Allen. http://www.nationalcraftgallery.ie

SS1-690x300

 

Advertisements