Bernie Joyce

Bernie JoyceRugadh Bernie Joyce i Reading, Sasana agus tháinig sí go Ros Muc nuair a bhí sí 6 bliain d’aois. D’imigh sí go Londain nuair a chríochnaigh sí an scoil agus chaith sí blianta ansin ag obair i siopaí agus ospidéil go dtí gur éirigh léithi dul ag Coláiste Southwark, áit ar bhain sí amach bhain céim BETEC san ealaín. Ó tháinig sí abhaile go Rosmuc i 2002 tá sí ag péinteáil beagnach gach lá. Cé gor fhoghlaim sí go leor ag an gcoláiste deir sí gor sna blianta ó shin ag triail bealaigh agus stíleanna nua a tháinig feabhas ar a chuid saothar. Tá cónaí uirthi i Rosmuc lena fear chéile Joe, a mac Josie agus a h-iníon Erin.

……………………………………………………………………………………………………….

 

Cén fáth ar roghnaigh tú a bheith i d’ealaíontóir?

Is dóigh gur féidir liom a rá gur rugadh i m’ealaíontóir mé mar bhí suim i gcónaí agam ann. Dúirt m’athair gur thug sé féin faoi deara cé chomh maith a bhí mé ag déanamh pictiúir ag aois óg. Nuair a thosaigh mé ar scoil is é an chéad rud a sheas amach fúm.

DSCN7915Céard air a bhfuil tú ag obair faoi láthair?

D’fhás mé suas i Ros Muc le gearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais. Is mar gheall air sin go bhfuil mé tar éis sraith pictiúir a phéinteáil de na carachtair atá i scéalta ar nós Bríd na nAmhrán, Íosagán agus Dearg An Daol. Rinne mé sraith pictiúir eile a bhaineann leis an scéal Na Bóithre faoin gcosán a thóg Nóra nuair a d’imigh sí ón mbaile. Siúlaim an bóthar céanna mé féin go minic agus níl sé athraithe mórán ón am a scríobhadh an scéal. An tríú cuid den saothar baineann sé le hainmneacha na mbailte a d’úsáid an Piarsach ina chuid scríbhneoireachta. Tá ainm na mbailte fós ann agus is iad na clocha teorann leis an seanscríobh orthu atá péinteáilte agam. Tá mé ag leanúint ar aghaidh le grúpa eile pictiúr anois a bhaineann leis na háiteanna ina raibh an Piarsach, áiteanna ar nós Theach an Phiarsach, an teach samhradh a thóg sé agus atá fós i Ros Muc; Cnocán Na Mona, áit a mbíodh sé ag traenáil na nÓglach; agus an stáisiúin traenach ag an Teach Dóite áit ar tháinig sé isteach go Conamara nuair a bhí sé ag déanamh ar Ros Muc an chéad lá riamh.

 

DSCN7951

 

 

 

 

 

 

 

Céard é an rud is tábhachtaí i saol an ealaíontóra, meas tú?

Ceapaim féin go dteastaíonn níos mó cúnaimh uaim i dtaobh mo shaothar a chur iláthair. Anseo i gConamara spreagann an timpeallacht go mór mé ach táim i bhfad ón gcathair agus na gailearaithe. Níl slí bheatha le fáil as mo shaothar agam ionas gur féidir liom taisteal, agus le gasúr ní féidir an iomarca ama a chaitheamh as baile. Tá mo mhac Josie ag freastal ar Gairm Scoil An Phiarseach. Tá uathachas ar m’iníon Erin agus téann sí dhá lá ag Scoil Mhuire i Ros Muc agus trí lá ar an gCeathrún Rua ag Scoil Spesialte Tigh Nan Dooley. Is áit álainn é Ros Muc le haghaidh gasúr a thógáil ach tá sé í bhfad uaidh gach áit chun seibhísí riachtanais speisáillte a fháil agus níl aon obair ann do na daoine óge. Seans mhaith go mbeidh ar mo mhac féin dul thar lear chun obair a fháil. Téim go dtí margaí ealaíne timpeall na háite agus bíonn mo chuid oibre le feiceáil sna leabharlanna ó am go chéile. Ach níl aon bhealach chun an obair a bheith le feiceáil go náisiúnta.

An bhfuil saothar ealaíne ar leith a raibh mórthionchar aige ar do shaol nó ar do shaothar?

Tá an-suim agam i stair na healaíne agus tá an teach lán le leabhair ealaíne. Má théim thar lear ar saoire teastaíonn uaim dul ag na gailearaithe agus na músaeim. Bhí mé san Ísiltír cúpla seachtain ó shin agus d’éirigh liom taisteal uair a chloig amach uaidh Amstardam go s’Hertogenbosch ag an Músaem Noordbrabants chun an taispeántas Hieronymus Bosch a fheiceáil.  Gach duine a fheiceann mo chuid pictiúir tugann siad faoi deara nach bhfuil an stíl chéanna agam in aon dá cheann. Sna pictiúir is déanaí a rinne mé d’úsáid mé chiaroscuro chun díriú ar na carachtair. Is maith liom rudaí nua a thriail agus tógaim beagán uaidh gach cineál ealaíne.

Bernie Joyce An Máthair

 

 

 

 

 

 

 

 

Bíonn tú ag plé freisin le cúrsaí bádóireachta. An bhfuil tionchar aige sin ar do chuid ealaíne?

Thosaigh mé ag iomramh os cinn cúig bliana is fiche ó shin i Londain, agus choinnigh mé orm i gConamara nuair a tháinig mé ar ais i 2002. Bhunaigh m’fhear céile Joe agus mé féin club iomartha i Ros Muc agus bíonn muid ag tógáil páirt i rásaí timpeall na tíre. Tá an-tionchar ag an fharraige ar mo chuid oibre agus faighim spreagadh nuair a théim amach uirthi.

An mbíonn lucht féachana ar leith ar intinn agat agus tú ag péinteáil?

Tá súil agam go mbaineann fir agus mná, óg agus aosta rud éigin as mo phictiúir. Ach an chuid is mó de mo chuid oibre díríonn sí ar shaol agus cultúr na ndaoine i gConamara. Sílim féin go bhfuil póca beag de sheanchultúr na hÉireann fós beo sa gceantar, atá in ann maireachtáil taobh le saol na linne seo.

Meas tú ar tháinig mórán athrú ar do stíl oibre le cúpla bliain anuas?

Feicim feabhas ar na portráidí a dhéanaim le blianta beaga anuas. Sa chistin a bhím ag obair ach fuair mé stiúideo roimh Nollaig agus nuair a bheas mé ag obair ansin tá a fhios agam go mbeidh tionchar ag an áit ar mo shaothar. Amach anseo tá súil agam níos mó oibre teibí a dhéanamh.

Bernie Joyce Iosagán

Tá aird mhór faoi láthair ar chomóradh 1916 ar fud na tíre. An bhfuil aon taispeántas ealaíne agat ar an téama sin?

Beidh mé ar camchuairt leis an taispeántas COISCÉIM AN PHIARSAIGH, na pictiúir arinne mé de ghearrscéalta an Phiarsaigh. Faoi láthair táim ag dul timpeall ag na scoileanna i gConamara ag labhairt fúthu. Tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar na coláistí Gaeilge agus ar na hionaid lae freisin le linn 2016.

Míle buíochas Bernie!

 

 

Advertisements