Marianne O’Kane Boal


 baae5ef735923c23cba28dd30c6e226d_400x400 Is coimeádaí í Marianne O’Kane Boal le breis is 15 bliain taithí aici ag obair san earnáil ealaíne.  As Dún na nGall ó thuas í Marianne, agus tá spéis ar leith aici sa trasnú idir ealaín agus ailtireacht. Tá sí ag obair faoi láthair mar Mheasúnóir Seachtrach do Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, agus tá sí páirteach i ndeich bpainéal ealaíne poiblí don Chlár Ealaíne Poiblí “Peace lll Re-imaging Communities Public Art Programme”. 

Léigh an agallamh leithí thíos!

 ……………………………………………………………………………………………

Céard é an chéad phost a bhí agat ag plé leis an ealaín?

Thosaigh mé amach ag obair le hOifig Bainistíochta Ealaíne, in Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Cliath. Ba chéimí óg a bhí ionam agus is taithí iontach a bhí ann dom. D’oibrigh mé le Jacquie Moore agus foireann céimithe ó UCD agus Coláiste na Tríonóide. Meantóir iontach ab í Jacquie agus spreag sí mo spéis i gceird na scríbhneoireachta. B’shin i 1998. Ceann de na dualgais a bhí orm ná taighde a dhéanamh ar ‘Ealaín an Stáit’, agus cúnamh a thabhairt é a scríobh. Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh mé ag obair leis an nGailearaí Orchard i nDoire, gailearaí a mbaineann suntas leis i dtaobh na n-ealaíon leis na blianta. Sa phost sin, bhí mé ag cur ealaíontóirí de chuid an ghailearaí faoi agallamh, agus bhí mé ag obair ar thionscadal mór i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, ag déanamh taighde ar ealaín phoiblí. Is éard a bhí i gceist leis an taighde sin ná doiciméadú a dhéanamh ar ealaín phoiblí i nDoire, agus straitéis coimisiúnaithe a scríobh do Thuaisceart Éireann.

Ina dhiaidh sin bhí mé ag múineadh cúrsa ealaíne agus ailtireachta ar Chlár Intéirneachta de chuid an Irish Boston University, agus ag déanamh coimeádú i nGailearaí Cavanacor, gailearaí a bhí ag mo theaghlach. Ó shin i leith bím ag múineadh, ag obair mar choimeádaí agus ag scríobh, agus is pléisiúr é a bheith á dhéanamh sin. Sin freagra fada ar cheist ghearr ach ceapaim go léiríonn sé an nádúr ilghnéitheach a bhaineann le bheith ag obair ar thograí ilsraitheacha.

 

An bhfuil modh oibre ar leith agat mar choimeádaí?

Tá mo chleachtas dírithe ar léiriú cruthaitheach ar an spás, ar an timpeallacht thógtha agus ar an réimse poiblí. Ina leith sin bím ag obair le healaíontóirí, ailtirí agus comhpháirtithe comhoibritheacha. Go hiondúil bím ag obair le réimse leathan daoine ar aon togra amháin, le béim ar an bpróiseas oibre i rith an ama. Tá suim ar leith agam sa trasnú idir ealaín agus ailtireacht. Tá inspioráid iontach le fáil sa dá réimse sin, talamh torthúil do shamhlaíocht na rannpháirtithe cruthaitheacha a mbím i mbun oibre leo.


deconstructing the maze 2Le déanaí tá mé ag forbairt mo chleachtais coimeádaithe trí thionscadail a chruthú atá lonnaithe i réimsí uirbeacha seachas i spás an ghailearaí. Sampla de sin is ea an togra ‘Debate Pod – Artists and Architects in Discussion’. Is sa Bhaile Meánach a cuireadh an togra sin i láthair, agus is éard a bhí ann ná spás cruinnithe sealadach a cuireadh ar fáil chun plé a spreagadh idir ealaíontóirí agus ailtirí. Thar na blianta d’oibrigh mé ar thaispeántais an-difriúil, roinnt acu an-choincheapúil, agus roinnt acu traidisiúnta go leor. D’oibrigh mé ar thaispeántais aonair, agus ar ghrúpthaispeántais le suas le 12 ealaíontóirí. Bhí mé i mbun níos mó ná 40 taispeántas go dtí seo, ina measc, ‘Exploring Spaces’ 2014, ‘Deconstructing the Maze’ 2008, ‘Two Minds: Ten Artists, Ten Architects,’ ‘Deborah Brown – Cast in Nature’ 2003, John Kindness – A Retrospective 2006, ‘The Stories Buildings Tell’ 2011, ‘Group 91 – Fifteen Years On’ 2006.


Cén dúshlán is mó a bhaineann leis an sórt seo oibre?

Go ginearálta is próiseas dúshlánach é bheith ag obair mar choimeádaí, ach baineann mé taitneamh as na dúshláin sin! Bheith ag teacht suas le smaoineamh maith, ag déanamh teagmháil le healaíontóirí, ag obair le hionaid, ag forbairt coincheapa agus ag scríobh faoi, spéis a ghiniúint i measc na meán cumarsáide, bheith ag obair i dtreo spriocanna ama agus de réir plean tionscadail, taispeántas a chur i láthair agus b’fhéidir foilseachán a chur le chéile le dul leis, cainteanna agus turais léirmhínithe a thabhairt, lucht féachana a fhorbairt agus a spreagadh. Ní haon dúshlán amháin atá i gceist i ndáiríre, ach mórdhúshlán an tionscadail féin – sin é a spreagaim le leanúint ar aghaidh ag obair san earnáil seo.

Exploring Spaces @ Mid Antrim Museum 2014 Curated by MOKB
 

Cén sórt ealaíne a thaitníonn leat féin?

Tá spéis an-leathan agam san ealaín. Is maith liom a lán cleachtas traidisiúnta; Ealaín na hOllainne ón 17ú hAois, péintéireacht ag plé le hábhar neamhbheo, agus péintéireacht seánra. Is maith liom Vermeer go háirithe, agus Caravaggio freisin. Bíonn meas agam i gcónaí ar shaothar Edward Hopper. Is maith liom dealbhóireacht – Louise Bourgeoise, Giacometti, Juan Munoz agus, in Éirinn, Deborah Brown, Vivienne Roche, Fiona Mulholland agus Eileen MacDonagh. Is ealaíontóir ar dóigh é John Kindness agus Hughie O’Donoghue freisin. Ach tá suim agam freisin in obair níos coincheapúla, agus i roinnt grianghrafadóireachta le Dara McGrath, Adrian O’Connell, Priscilla Fernandes agus Conor McFeely. Is suibiachtúil agus is pearsanta í an ealaín.

Exploring Spaces Ciaran Mackel MOKB in conversation 2 2014

An raibh aon phíosa ealaíne a raibh mór-thionchar aige ar do shaol?

Sílim gur an tionchar ealaíne is mó i mo shaol ná bheith ag bualadh agus ag obair le healaíontóirí éagsúla, seachas an tionchar a bhí ag aon phíosa amháin ealaíne orm. Tá an-suim agam sa litríocht chomh maith agus bhí tionchar mór ag leabhair áirithe orm. É sin ráite, tá roinnt mhaith ealaíne cruinnithe agam thar na blianta agus cinnte dearfa bhí an-tionchar orm ag an gcéad phíosa ealaíne dá bhfuair mé riamh. Ba é Plastic Warriors’ le Mick O’Dea an chéad taispeántas aonair a bhí ag Gailearaí Cavanacor i 1999. Mise a rinne coimeádú ar an taispeántas agus is mé féin agus an t-ealaíontóir a shocraigh an leagan amach an tsaothair sa spás. Tá saothar den ainm céanna agam leis an ealaíontóir. Tá ard-scil le feiceáil sa phictiúr de shaighdiúirí bréige i mbun catha, agus tá lár áite ag an saothar sin i mo theach. Déanaim machnamh ar an saothar ealaíne sin go minic agus is cúis bhróid dom é a bheith agam.

Wexford County Collection

Dá bhféadfá rud amháin a athrú in earnáil na n-ealaíon sa tír seo, cad a roghnófá?

+2 TM InviteNíl mé cinnte. Bheadh ​​sé go maith dá dtabharfaí ní ba mhó airde ar ealaín na hÉireann ar an teilifís agus sna meáin i gcoitinne. Tugtar fíorbheagán ama craolta do na hamharcealaíona i gcomparáid leis an am craolta a thugtar don litríocht agus don cheol. Sílim go b’shin is cúis leis an easpa éilimh ar an ealaín i measc an phobail. Ba mhaith liom go ndéanfaí forbairt ar an lucht féachana atá ag na hamharcealaíona. Tá go leor dánlanna agus ionaid ealaíon ar ardchaighdeán sa tír, ach tá ‘footfall’ íseal sna réigiúin agus fiú sna cathracha.

 

 

Cad air a bhfuil tú ag obair faoi láthair?

Sin ceist dheacair dom, níl sé éasca freagra gearr a thabhairt uirthi! Is iondúil liom a bheith ag obair ar 6-8 dtionscadal in éindí. Faoi láthair táim i mo bhainisteoir tionsclaíochta ar Chomórtas Ailtireachta Idirnáisiúnta, thar ceann IT Shligigh agus i gcomhpháirtíocht leis an ngailearaí The Model. Beidh taispeántas agus foilseachán mar chuid de sin. Táim i mo choimeádaí ar bhailiúchán ealaíne Chuan Bhéal Feirste (bailiúchán pictiúr ón 19ú hAois) agus táim ag cur críche le plaiceanna léirmhínithe do na saothair éagsúla. Táim mar shainchomhairleoir ealaíne don Ghrúpa Comhairleach Aireachta ar Ailtireacht agus an Timpeallacht Thógtha, agus mar sin bím ag glacadh páirt in athbhreithnithe dearaidh.


debate-pod-four-artists-in-conversation-with-marianne-okane-boal-sarah-villiersTáim ag obair freisin mar Mheasúnóir Seachtrach do Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus déanaim measúnú ar thaispeántais i ngailearaithe i dTuaisceart Éireann. Mar chuid den ról sin freisin déanaim ionadaíocht do CETÉ ar phainéil ealaíne poiblí. Ó Mheán Fómhair 2014 i leith, tá mé páirteach i ndeich bpainéal ealaíne poiblí don Chlár Ealaíne Poiblí “Peace lll Re-imaging Communities Public Art Programme”. Bím ag scríobh i gcónaí freisin, agus táim díreach théis alt a chríochnú ar maidin ag cur síos ar theach de chuid na n-ailtirí McGarry Moon, i Castlerock, i dTuaisceart Éireann. Bíonn éagsúlacht mhór ag baint leis na tograí a mbím ag plé leo, agus bainim an-taitneamh as an éagsúlacht sin. Tá mé ag obair ar an dul sin le blianta fada agus tá súil agam leanúint ar aghaidh leis i bhfad amach anseo!

Míle buíochas Marianne! Cén áit ar féidir linn coinneáil suas le do chuid saothair?

Sin rud a d’fhéadfainn feabhas a chur air! Tá an chuid is mó de mo thionscadail le feiceáil ar shuíomhanna éagsúla ar an idirlíon, ach ba mhaith liom suíomh lárnach a fhorbairt chun go bhféadfaí teacht ar an obair go héasca. Idir an dá linn is féidir leat teacht ar roinnt eolais ar mo scríbhneoireacht ar shuíomh idirlín an AICA – International Art Critics Association.

Go raibh maith agat as an agallamh!