Eoin Mac Lochlainn

Rugadh Eoin Mac Lochlainn i mBaile Átha Cliath agus tá
cónaí air ansin faoi láthair.  Sa bhliain 2000 bhain sé céim amach ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Bhunaigh sé an grúpa ealaíne Tondo i 2007.

Bhuaigh sé Duais an Golden Fleece i 2008, agus i 2010 bhuaigh sé Duais Keating McLaughlin ag taispeántas bhliantúil an Acadaimh Ríoga Ibeirneach (RHA). Tá a chuid oibre i mbailiúcháin Oifig na nOibreacha Poiblí, AIB, Banc na hÉireann, AXA Insurance agus i mbailiúcháin phríobháideacha in Éirinn agus thar lear. Léigh an agallamh leis thíos!

 

 Cad ar a bhfuil tú ag obair inniu?

Tá me ag smaoineamh ar thaispeántas a bheidh ar siúl sa Lováin an bhliain seo chugainn. Beidh orm cúpla saothar a chrúthú dó.  Beidh sé ar siúl ‘fhaid is a bheidh Éire ag feidhmiú mar uachtarán den Aontas Eorpach. N’fheadar céard a dhéanfaidh mé faoi sin? 

 

An bhfuil tú i bhfad ag plé le péintéireacht? Cad a mheall tú chuig an ealaín sa gcéad áit?

Tá me ag plé leis an ealaín le fada an lá ( bhí go leor ealaíne ar
siúl againn sa bhaile agus mé ag fás ) ach is dócha gur thosnaigh mé ag plé léi go dáiríre nuair a d’fhág mé post lán-aimseartha i 1991 chun ullmhú le haghaidh taispeántais in Amharchlann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin thosnaigh mé ag déanamh staidéir cheart ar an ealaín agus sa bhliain 2000 bhain mé céim ealaíne amach.

Cad a mheall mé chuicí? Ní dóigh liom go ndearna mé 
cinneadh riamh gabháil leis an ealaín ach bhí spéis agam inti i gcónaí. Bhuaileadh smaoineamh mé ó am go h-am agus bheadh orm rith leis… tá sé deacair an spreagadh a dhiúltú. 

 

Cén t-ealaíontóir nó píosa ealaíne is mó a raibh tionchar acu ort?

Bhí an-spéis agam i saothar Tony O’Malley. Chuir me agallamh air nuair a bhí mé sa Choláiste Ealaíne.  Dúirt sé liom tráth :   “It’s a mystery, you work at it day after day and then suddenly something happens, a revelation”. Scríobh mé mo thráchtas faoi “Concerning the Spiritual in the Art of Tony O’Malley”

 

Cén ceann de do thograí ealaíne féin is mó ar bhain tú sásamh as? 

Chuir mé taispeántas aonarach ar siúl i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 2005.  Bhí sé an-tábhachtach mar shaothar domsa mar go raibh an-bhaint ag m’athair leis an bPríosún sular cailleadh é i 1969, nuair nach raibh mise ach 10 mbliana d’aois.  Cé gur mar “Éagnairc” nórequiem a thosaigh an tionscnamh seo, bhí athmhachnamh ar siúl agam feisin ar idéalachas na nglúnta a tháinig romhainn agus athscrúdú ar an stair i gcomhthéacs an 21ú haois.  Bhí an saothar ealaíne lonnaithe sna cillíní,  ar chúl dhóirse faoi ghlas, ag léiriú cé chomh mí-shuaimhneach átáimid in Éirinn ag déileáil lenár cuid staire.  “Éagnairc” an teideal a thug mé ar an taispeántas mar is caoineadh, ceiliúradh agus cur dínn a bhí i gceist agam leis.

Níl aon fhaitíos ort tabhairt faoi ábhair thromchúiseacha i do chuid oibre, ábhair mar an bochtanas, an easpa dídin agus an easpa cumhachta. Cén deacrachtaí a bhaineann le hábhair mar iad seo a phlé? 

Bhuel, go hiondúil ní maith le daoine a bheith ag smaoineamh ar rudaí mar seo.  Agus go háirithe daoine saibhre, b’fhéidir, níor mhaith leo pictiúir de dhaoine bochta a bheith ag chrochadh ina dtithe móra. B’fhearr leo pictiúir de rudaí álainne a bheith acu, is dócha. D’fhéadfá a rá mar sin nach bhfuil sé ró-chiallmhar a bheith ag cruthú saothar faoin mbochtanas nó faoi cogaidh 7rl ach níl neart agam air. Bíonn orm an spreagadh a leanúint, is cuma cén áit a threoraíonn sé mé. 

Deacracht eile ná go mbíonn orm a bheith cúramach nach bolscaireacht nó ‘propaganda’ a bhíonn idir láimh agam – ach ealaín.  Céard dó an ealaín? Measaim go bhfuil freagracht éigin ag an ealaíontóir agus gur chóir dó nó di a bheith ag saothar ar son an sochaí as ar fáisceadh iad. Measaim freisin go mbíonn dearcadh éagsúil ag ealaíontóirí ós rud é nach gnáth-obair a bhíonn ar bun acu. Feictear dom gur féidir leo ceisteanna éagsula a chur agus ábhar machnaimh nua a leiriú.  Ach ní fiú dóibh a bheith ag seanmóireacht le daoine.

 

An gceapfá go bhfuil sé tábhachtach d’ealaíontóirí a bheith ag obair i mbealach atá dúshlánach?

I mo thuairimse, tá go leor aidhmeanna éagsúla ag an ealaín, agus tá go leor sórt ealaíontóirí éagsúla ann freisin. Bhí daoine ag déanamh caitheamh anuas ar Claude Monet mar go
raibh sé ag cur plandaí agus ag dathadh bláthanna, agus an chéad chogadh domhanda ar siúl lasmuigh dá gháirdín. Tuigimse do Monet mar sin féin, cé gur dócha go mbéinnse ag déanamh ealaíne faoin gcogadh, dá mbéinnse beo ag an am. B’fhéidir gur agóid in aghaidh an bhforéigin go ginearálta a bhí ar siúl aige i Giverny? 

Cén tábhacht atá leis an réalachas i do chuid oibre? An mothaíonn tú riamh go bhfuil tú i gcoimhlint le réalachas na meáin cumarsáide?

Ní raibh mé i gcónaí ag plé le réalachas. Nuair a d’fhág mé an Coláiste Ealaíne bhí mé ag gabháil don phéintéaracht theibí. Ní dóigh liom gurb é an réalachas atá i gceist agam ó cheart i mo chuid saothair – ach na mothúcháin. Is dóigh go bhfuil mé i gcoimhlint leis na meáin cumarsáide ar chúpla leibhéal. Sa chéad áit : cé chomh réalaíoch atá na meáin cumarsáide na laethanta seo?  – nach gáifeachas is mó atá ar siúl acu?  Agus ceist eile : cén sórt mion-scrúdú a dhéanann siad ar scéalta nuachta an lae inniu?   Ach tá rol éagsuil ag an ealaín, dár liomsa. Tá mise ag iarraidh teacht ar thuiscint níos doimhne ar na hábhair seo agus feictear dom go bhfuil seans níos fearr againn é a dhéanamh trí mheán na n-ealaíon.

Aon togra ar leith pleanáilte agat i gcomhair na bliana amach romhainn?

Bhuel, beidh mé ag obair i dtreo an taispeántais sin sa Lováin ar dtús ach ansin tá togra eile pleanáilte agam. Bhí mé i dteagmháil leis an bhfile Cathal Ó Searcaigh agus scríobh sé dán iontach dárbh ainm: “Na Bailte Bánaithe”. Beidh mise ag cruthú saothar nua ealaíne ar an dtéama céanna.

 

Go raibh míle maith agat a Eoin! Cén áit is féidir linn do chuid oibre a fheiceáil?

Tá suíomh Idirlíon agam – www.eoinmaclochlainn.com agus blag – http://emacl.wordpress.com/  Bíonn gach eolas le fáil ansin faoi mo thaispeántais éagsúla.

 
 
Advertisements