Scáilfhiáin: Úna Quigley agus Louise Manifold

 

1424724374Tá  Wildscreen/Scáilfhiáin ag druidim linn: dhá lá de scannáin, siúlóidí, comhrá agus cainteanna, ar siúl i gceann de na háiteacha is iargualta agus is áille i gConamara. Labhair muid le Úna Quigley agus Louise Manifold, an bheirt ealaíontóir taobh thiar den togra seo. Léigh an agallamh leo thíos!

…………………………………………………………………………………….

 

Cad é an t-eolas is tábhachtaí atá uainn faoi Wild-screen/ Scáil-fhiáin?
Go mbeidh sé ar bun ar an 7 agus an 8 Márta ag Gorlann na Smaointe i nGleann Eidhneach, Cúil na Ceártan, i gConamara –  agus go mbeifeá as do mheabhair gan a bheith ann!

Werner Herzog LA SOUFRIÈRE 1977

Werner Herzog LA SOUFRIÈRE 1977

 

Cé ba chóir teacht chuig an deireadh seachtaine Wild-screen/ Scáil–fhiáin?
Duine ar bith a bhfuil suim aige nó aici i scannán ealaíontóra agus a bhfuil tóir aige nó aici ar an eachtraíocht! Ba chóir do dhaoine teacht, ní amháin ar son scoth na scannán ar an scáileán, ach ar son eispéireas an spáis féin, agus ar son Ghorlann Eidhneach, foirgneamh iontach de dhearadh na nAiltirí Scott, Tallon agus Walker – is maith mar a thugtar “Gorlann na Smaointe” air!

 

Cén cineál scannán a bheidh ar taispeáint?

Derek Jarman A Journey to Avebury 1971

Derek Jarman A Journey to Avebury 1971

Scannáin ina léirítear mar a dhéanann ealaíontóirí teibiú ar smaointe trí bhíthin na tírdhreacha. Tá cuid mhaith den saothar a bheidh ar taispeáint i bhformáid scannán 16mm agus Super 8 ó Werner Herzog, Aoife Desmond, Walker agus Walker agus Derek Jarman.   Taobh leo seo beidh roinnt saothar digiteach a chuireann ár ndúshlán, ó ealaíontóirí idirnáisiúnta ar nós Dorothy Cross agus Vivienne Dick.

 

Conas a roghnaíodh an láthair?
Cuireadh cuid mhaith smaoinimh agus taighde isteach sa láthair toisc go bhfuil a lán áiteanna áille sa chuid seo den tír. Is amhlaidh go raibh spás uainn a mheasaimid a bheadh ina léiriú ceart ar chuspóir Scáil-fhiáin, is é sin eispéireas oilithreachta a chruthú agus daoine a mhealladh ón gcuid srianta uirbeacha chun scannáin ealaíontóra iontach a fheiceáil i láthair den scoth.

Louise Manifold, Time-machines 2015

Louise Manifold, Time-machines 2015

Creidimid go bhfuil an turas isteach i nGleann Eidhneach fós ar cheann de na heispéiris is iontaí is féidir a bheith ag daoine in Éirinn. Is mór an t-ádh a bhí orainn tacaíocht a fháil ón oiread daoine agus an spás ceart á lorg againn. Thug an t-ealaíontóir Dorothy Cross, go háirithe, an-chúnamh dúinn maidir leis an láthair.

 

 

Cad arbh é an rud ab fhearr faoi bheith ag obair ar thionscadal mór mar seo?
An deis a bheith ag obair le healaíontóirí iontacha, agus ag cur scannáin iontacha i láthair – ag triail ar an láthair agus grian an gheimhridh ag taitneamh, agus na sléibhte a fheiceáil romhainn agus a mbeanna faoi shneachta – freagairt iontach a fháil ón bpobal, rud a thugann spreagadh dúinn chun leanúint den iarracht. Agus na sé nó seacht gcupán caife láidir a ólaimid gach lá a bheith tuillte go maith againn!

Cecile Hartmann Kessoku 2007

Cecile Hartmann Kessoku 2007

 

Míle buíochas as sin Úna agus Louise! Conas is féidir linn tuilleadh eolais a aimsiú?

Tá gach eolas ar Wild-screen / Scáil-fhiáin, an clár, agus conas dul ann, ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.wildscreenireland.com. Chun an scéal is déanaí a fháil go rialta, déan cinnte muid a leanúint ar facebook agus twitter!

Una Quigley, The interval, 2014

Una Quigley, The interval, 2014