Monica de Bath

Monica De Bath-2Is amharcealaíontóir comhaimseartha í Monica de Bath. Le tamall de bhlianta tá tograí ealaíne déanta aici i gCill Dara, ar Inis Oírr, agus sa bhFreaslainn, agus bhí taispeántais aonair aici in Áras Inis Gluaire, in Ionad Ealaíne Béal An Átha agus sa Public Access Gallery, Co Uíbh Fháilí. Rinne sí staidéar ar ealaín sa gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBÁC agus bhain sí amach MA san ealaín in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire. Tá tacaíocht fáighte aici ó Chomhairle Ealaíona na hÉireann agus Comhairle Condae Chill Dara.

                                                                       
Léigh an agallamh leithí thíos!

…………………………………………………………………………………………..

Cén fáth ar roghnaigh tú bheith i d’ealaíontóir thar aon slí bheatha eile?

 Is dóigh liom gurb í an ealaín a roghnaigh mise! Ach bhí cúpla céim ar mo thuras mar ealaíontóir. An chéad céim: mar pháiste bhíos gnóthach ag taiscéaladh na gcoillte agus na sléibhte le mo chairde agus i m’aonair. Is cuimhin liom bheith ag cruthú tigín, ag líníocht ar urlár an choill, agus ag líníocht sa bplúr nuair a bhíodh mo mháthair ag bácáil.

Tar éis staidéir a dhéanamh ar an bhfísealaín in NCAD, bhí post agam mar mhúinteoir ealaíne ag obair le déagóirí i Muineachán, gar don teorainn leis na 6 contae. Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, tháinig ealaíontóir as Shankill, Béal Feirste ar thréimhse chónaithe go dtí an scoil. Bhí grató na Maighdine Muire sa stiúideo a bhí aige sa scoil, agus is sa spás oibre sin a thosaigh na daltaí ealaíne agus mé féin ag scéalaíocht, ag samhlú agus ag péinteáil ar chanbháis mhóra, ag déanamh cur síos ar íomhánna reiligiúnacha Caitliceacha agus Protastúnacha sa réigiún.
Ceapach Comhrá le greasaí, Iorras video still
An dara chéim: dhá bhliain ag obair le hiar-throdaithe – fir agus mná idir Shona agus Ndebele in Institiúid Ealaíon sa tSiombáib. Chuaigh chomhrá na mac léinn agus na nOidí eile go mór i gcion orm agus iad ag ceistiú na ról a bhíodh ag mná roimh agus i ndiaidh an Chogaidh ar son an Neamhspleáchais. Thosaigh mé féin agus an tOide fíodóireachta ag malartú ár scileanna agus ár smaointí. Is ise a thug ar cuairt mé go dtí an Cold Comfort Co-Operative – tionscadal ina raibh fíodóirí ag cruthú taipéisí móra bunaithe ar an ngnáthshaol agus ar chúrsaí sóisialta agus cultúrtha. Bhí na taipéisí sin le feiceáil in Ionaid Ealaíon Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

An tríú chéim: agus mé ar ais ag múineadh ealaíne i Muineachán agus ag taisteal go Gleann Cholm Cille, thosaigh mé ag caint le Jimmy Carr. Bhí sé an-eolasach faoi dhathú ón nádúr, faoin sníomh agus faoin bhfíodóireacht agus bhí an-suim aige i mo scéal fíodóireachta ón tSiombáib. Is as an gcaint sin a d’eascair Taipéis Gael – tionscadal ealaíon trí Ghaeilge do dhaoine fásta, faoi stiúir Oideas Gael. Bhí mise fostaithe le Taipéis Gael mar chomheagraí don chlár oideachais a bhí acu agus bhí mé ag malartú scileanna agus smaointí leis na seanóirí a raibh eolas maith acu ar an tslí bheatha a bhí sa cheantar. Le tacaíocht ón tsean-ghlúin agus ó ealaíontóirí teicstíle chruthaigh an ghlúin óg taipéisí móra inar tagraíodh do chúrsaí seandálaíochta agus d’ábhair chomhaimseartha, agus tugadh na saothair ealaíne sin ar camchuairt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Is é an turas sin a chuir i dtreo slí bheatha ealaíontóra mé.

feamainn bhoilgíneach 30 x 35 cm uiscedhath ar pháipéar

Cad air a bhfuil tú ag obair an tseachtain seo?

Táim ag iarraidh a bheith ag freagairt na gceisteanna seo ar Oíche Nollag! Ach níos luaithe sa tseachtain bhí mé sa stiúideo ag críochnú pictiúir atá bunaithe ar nótaí príosúin a scríobh agus a scrios Lily O’Brennan nuair a chaith sí seal i gCill Mhaighneann i 1916.

Cén trí fhocal a n-úsáidfeá le cur síos a dhéanamh ar do chuid saothar?

“Sáite san Áit”, agus  “Malartú”.

I mo chleachtas bím ag iarraidh teacht ar bhealaí chun cur síos, nó imscrúdú cruthaitheach, a dhéanamh ar an áit ina bhfuilim sáite. Trí chomhrá agus malartú smaointe le hoibrithe éagsúla, úsáidim mo shaothar chun athshamhlú a dhéanamh ar thodhchaí an tírdhreacha mar shuíomh oibre. Bím ag obair i mbealaí idirdhisciplíneacha, le daoine ó chomhlachtaí éagsúla, amhail éiceolaí ó Bhord na Móna agus na healaíontóirí ón Ground Up Artists Collective. Chomh maith le sin, faighim cúnamh ó dhaoine a bhfuil spéis acu ina dtimpeallacht. Mar chúiteamh ar an gcomhrá agus an eolas uathu, tugaim pictiúr dóibh siúd a thugann tacaíocht dom. Tríd an saothar a dhéanaim táimse ag tabhairt deis dóibh a gcuid tuairimí a chur os comhar pobal ealaíne.

CEAPACH Leabhar Nóta comhrá le Work-Site Manager


Cén uirlis ealaíne is mó a bhíonn in úsáid agat?

Bím ag obair le peann luaidhe, péint agus ceamara (grianghraf agus fís). Nuair a bhím ag obair i m’aonair sa stiúideo – bím ag samhlú, ag líníocht agus ag péinteáil. Taobh amuigh den stiúideo, nuair a bhím i mbun taighde, bím ag castáil le daoine atá eolasach faoin timpeallacht, ag éisteacht leosan, ag grianghrafadóireacht agus ag taifead físe.

Cén t-ealaíontóir nó cé an píosa ealaíne is mó a raibh tionchar aige ort? Cén fáth?

Braitheann sé sin ar an obair atá faoi lámh agam. Ag an bomaite tá mórthionchar orm ag sraith pictiúr dar teidil ‘Towers of Babel’ le Breughel the Elder . Tá na pictiúir sin lán le fís agus filíocht. Ach ag an am céanna tá íomhá na dTúr idir shocair agus mhí-shocair, agus tá ceisteanna maidir le cumhacht, saothar agus talamh á bhfiosrú ag an ealaíontóir. Tá mé an-tógtha freisin le fealsúnacht, líníocht agus peintéireacht an ealaíontóra Paul Klee, agus lena chuid leabhar nótaí, ‘Thinking Eye’ agus ‘Nature from Nature’.

Bím ag amharc ar shaothair de chuid Mama Anderssen, Clemente agus Francis Alys, ag tabhairt suntais don chaoi a mbíonn scéalta á n-insint acu trína gcuid pictiúir. Maidir le scannánaíocht, táim an-tógtha le Tarkovsky agus leis an tslí ina n-úsáideann sé íomhánna ó ealaíontóirí eile ina chuid saothar.

De Bath taréis Breughel 40 x 55 cm uiscedhath ar pháipéar


Cén ról atá ag an tírdhreach áitiúil i do shaothar?

Tá an-spéis agam san athchruthú atá á dhéanamh ar an tírdhreach áitiúil, agus tá sé sin le feiceáil go mór i mo shaothar.

Tá mo theaghlach lonnaithe ar imeall an phortaigh i bPort Aiilinn. Sa tírdhreach seo, ceann de na gnéithe is tábhachtaí domsa is ea an nasc atá cothaithe agam idir cuid de nade Bath CEAPACH le fraochán gorm 2010hoibrithe ar an bportach, an stiúideo ealaíne agus an ceapach sealadach atá agam ar
láthair oibre Bhord na Móna. Tugann an nasc seo creat coincheapúil dom chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceangal idir an t-oibrí, an talamh, agus an t-athchruthú atá á dhéanamh ar an gceapach seo. Tugann sé deis dom freisin iniúchadh a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann leis an ‘portach’ sa lá atá inniu ann.

Le deich mbliana anuas tá athrú mór tagtha ar an bportach seo i gcomhthéacs sóisialta, cultúrtha agus éiceolaíochta. Seo cur síos gairid ar roinnt tionscadal atá déanta agam san áit chonspóideach, chasta, chuntraphointeach seo:


The Works
 – Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, bhí deis agam coimisiún suíomh-lonnaithe a dhéanamh ar an suíomh oibre seo. Don togra seo bhí mé ag péinteáil saothair le fágáil amuigh faoin aer, ag obair le holaphéint ar chruach.  Bhí sé thar a bheith suimiúil a bheith i mbun comhrá leis na feisteoirí a bhí an-eolasach faoin gcruach, faoin aimsir agus faoin bportach. Nuair a bhí an tsraith pictiúr críochnaithe agam, is iad na hoibrithe a roghnaigh cá mbeadh siad ar taispeáint, agus crochadh na pictiúir amuigh faoin aer, ar bhallaí thart ar an suíomh oibre. Tá na pictiúir ann go fóill, iad ag athrú leis an aimsir agus le gníomhú na hoibrithe – agus iad mar fhianaise ar ghearradh an phortaigh. Cheapas go raibh sé riachtanach póstaer a dhéanamh as na saothair seo freisin, agus iad a scaipeadh i bhfoilseacháin Bhord na Móna fá choinne na dtoscairí a bhí ag freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na Móna in Éirinn (2008).

Ceapach/Plot – D’eascraigh an saothar seo as tréimhse chónaithe a rinne mé i Gangers Hut in áit iargúlta. Lá amháin bhailigh na hoibrithe le chéile fá choinne tae agus cainte san áit seo. Do mhínigh duine de na hoibrithe a bpróiseas oibre dom:

Ag baint an craiceann de  Untitled (8) 30 x 30 cm meán measctha ar canbhas
Muilleoireacht fé thrí
Fuirseadh fé thrí
Mullaíocht fé thrí
An bá a dhéanamh
Aon ghort dhéag
Cúig ar gach taobh
An t-ardú
An chruach
An ráca

Mar fhreagra, mhínigh mé mo phróiseas oibre féin dó…

Ag péintéireacht
Ag éisteacht
Ag caint
Ag malartú.

Thosaigh mé ag éisteacht le na hoibrithe agus iad ag labhairt faoi na prátaí agus na caréidí iontacha a tháinig as an bportach. Tháinig sé chugam suíomh gníomhach a chruthú ar an gceapach, áit a raibh an mhóin gearrtha cheana féin.  Le tacaíocht ó roinnt de na hoibrithe agus ó shaineolaithe thug mé faoin bhfraoch gorm a chur ag fás sa gceapach.

Tugann an tírdhreach áitiúil fráma coincheapúil úr chun athshamhlú a dhéanamh ar an nasc idir an tírdhreach agus an t-ealaíontóir san lá atá inniu ann. Bím sáite sa tírdhreach áitiúil ina mbím lonnaithe – go háirithe Port Ailinn/Lár Tíre agus Gleann Cholm Cille/Cois Fharraige. Ach chomh maith le sin, bím sáite uaireanta in Inis Oírr agus sa bhFryslan san Ísiltír.

Cén t-athrú is mó a tháinig ar do chuid ealaíne le 5 bliana anuas?

 Le 5 bliana anuas, táim ag obair ar shraith gearrscannán a théann lámh i lámh le mo chuid saothar péintéireachta. Tá gearrscannáin déanta agam in Iorras, Maigh Eo agus in Inis Oirr, scannáin ina mbailítear le chéile eolas físiúil, eolas éiceolaíochta agus guth an duine a bhíonn ag faire ar an áit. Tugann na scannáin léargas i slí shamhlaíoch ar an nasc idir an duine agus an tírdhreach.

Tá sé tábhachtach domsa cáipéis ealaíne a cruthú i gcomhar le daoine a bhíonn ag tabhairt airde ar áiteanna atá faoi bhagairt agus ag tabhairt aire dóibhBeidh mé ag forbairt gearrscannáin ó mo thréimhse chónaithe san Ísiltír agus ar Inis Oírr, fá choinne taispeántas aonarach, léachta agus ceardlann i 2016/2017.

Gan teideal 80 x 80 cm oil over acrylic on canvas

An bhfuil aon chomhairle agat don té atá ag tosú amach mar ealaíontóir?

Braitheann sé ar an duine – ach dom féin tá sé thar a bheith tábhachtach naisc a chruthú le healaíontóirí, leis an ngnáthphobal agus le heagrais ábhartha.

Míle buíochas Monica! An bhfuil aon togra speisialta pleanáilte agat do 2016?

Táim ag déanamh iniúchadh ar ghuth beirt mná a chaith seal sa bpríosún i 1916 agus ag an am céanna tá mé ag obair  le mná atá ag faire ar cheapach talúin san am i láthair. Tá sé ar m’intinn ceangal a dhéanamh idir a gcuid fealsúnachta agus a gcuid oibre ag faire ar a gceantar áitiúil – an teanga agus an tír.

Chomh maith leis sin beidh prionta den phictiúr I láthair / Present ag dul ar camchuairt náisiúnta mar chuid den ghrúpthaispeántas Little Stories, Little Prints – ón Leinster Print Studio.