Léirmheas le Eoin P. Ó Murchú


Ealaíontóir: Peter Gallo
Ionad: Dánlann Dhughláis de hÍde, Baile Atha Cliath,
08 Deireadh Fómhair- 03 Nollaig 2014

………………………………………………………………………………..

Is maith an t-ionad Dánlann de hÍde, díseart beag ciúnais scread luchóige ó ghleo Shráid Thobar Phádraig. Seomra mór, uaimh chliniciúil a bhfuil urlár suimint is ballaí bána faoi ailtireacht gan rómhaise.

unnamed-7
Taispeántas mílítheach é seo ón oibrí sóisialta síciatrach as Vermont. Dathanna donna is faon, ábhar garbh miotalach, ábhar aimsithe is bruscar, canbhás stápláilte, peintéireachtaí doiléire, focalbhunaithe. Íostachas a scaiptear fíorchorruair do ghreann nó do chleas beag. Péinteáil neamhcháiréiseach agus is té na súl grinn a bhainfidh adhmad as cuid mhór den taispeántas.

Taispeántas pearsanta é seo a bhfuil an dorchadas ina orlaí tríd. Tá mothú stoite agus buairt le sonrú ar fud an bhaill. An tsnaidhm a bhfuil téad, paipéar donn agus leathanaigh eolais an druga frithdhúlagair prozac ceangailte istigh ann. Dol an chrochta a thugann sé le fios. An píosa ‘Thanatos’ duairc ach gan aon rófhorbairt ar an duairceas.

Anseo is ansiúd tá raiteas polaitiúil. Imlíne de mhadra cáiliúil éigin cartúin nach féidir linn a thabhairt chun cuimhne go díreach, éadach greamaithe le stáplaí, ainm ina lár istigh; intifada. An de fhonn baint siar as daoine seo? Ráiteas ar an gcodarsnacht idir an rud gleoite agus an rud fuilteach, ach céard é?


unnamedAn chuid is fearr go minic ná na focail féin, an t-imeartas a théann leo, ‘art’. Níl fíneáltacht ag baint leis an taispeántas áfach, ní mian leis sásamh a chur ar fáil. Tá boirbe agus gontacht aeistéitiúil ag roinnt leis.

‘Je Me Souviens’ ola ar chúdach leabhair aimsithe, na focail droim ar ais, spásáil is cló ríaisteach, beagnach doléite i ngeall air. Tá ‘Friendship & Modernism’ cumasach, friendship na lámhscribhneoireachta thuas agus modernism le réaduchtachas nua-aimseartha.

 Píosa brea cumasach is ea ‘heart attack’, croí teasctha, leathchruinneas anatamaíochta, agus crágáil péinteála, é ceangailte le dhá cheallra, a thabharfaidh turraing dó. Uaine sa chúlra ar phíosa miotail rocaigh.

 unnamed-6Ach píosaí eile, ní chuireann leis. Maide leadóg boird le péint dhubh is leathiarracht ar chruth éigin air. Céard is ciall leis? An cuma? Is eagal liom nach bhfreagraíonn an taispeántas ceachtar den dá cheist. An chuid is measa de athdhearbhaíonn sé tuairim an tslua gur teach fuar an ealaín nua-aimseartha don duine gan cara sa chúirt. Iarrann an taispeántas an-fhoighne go deo, an dtabharfadh sé pobal leis?

An chuid is fearr fágfaidh sé daoine ag ceistiú an tsaoil níos mó agus an bealach a bhfuil sé líonta le buairteanna agus ceisteanna leathfholaithe. Ar an iomlán, faraor, teipeann ar shaothar Gallo an gailearaí féin a líonadh.

 
Advertisements