Ar siúl faoi láthair


Wildscreen/Scáilfhiáin, 
Gleann Eidhneach, Cúil na Ceártan, Conamara.
07 – 08 Márta 2015

Dhá lá de scannáin, siúlóidí, comhrá agus cainteanna, ar siúl i gceann de na háiteacha is iargualta agus is áille i gConamara. Labhair muid le Úna Quigley agus Louise Manifold, an bheirt ealaíontóir taobh thiar den togra seo. Léigh an agallamh leo anseo!

Werner Herzog LA SOUFRIÈRE 1977

 

 

 

 

 

 

 

http://www.wildscreenireland.com/about.html 

…………………………………………………………………………………………………..

Amra Cholium Chille, An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
27 Feabhra – 03 Aibreán 2015

Péintéireacht agus scríbhinní atá bunaithe ar dhán darb ainm Amra Cholium Chille. Cumadh Amra Cholium Chille go gairid i ndiaidh bás Cholm Cille i dtrátha na bliana 597. Cuireann an taispeántas seo i láthair aistriúchán nua-aimseartha den dán ársa seo go Gaeilge agus Gaeilge na hAlban. Is é Brian Ferran a pheinteáil an ealaín agus is é Donald Murray a rinne an pheannaireacht. http://www.angailearai.com/

amracholuimchille_lg

 …………………………………………………………………………………………………..

The Last Place, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
22 Eanáir –  15 Feabhra 2015

Saothar ilmheánach le Lorraine Walsh, ealaíontóir atá lonnaithe i gCill Dara. Sa taispeántas seo is tírdhreacha dorcha a chuirtear i láthair – crainnte lomtha taobh leis an mótarbhealach, talamh fiáin ar imeall an bhaile. http://www.customhousestudios.ie/

unnamed

…………………………………………………………………………………………………..

Asylum Archive, Galway Arts Centre, Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe.
13 Feabhra – 20 Márta 2015

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Vukasin Nedeljkovic, atá dírithe ar ionaid tearmainn in Éirinn. Tré agallaimh, grianghrafadóireacht agus an cur i láthair de smionagar ó na hionaid, tugtar léargas dúinn ar instidiúidí neamhphearsanta atá rialaithe ag maorlathas. https://www.galwayartscentre.ie/en

Asylum_Sml

…………………………………………………………………………………………………..

Unfixed Landscape, Burren School of Art, Baile Uí Bheacháin, Co an Chláir.
28 Eanair – 28 Feabhra 2015

Taispeántas ilmheánach le Ruby Wallis. Grianghrafadóireacht agus fís soghontach, meabhrach ag diriú isteach ar phobal as an ghnáth i gCoolorta i gCo an Chláir. Beidh Unfixed Landscape ar siúl go dtí Feabhra 28.  http://www.burrencollege.ie/

10952400_740383236057128_6588990953513521479_n

…………………………………………………………………………………………………..

Vessels: Nature Morte, Royal Hibernian Academy, 15 Plás Íle, BÁC 2.
16 Eanáir – 26 Aibreán 2015

Taispeántas péintéireachta leis an ealaíontóir Nick Miller, pictiúirí de bhláthanna gearrtha a d’eascraigh as seal a chaith sé ag déanamh obair ealaíne in ospís.

Primroses-2014-8sRGB-859x1024

………………………………………………………………………

Patching the Void, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
20 Feabhra – 07 Márta 2015

Líníocht agus péinteáil leis an ealaíontóir Tim Goulding, ó shraith oibre ina dtógtar inspioráid ó shean-éadach, snáth, cáithníní agus féitheacha. Beidh saothair eitseála agus dánta  ar an téama céanna le feiceáil chomh maith.

1-Tim-Goulding--Patching-the-Void-5--2014--monoprint--23-x-23-cm_670

………………………………………………………………………

TroveÁras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)BÁC 8
3 Nollaig 2014 – 08 Márta 2015

Taispeántas spraoiúil leis an ealaíontóir  Dorothy Cross in IMMA i mBaile Átha Cliath. Is bailiúcháin é seo de chuile short rud ó Mhusaeim na hÉireann: portráid de Roy Keane, ealaín ón gcéad seo caite, cnámha dinasaeir, seandachtaí órga, agus ní fios cad eile san áireamh. Ar siúl go dtí 8ú Márta. http://www.imma.ie/en/page_236814.htm

shark_tooth_and_emmet_pendant_sml

………………………………………………………………………

The List, Kerlin Gallery, Lána AnnaBÁC 2
30 Eanáir – 21 Márta 2015

Saothair grianghrafadóireachta le Paul Seawright, Seo pictiúirí a tóigeadh i gceantair bhochta i Meiriceá, bailte díblithe a bhí saibhir tráth, nuair a bhí na fiontair tionsclaíocha i mbarr a réime.

PS180150

…………………………………………………………………………………………………..

Navigating the Public SpaceThe Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
01 Eanáir – 31 Bealtaine 2015

Togra taibhealaíne leis an ealaíontóir Leah Smith, an bhean a bhuaigh an Talbot Gallery & Studios Most Promising Graduate Award i 2014.  Beidh sí ag obair le trí mheantóir (Amanda Coogan, Dominic Thorpe agus Ciara McKeon ) chun trí léiriúchán ealaíne a chur i láthair i dtrí áit phoiblí cóngaireach don ghailearaí.  Beidh an chéad léiriúcháin, Anticipation, suite i Stáisiún Uí Chonaighle ar an 20ú Feabhra ag 11am.  www.talbotgallery.com/

full_1

  …………………………………………………………………………………………………..

Distant Thoughts and Faded Songs,
Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
20 Feabhra – 25 Aibreán 2015

Taispeántas péintéireachta le Jenny Fox. Saothair séimhe, ina bhfuil béim ar spás agus solas, gan línte láidre ná cruthanna aitheanta le feiceáil. http://www.draiocht.ie/

for a minute i lost myself - 100cmx120cm - jenny fox

…………………………………………………………………………………………………..

Midland / Lár Tíre ; ag rothaíocht an MGWR ón am atá caite go dtí an lá inniu.
Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill,  BÁC 2.
09 Eanáir – 24 Bealtaine 2015
Seo an tríú taispeántas den tionscadal Lár Tíre, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, ag leannacht bealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR). Is taispeántas dátheangach, ilmheánach é de ghriangraif, de leabhair nótaí, léarscáileanna, ghearrthóga fuaime, dhealbhadóireacht agus fhíseáin.
lar-tire-1064x660

 …………………………………………………………………………………………………..

Lonely Planet, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
16 Eanáir – 27 Feabhra 2015

649   Grúpthaispeántas le meascán de shaothair ó ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí aitheanta. Ealaíontóirí: Ester Barrett, Mary Clifford, Frances Crowe, Eileen Ferguson, David Fox, Cathal Gallagher, Jacinta Guinan, Anne Harkin-Petersen, Allyson Keehan, Pauline Keena, Jo Killalea, Frances McGonigle, Noel Molloy, Anne Rigney, Alexey Romanenko, Anna Marie Savage, Leonard Sheil, Lorraine Wall, Chanelle Walshe agus Ian Wieczorek.

 

………………………………………………………………………

Foluain – Séid do Bhrat, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí
14 Eanáir – 02 Márta 2015.

Grúpthaispeántas le Daltaí na hIdir Bhliana, Coláiste GhobnatanTá an taispeántas, ‘Foluain – Séid do Bhrat’ mar “souvenier” de shórt ar eachtraí na hIdir bhliana 2015. Sa thaispeántas déantar cheiliúradh ar thréimhse a chaitheadh ag Ceapach na Laoi, Co. Chiarraí níos luaithe san Idirbhlian. Cuirtear in iúl tré ábhair teicstíl, priontáil, péint agus ábhar thalúnta an eispéireas fuinneamhach nádúrtha a bhí ag na healaíontóirí mar foinse ionspioráide. Tá brat déanta ag gach dalta sa thaispeántas, a léireann aitheantas an duine i bhfoirm amhairc agus scríofa. 

10410469_909916192385931_5465905219153149818_n ………………………………………………………………………

Periodical Review #4, Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach
14 Feabhra – 13 Márta 2015

Chuile bhliain tugtar cuireadh do phainéal ealaíontóirí agus criticeoirí a rogha fhéin a dhéanamh de shaothar ealaíne comhaimseartha in Éirinn. Is súil siar é ar ealaín na bliana, agus ar na módhanna oibre agus an teoiric a bhain leis. Tá an ealaín sa taispeántas seo roghnaithe ag Mary Conlon, Mark Cullen, Paul Hallahan agus Gavin Murphy.

Ealaíontóirí: Michael Beirne, Jenny Brady, Jane Butler, Rachael Corcoran, Anita Delaney, Joe Duggan, Marie Farrington, Hannah Fitz, Mark Garry, Dragana Jurisic, Allyson Keehan, Caoímhe Kilfeather, Ali Kirby, Sofie Loscher, Loitering Theatre, Shane Murphy, Liam O’Callaghan, Liliane Puthod/Resort, Orla Whelan.

Michael_Beirne_resurrection_900_603_s

……………………………………………………………………..

Young Adult, Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
23 Eanáir – 28 Feabhra 2015

Grúpthaispeántas ag diriú ar chultúr na n-óg, agus na trioblóidí agus deachtrachtaí ar leith a bhíonn ag daoine óg-fhásta na linne seo.  Coimeádaí: Ben Crothers.

Ealaíontóirí: Ian Charlesworth / Daniel Clowes / Brian Finke / Charles Forsman / Gilbert Hernandez / Dave Kiersh / Tao Lin / Michael Lucid / Mardou / Rebecca McIlwaine / Alasdair McLellan / Ryan Moffett / Erin Patrice O’Brien / Francis Pienaar / Noah Van Sciver / Charlie White http://millenniumcourt.org/

 Charlie+White

……………………………………………………………………..

Líne – Turas Débhríoch / Line – An Amiguous Journey,
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.
22 Eanáir – 06 Márta 2015

Grúptaispeántas líníochta ina bhfuil úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua chun athbreathnú a dhéanamh ar an gcleachtas ársa seo. Sna saothair seo tá béim curtha ar úsáid thrialach de ábhair nua.
Ealaíontóirí: Craig Donald, Joanne Proctor, Doris Rohr, Anna Marie Savage.
Coimeadaí: Joanne Proctor, Anna Marie Savage.

unnamed 

…………………………………………………………………………………………………..

I Believe In You, The Model, Sligeach.
24 Eanáir – 22 Márta 2015

Taispeántas ealaíne le Mark Clare ina bpléitear cúrsaí polaitíochta, cúrsaí timpeallachta agus fadhbanna an duine aonair i saol domhanda an lae inniú. Ealaín suiteála ar mhór-scála. 10974485_10153597322329829_9029492653146091898_o

 …………………………………………………………………………………………………..

Fresh Talent, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
06 Feabhra – 18 Márta 2015

Taispeántas de shaothair chruthaitheacha, nuálacha ó dhearthóirí atá ag teacht chun chinn in Éirinn ó 2011.  Tá meascáin mór disciplíní i gceist sa taispeántas seo – ceardaíocht, ailtireacht, dearadh seit, dearadh táirgí, faisean agus dearadh innealtóireachta. Coimeádaí: Angela O’Kelly. http://www.nationalcraftgallery.ie

w3b-641x300

 

 
Advertisements