Tadhg ó Cuirrín

 Is ealaíontóir agus coimeádaí é Tadhg Ó Cuirrín. Tá cónaí air i gcathair na Gaillimhe ach is
as Indreabhán i gConamara é ó dhúchas. Bhí sé mar bhall de Ghailearaí 126 agus Gailearaí Niland i nGaillimh agus ina stiúrthóir orthu agus tá a chuid ealaíne ar taispeáint i ngailearaithe in Éirinn agus thar lear. I mí Lúnasa 2012 d’eagraigh sé mór-thaispeántas “Unrequited Hatred” sa Shed i nGaillimh. Léigh an t-agallamh leis thíos!

An cuimhneach leat aon phíosa ealaíon (nua nó sean) le healaíontóir eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ort? 

Bhuel, ní cuimhneach liom aon phíosa amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór orm i m’óige. Ceapaim go dtógaim inspioráid ó phíosaí ealaíne agus gach sórt rud eile, ar an idirlíon agus sa ghnáth-shaol!  Ach, agus mé á rá sin, cuimhním go raibh an-tóir agam ar obair Jack Yeats nuair a bhí mé óg, agus obair Gustave Klimt chomh maith. Ceapaim go bhfuil sé sin le feiceáil i m’obair phéinteála faoi láthair, san úsáid a mbainim as pátrún agus maisiúcháin.

Chomh maith le sin, bainim an-taitneamh as ealaíontóirí níos comhaimseartha ar nós Helen Marten, Ryan Gander, Cory Archangel, Alan Butler, David Beattie, Toma Abts, Gerhard Richter, Isa Genzken.

Cén taithí is suntasaí a chabhraigh leat mar ealaíontóir?

D’fhreastail mé ar LSAD i Luimneach agus bhain mé amach céim sa phéinteáil i 2009.  Théis sin, d’fhill mé ar ais go Gaillimh gan a bheith ró-chinnte céard a bhí mé uaim a dhéanamh.  Ar bhealach bhí mé cineál óg nuair thosaigh mé sa choláiste agus chaith mé a lán am ag pleidhcíocht.  Tá mé fós ag foghlaim rudaí is ceart dom a bheidh déanta agam nuair a bhí mé i Luimneach!  Ar aon nós, de réir a chéile thosaigh mé ag glacadhl páirte i gcúrsaí ealaíne i nGaillimh.  Chas mé le daoine, fuair mé stiúideo agus d’oibre mé go deonach do na féilte ealaíona thart ar an gcathair.  Rinne mé a lán oibre mar stiúrthóir ar bord gailearaí 126, Gailearaí Niland, agus Adapt Galway agus d’fhoghlaim mé go leor as sin.  Chabhraigh an obair sin go sainiúil liom, chabhraigh sí le mo chuid ealaíon agus  ba chabhair phraiticiúil a bhí inti freisin.

Cén téamaí is tábhachtaí a bpléann tú leo i do chuid oibre?

Tá suim agam an chaoi a dtuigeann muid muid féin agus daoine eile a chur in iúl, agus an chaoi ina gcruthaíonn muid pearsantacht dúinn féin.  Tá sé seo á dhéanamh againn ar feadh na mílte bliain, tríd an úsáid a bhaineann muid as comharthaí difriúla – ár gcuid éadaí, ar nglór, fiú amháin an chaoi a seasann muid.  

Ach anois tá muid ag baint níos mó úsáide as an nua-theicneolaíocht agus an idirlíon chun muid féin agus an domhain thart orainn a thuiscint.  Feiceann muid gach rud trí lionsa an nua theicneolaíocht seo – go litriúil i gcás an ceamara digiteach atá ag gach duine inniu!  Cruthaíonn sé seo cineál mearbhall agus “disorientation” inár measc, mearbhall ar mhaith liom a léiriú i mo chuid oibre. Cruthaíonn sé seo freisin na deiseanna atá ag baint leis an gcineál gníomhaíocht comhartha seo, i gcoincheap agus go haeistéitiúil.

Tá cuma spraoiúil ar chuid den obair atá feicthe agam leat! An bhfuil an greann tábhachtach i do chuid ealaíne? 

Tá an-suim agam sa spraoi mar choincheap.  Ar bhealach simplí d’fhéadfá a rá go bhfuil dearcadh ródháiríre ag daoine i leith na healaíne! Ach d’fhéadfá smaoineamh ar an spraoi ar bhealach eile.  Níl aon leas phraiticiúil ag an spraoi – is rud é a ndéanann muid inar gasúr beaga, spás gan rialacha chun an chruthaíocht a spreagadh.  Agus muid níos sinne, bíonn orainn obair chun go mbeidh muid ábalta airgid a thuilleadh chun rudaí a cheannach.  Níl bhíonn aon spás fágtha le haghaidh an spraoi mar níl aon airgid le fáil as!  Fiú nuair a thagann an spraoi ar ais inár saol mar dhaoine fásta, i bhfoirm spóirt eagraithe, tá rialacha ann a dhéanann aithris ar rialacha an tsochaí cheannasaigh.  Ar bhealach d’fhéadfá a rá go bhfuil an spraoi ag feidhmiú díreach i gcoinne an chórais caipitleachas.  Ceapann gur meafar úsáideach é chun smaoineamh agus comhrá a spreagadh i measc daoine ar an gcineál sochaí atá uainn agus na roghanna atá againn. Úsáidim an spraoi i mo chuid ealaíne mar mheafar i gcomhair roghanna eile atá againn.

Maidir leis an ngreann, ceapaim go bhfuil sé an-deacair ealaín ghreannmhar a chruthú!  Mar sin, ní thosaím amach chun obair ghreannmhar a dhéanadh, ach triailim spás a chruthú ina bhfuil an greann ábalta tarlú go nádúrtha, má tá sé ann.

Cén ról atá ag an nua-theicneolaíocht i do chuid oibre?                                        

Bhuel, mar théama tá sí sách tábhachtach mar go bhfuil a lán de m’obair bunaithe ar fheiniméan atá cruthaithe ag an nua-theicneolaíocht i sochaí digiteach an lae inniu. Tá suim agam freisin sa mbealach a bhfuil idirghabháil á déanamh ag an teicneolaíocht seo i gcuid mhór den saol inniu.  Má tá tú ag siúl thart ar an mbaile, tá seans ann go bhfuil i-Pod i do chluais agat! Go minic faigheann muid ár n-íomhá den domhan agus den nádúr ón ríomhaire agus ón idirlíon in ionad a bheith ann muid féin. Agus, má bhíonn muid amuigh sa nádúr, tógann muid amach an ceamara digiteach chun pictiúir a thógáil de na rudaí áílle a fheiceann muid.  Agus ar ndóigh, beidh siad thuas ar Facebook sula fada!

Ó thaobh úsáid na nua-theicneolaíochta mar mheán chun ealaín a chruthú, tá mé fós ag foghlaim agus ag baint triail as rudaí – ach sin bealach ar mhaith liom dul sa todhchaí.

Go raibh maith agat a Thadhg! Cén áit is féidir linn do chuid ealaíne a fheiceáil?

Tá mé ag obair i dtreo mo chéad taispeántas aonair – beidh sé ar siúl thíos i Luimneach i mí na Nollag sa ngailearaí Occupy Space. Le cúnamh Dé éireoidh go maith leis! Chomh maith leis sin is féidir le daoine dul chuig an suíomh: http://tadhgocuirrinvisualartist.blogspot.com/