Ceara Conway

Unknown

Is ealaíontóir í Ceara Conway agus tá sí  lonnaithe in Iarthar na hÉireann. D’fhreastal sí ar an gColáiste Ealaíne i nDún Éideann, ar Choláíste Alfred i Nua Eabhrac agus ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Atha Cliath. Oibríonn sí mar ealaíontóir pobail agus tá éagsúlacht mhór coimisiúin poiblí  bainte amach aici, ina measc saothair ealaíon d’ospidéil, do scoileanna agus do stáisiúin raidío. Léigh an agallamh léi thíos!

………………………………………………………………………


An dtabharfá cur síos dúinn ar d’obair mar ealaíontóir?

Tá suim agam i gcomhthéascanna sóisialta agus polaitiúla,  agus i gcearta daonna. I mo shaothar bíonn suim agam bheith ag  plé le téamaí atá bainteach le na comhthéacsanna seo. Úsáideann mé réimse leathan meáin, idir dealbhadóireacht seasta agus neamhsheasta, taibhiúchain agus  grianghrafadóireacht.

Chomh maith leis seo eagraím cainteanna agus eachtraí le téamaí éagsúla, agus le rannpháirtíocht an phobail, chun mo chuid smaointe agus mo dhearcadh a phlé. Tá suim mhór agam bheith ag obair ar scála mór agus bheith ag obair i mbealaí idirdhisciplíneach, le cumainn éagsulá, ealaíontóirí eile &rl.

Faoi lathair is le grianghrafadóireacht agus le hobair i gcomhthéacsanna pobail is mó a bhím ag plé. Taithníonn sé liom a bheith ag obair i m’aonair chomh maith agus tugann grianghrafadóireacht agus canadh deis dom é sin a dhéanamh.


Cén fáth gur roghnaigh tú bheith i do ealaíontóir? An rogha a bhí ann?

Ha! Is peintéir í mo mháthair agus is bean an-chruthaitheach í. Fuair sí scoláireacht le dul chuig an Rhode Island School of Art nuair a bhi sí óg ach níor ligeadh cead dhi dul. Is cuimheach liom go mbíodh mé i gcónaí ag úsáid a cuid  uirlisí ealaíne nuair a bhi mé óg!  Páipéar, péinteanna, glass engraving tools, &rl. Thug sise saoirse cruthaitheachta dúinn go léir. Chlúdaíodh sí an t-urlár le páipéar agus bhíodh muid in ann a bheidh ag tarraingt air agus í ag cócaireacht sa chistin. Nuair a bhí mé óg bhí mé ag iarraidh bheith i m’iriseoir, i m’ealaíontóir agus i mo scríobhneoir. Bhí mé ag iarraidh bheith difriúil! Fuair mé bua na cainte agus na fiosrachta ó m’ athair – tá sé íontach ag plé le gach cinneál duine ar domhan. Thar na blianta bhí sé soiléir dom gur thaitnigh sé go mór liom a bheith ag obair lena hamharc ealaíona. Ag an am céanna  thaithin sé liom a bheith i measc an phobail, ag casasdh le daoine, agus ag foghlaim rudaí nua.

Cheapaim go dtagann mo chuid scileanna cainte/ceistiúcháin agus mo dhearcadh cruthaítheach le chéile go maith i bhfoirm ealaín phobail sóisialta.

Cad ar a bhfuil tú ag obair inniú?

Ag scríobh freagraí i gcomhair an agallaimh seo! Bhí crúinniú/seisiún agam ar maidin le lucht iarrtha tearmainn (asylum seekers). Ar ball beidh mé ag scríobh alt do Ealaín na Gaeltachta agus ag déanamh obair pleanála do choimisiún nua atá agam leis an HSE/Ospidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riach. Um thráthnóna, théis an obair, beidh mé ag cleachtadh piano agus canadh – déanann mé iarracht uair a chloig a chaitheamh gach lá le ceol.

   

An bhfuil píosa ealaíne ar leith a raibh mór-thionchar aige ar do shaol nó do shaothar?

Tá. Nuair a bhí mé ag déanamh mo Post Grad i gColaiste NCAD, tháinig mé trasna ar ealaíontóir d’arbh ainm Suzanne Lacy. Sa mbliain 1977 rinne sí tionscnamh taibhiú dárbh ainm ”Three Weeks in May”. Tionscnamh sóisialta a bhí anseo faoi éigniú agus foiréigin gnéasach.

Chroch sí mapa mór de chathair LA in ollmharagdh agus, thar thréimhse trí seachtainí, bhailigh sí staitisticí d’eachtraí éignithe a bhí ag tarlú gach lá. Gach lá chuir sí marc dearg ar an mapa ar aon suíomh inár thárla éigniú. Tháinig cuma dhearg ar an mapa théis trí seachtainí. Bhí éifeacht láidir ag an mapa seo ar an bpobal. Bhí sé láithreach, ábhartha agus, ag an am céanna, bhi sé ealaíonta.

Bhí mé tógthaí go mór leis an obair seo, agus thuig mé ionam fhéin gur ealaín réabhlóideach a bhí ann. Rinne Suzanne staidéar le Judy Chicago agus Alan Kaprow, beirt ealaíontóir eile atá an-suimiúil!

Cén togra ba sásúla duit go dtí seo?

Hmm, sin ceist dheacair. Thaithnigh chuile thogra liom ar fáthanna difriúla.
At Home in the World, Ceara Conway
Thaithnigh  Iascéalaíocht go mór liom, an taibhiú scéalaíochta amuigh ar an bhfarraige i gConamara. Is smaoineamh álainn a bhí ann agus thaithnigh sé le daoine – d’oibrigh an coinceap go maith. Bhí mé sásta freisin le Oíche na nDeich Seol,  coimisiún pobail a rinne mé le gasúir as  Cheantar na n-Oileán, nuair a déanadh teilgean ar sheolta na mbád amuigh ar an bhfarraige. Is maith liom go mór an chaoi a mbreathnaíonn an coimisiún At Home in the World i gCondae Uíbh Fhailí. Tá siad uilig chomh difriúil!


Bíonn tú ag plé freisin le cúrsaí amhránaíochta agus scríbhneoireachta. Bhfuil nascanna idir iad sin agus do chuid oibre mar ealaíontóir?

Comhrá, Ceara ConwayTá níos mó nascanna á ndéanamh anois. Le cupla bliain anuas bhí mo chuid scileanna canadh, ceoil agus scríbhneoireachta scartha ó mo chuid ealaíne. Ach táim ag tabhairt aird anois ar na bealaí gur féidir iad a thabhairt  le chéile. Sén t-aon locht atá agam ar an saol uaireanta ná go bhfuil easpa uaireanta sa ló, le am a chaitheamh ar ealaín, ceol agus scríbhneoireacht, agus na mílte rudaí suimiúla eile ar an domhan seo!

Go minic is amuigh faoin tír a mbíonn toradh do chuid oibre le feiceáil, i bhfad i bhfad uaidh aon ghailéaraí! Cén fáth? 

Ta cupla fáth le seo. Nuair a bhi mé óg, thug mé faoi dearadh nach raibh mé ag iarraidh mo shlí bheatha a dhéanamh ag obair liom fhein i stiúideó ag cruthú píosaí ealaíne , agus ansin ag dul thart ag gailearaithe ag díol mo chuid oibre.

Cill Rialaig, Relic of an Old Factory, Ceara ConwayFreisin nuair a thosaigh mé ag obair leis an bpobail chonaic mé  gur céatadán íseal a théann isteach i nGailearaithe. Cé go ndeirtear go bhfuil spás an ghailearaí daonlathach, is daoine faoi leith a théann isteach iontú – go hiondúil, ealaíontóirí, mic léinn &rl. Tá suim agam ceangail a dhéanamh le lucht féachana níos leithne ná seo.

Nil shin le rá nach dtaithnaíonn spás an ghailearaí liom! Tugann sé árdan, tacaíocht agus bailmheas don ealaíontóir agus is spás  é d’obair nach n-oibreodh i gcomhtéascanna eile. Teastaíonn na hionaid  seo uainn le stádas agus ardán a thabhairt d’Ealaín agus Ealaíontóirí. Faoi láthair táim fhéin ag breathnú ar bhealaí le go bhféadfaí cuid den obair atá ar siúl agam a chur i láthair i spás an ghaillearaí. Is lucht féachana difriúil a bheadh ann agus is deis iontach é obair  a dhéanamh in éineacht le coimeádaí.

Ach, ag teacht arais go dti mo chuid oibre faoi láthair, taithníonn sé liom bheith ag obair i suíomhanna difriúla, áiteacha atá bainteach le na hábhair atá á phlé agam. Tugann sé fráma faoi leith don obair.

Go raibh míle maith agat Ceara! Cad é an chéad taispeántas nó tógra eile a ba cheart dúinn súil a choinneáil amach dó?

Táim díreach théis conradh a shíniú do choimisiún pobail nua don HSE, Ospidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riach , Co na Gaillimhe. Agus i mí Meitheamh beidh mé ag cur  togra ealaíne ar bun i nDoire, í gcomhair féile darbh ainm Colmcille Spiral, City of Culture.

Freisin fuair mé sparánacht ó Ealaín na Gaeltachta i gcomhair mo thionscnaimh An Cuairteoir. Beidh mé ag taisteal timpeall go dti trí cheantar Gaeltacha ag cruthú saothar grianghrafadóireachta. Beidh mé ag tógáil  teach ar chíos i ngach ceantar agus beidh mé ag eagrú sraith cainteanna agus oícheanta ceoil sna tithe seo, in éineacht le muintir na háite. Beidh mé ag úsáid an deis cuairte seo le smaointe agus ceisteanna ar chúrsaí áitiúla agus náisiúnta a mhalartú le pobal na háite.

I mí Bealtaine beidh mé páirteach sa taispeántas Caochspota faoi coimeadú Nuala Ní Fhlathúin. B’fhéidir go mbeidh mé ag déanamh píosa ealaíne i gcomhair Feilé Iorrais i mBéal an Mhuirtead. Tugadh cuireadh dhom páirt a ghlacadh sa gclár Going for Growth, clár a thugann cúnamh do fhiontraithe forbairt a dhéanamh ar a gcuid gnó fhéin. Táim an-tógtha le tionscnamh speisialta atá á fhorbairt agam le lucht iarrtha tearmainn na Gaillimhe Is ábhar suimiúil agus tábhachtach é seo domsa..

Tá neart ar siúl agam go dtí an tEarrach!

One thought on “Ceara Conway

  1. Ping: Ar siúl faoi láthair | Nua-Ealaín

Freagraí dúnta.