Ar siúl faoi láthair

Ar m-Éirí Dhom ar Maidin, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí
05 Márta – 27 Aibreán 2015.

Taispeántas nua leis an ealaíontóir Tadhg Mac Suibhne. Ealaín ina dtógtar inspioráid  ó thréimhse áirid ama – ó mhoch maidne go meán lae. Meascán de phictúirí íle, pictiúirí dath-uisce agus pictiúirí cló-bhuailte adhmaid. http://www.ionadculturtha.ie/html/art.html

11036486_757587447670040_5104356103515338977_n

………………………………………………………………………

 Art In Ordinary TimeCustom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
19 Márta –  12 Aibreán 2015

Taispeántas leis an ealaíontóir Meirceánach Virginia  Gibbons. Seo pictiúirí agus priontaí a d’eascraigh as an spéis atá ag Gibbons i stair a chlann fhéin. I 1987 tháinig sí go Maigh Eo ag cuartú eolais faoin áit a d’fhág a sin-shean athair, céad bliain roimhe sin. Rinne sí an turas arís i 1992, agus chuile bhliain ó shin, ag déanamh dlúth-cheangail idir a chuid ealaíne agus tír a sinsear. http://www.customhousestudios.ie/

Invite Ginny Gibbons 160215 (2)

…………………………………………………………………………………………………..

Vibe, Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Cathair na Gaillimhe.
13 – 28 Márta 2015

Cuirtear 500 milliún tvuíte amach chuile lá ar fud an domhain. Sa taispeántas seo leis an ealaíontóir Cian McLysaght úsáidtear bogearraí chun ceol a dhéanamh as na tvuíteanna seo. Leis an meaisín “Vibe” deantar meastúchán ar staid mhothúchánach na tvúiteanna agus cruthaítear fuaimphictúir as dá réir.

…………………………………………………………………………………………………..

 

Departures, The Secret Garden, Sráid Liam Thiar, Cathar na Gaillimhe.
24 Márta – 14 Aibreán 2015.

Taispeántas péintéireachta leis an ealaíontóir Gosia Kamieniecka, saothair ina léirítear mothúcháin a bhaineann le mór-athraithe sa saol. Olaphéint agus péint aicrileach.
Tuilleadh eolais: 085 758 3927

10356717_464876806993432_7770929555725094394_n

…………………………………………………………………………………………………..


Línte Fánacha,
 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.
12 Márta – 23 Aibreán 2015

Taispeántas ealaíne leis an fhile iomráiteach Fheirsteach Gearóid Mac Lochlainn, a bhfuil clú idirnáisiúnta ar a chuid filíochta. Dúch agus dobhardhathanna a d’úsáid sé sa tsraith seo de phortráidí a fhíonn le chéile ceoltóirí, callagrafaíocht Ghaelach, filíocht agus péint chun scéalta físiúla cathrach a insint. http://www.culturlann.ie/event.php?e=314

Línte Fánacha
…………………………………………………………………………………………………..

Amra Cholium Chille, An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
27 Feabhra – 03 Aibreán 2015

Péintéireacht agus scríbhinní atá bunaithe ar dhán darb ainm Amra Cholium Chille. Cumadh Amra Cholium Chille go gairid i ndiaidh bás Cholm Cille i dtrátha na bliana 597. Cuireann an taispeántas seo i láthair aistriúchán nua-aimseartha den dán ársa seo go Gaeilge agus Gaeilge na hAlban. Is é Brian Ferran a pheinteáil an ealaín agus is é Donald Murray a rinne an pheannaireacht. http://www.angailearai.com/

amracholuimchille_lg

 …………………………………………………………………………………………………..

Vessels: Nature Morte, Royal Hibernian Academy, 15 Plás Íle, BÁC 2.
16 Eanáir – 26 Aibreán 2015

Taispeántas péintéireachta leis an ealaíontóir Nick Miller, pictiúirí de bhláthanna gearrtha a d’eascraigh as seal a chaith sé ag déanamh obair ealaíne in ospís.

Scabiosa-2014-700x390

………………………………………………………………………

War, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
20 Márta – 11 Aibreán 2015

Dealbhadóireacht leis an ealaíontóir Tim Morris ina bpléitear cogaíocht agus cluichí cogaíochta. Sa tsraith oibre seo úsáidtear cré-umha chun macasamhalacha bheaga a dhéanamh d’uirlisí troda, agus cuirtear inár láthair iad mar bhréagáin.

Tim-Morris--Bulldozer--2015--cast-bronze-and-paint--20-x-12-x-9-inches_670

………………………………………………………………………

Sound Speed Marker: GiantÁras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)BÁC 8
06 Márta – 03 Bealtaine 2015

An scannán is deireannaí ó na healaíontóirí Teresa Hubbard agus Alexander Birchler, ina léirítear téamaí scrios agus athnuachan. Críochnaíodh Giant i 2014 agus déanadh scannánaíocht air i Marfa, Texas. Sa scannán déantar mionstaidéar ar shean-seit a thóig Warner-Bros i 1956, structúr díblithe atá fós le feiceáil sa tírdhreach.
http://www.imma.ie/en/page_236899.htm

giant_production_still_small

  …………………………………………………………………………………………………..

Distant Thoughts and Faded Songs,
Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
20 Feabhra – 25 Aibreán 2015

Taispeántas péintéireachta le Jenny Fox. Saothair séimhe, ina bhfuil béim ar spás agus solas, gan línte láidre ná cruthanna aitheanta le feiceáil. http://www.draiocht.ie/

for a minute i lost myself - 100cmx120cm - jenny fox

…………………………………………………………………………………………………..


Midland / Lár Tíre ; ag rothaíocht an MGWR ón am atá caite go dtí an lá inniu.
Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill,  BÁC 2.
09 Eanáir – 24 Bealtaine 2015
Seo an tríú taispeántas den tionscadal Lár Tíre, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, ag leannacht bealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR). Is taispeántas dátheangach, ilmheánach é de ghriangraif, de leabhair nótaí, léarscáileanna, ghearrthóga fuaime, dhealbhadóireacht agus fhíseáin.
lar-tire-1064x660

 …………………………………………………………………………………………………..


From the Waters to the Skies
, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
06 Márta – 25 Aibreán 2015

Grúpthaispeántas ina ndéantar ceilliúradh ar ealaín an cheantair. Meascán de shaothair teibí agus saothair réalaíoch, tá na píosaí seo ar fad roghnaithe ó bhailiúchán ealaíne Co. na hIarmhí. Ealaíontóirí: Maree Bannon, Leila Canney, Mary Clifford, Eileen Coghlan, William Conor RHA PRUA, Simon Daly, Kevin Flood, Letitia Marion, Hamilton RHA, Paul Henry RHA, Liz Johnson, Diarmuid Larkin, Anna Marie Leavy, Roy Lyndsay, Fergus Lyons, Maurice MacGonigal PPRHA, Peter McCabe, Norah McGuinness HRHA, Margo McNulty, Terry Murphy, Matt Nolan, Terence O’Connell, Tom O’Reilly, Liz Osborne, Seán O’Sullivan RHA, Patrick Pye RHA, Eileen Quinn, May Raleigh, Paul Timoney, Alexandra Van Hout, Kenneth Webb.

270

 

………………………………………………………………………

 

Moving Mountains, Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach
21 Márta – 18 Aibreán 2015

An chéad taispeántas de na saothair seo atá ar camchuairt na dtíortha Ceilteacha. Is í Marie-Claude Meylan, an ambasadóir Eilvéiseach, a bhí mar aoíchainteoir ag an seoladh oifigiúil. Ealaíontóirí: Andrew Cooper, Harald Reichenbach, Max Roth, Paco Simón, Zimoun. Coimeádaí: Wandelbar International.

Moving Mountains, Ormston House

……………………………………………………………………..

NEXT | When The Wind Blows 風が吹くとき
Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
13 Márta – 02 Bealtaine 2015

Is malartú cultúrtha é seo, idir Fukushima, sa tSeapáin agus Port an Dúnáin, i dTuaisceart Éireann. Sa taispeántas cuirtear béim ar an deighilt idir an chaoi a shamhlaítear rudaí a bheith, agus an chaoi atá rudaí i ndáiríre. Coimeádaí: Yumi Song & Shiro Masuyama.

Ealaíontóirí:Ursula Burke , Zoë Murdoch, Shiro Masuyama, Chiharu Mizukawa, Jun Kawada, Kouichi Tabata, L+, Nobuhiro Kuzuya, Nyubo Abe , Ryo Shimizu , Satoru Aoyama, Shingo Aruga , Taihei, Takashi Hokoi, Tohru Matsushita, Yuji Shimono, Arafudo Art Annual.  http://millenniumcourt.org/

1+Front_Flyer+copy

……………………………………………………………………..

I Believe In You, The Model, Sligeach.
24 Eanáir – 22 Márta 2015

Taispeántas ealaíne le Mark Clare ina bpléitear cúrsaí polaitíochta, cúrsaí timpeallachta agus fadhbanna an duine aonair i saol domhanda an lae inniú. Ealaín suiteála ar mhór-scála. 10974485_10153597322329829_9029492653146091898_o

 …………………………………………………………………………………………………..

Side By Side, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh
27 Márta – 28 Aibreáin 2015

Taispeántas comhaimseartha le saothair ó 22 ceardaí Éireannach, saothair de chaighdeáin  idirnáisiúnta a roghnadh le bheith páirteach i dtogra PORTFOLIO Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann.
Coimeádaí:  Christina Jansen.
http://www.nationalcraftgallery.ie

PSC5-690x300

 

 
Advertisements