Léirmheas le Liam Ó Conaill

Catagóir: Dara Leibhéil (aois 15)

Taispeántas: Ag Leathnú – Ealaíontóirí Mhúscraí
Ionad: Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne, Co Chorcaí
Dáta: 06 Samhain – 18 Nollaig

………………………………………………………………..

Nuair a caitear cloch isteach sa lochán dár intinn, déanann sé ár smaointe a leathnú amach, cuireann sé sinn ag smaoineamh faoi rudaí nua. Sin a dhéanann an taispeántas seo.

10696428_694760293952756_7157671821294597403_n“Ag Leathnú” is ainm den taispeántas seo, curtha i láthair san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí, ag Ealaíontóirí Mhúscraí; grúpa d’ealaíontóirí agus céardaithe a chuireann taispeántaisí ar siúl go rialta. An uair seo thugadar go léir duine eile ina dteannta chun saothar a chur sa bhailiúchán. Sa slí seo, leathnaíodar amach scóip smaointí an ghrúpa agus na teorainn ealaíonta a bhí acu roimhe sin.

Is péinteáil de chuid Lynda Loughnane é an saothar leis an teideal neamhrialta St. Jerome: “Where the feck is the ‘any key’?” de fealsamh Gréigeach ag méarchlár ríomhaire ag cuardach don cneapa “any key”. Fiú gur péinteáil iontach é, ní hé sin an rud a thaitin liom ba mhó. Ach is iad na ceisteanna a tháinig chugham nuair a chonaic mé an pictúir; An ríallíon ríomhairí ár saol?; An bhfuil aon fealsaimh iontach againn san lá inniu?; Conas ar féidir linn éalú ón ríomhaire? Leathnaigh an saothair seo mo chuid smaointe.

Saothar eile a leathnaigh mo chuid smaointe ná an dealbhadóireacht “Netty-Yahoo” déanta ag Robert Rasmussen. Cheapas go raibh sé an-scaipithe óna chéile agus níor dhein sé mórán ciall domsa. Intinn ag titim ó cheann duine agus brat Israelach ar an dtaobh eile den cheann atá sa saothar. Níor thaitin an saothar liom in aon chor ach fós leathnaigh sé mo smaointí ar an brúidiúlacht sa Phalaistín.

Leathnaigh an peinteáil “Nothingness Without End” de chuid Christina Dervin mo smaointí freisin, i dtaobh gnéas, feimineachas agus osclaíocht gnéasach. Tá sé an-thrína chéile agus tá phrásaí scríte ar ga na gréine a ardaíonn ceisteanna éagsúla.

Leathnaigh an saothar “Vintage Sprinter” de chuid Luc Racine an léaslíne dem’ aigne tré tiomáint chuigh an deireadh agus ar aghaidh arís. Is gluaisrothar den seanré é, athbhunaithe ag Luc agus aistrithe chuig píosa nua-aimseartha.

An saothar iontach atá ag ceann an dtaispeántais ná “Ag Leathnú”; péinteáil olach de chuid Helen Willems Bogels. Is péintéireacht den scoth é de cuilithíní i lochán ag leathnú amach. Tá an solas léirithe go han-réalaíoch aici ins an saothar.

Má thá tú ag iarradh saothair nua a fheiscint a leathnóidh do chuid smaointe agus aigne, sé seo an taispeántas ceart duitse.