Léirmheas le Máirtín Coilféir

Ealaíontóir: Kevin Cosgrove
Ionad: Mother’s Tankstation, Baile Átha Cliath,
17 Meán Fómhair- 01 Samhain 2014

…………………………………………………………………………………

 

2. Kevin Cosgrove_Workshop with chicken wire_oil on linen_mother's tankstation‘Remake’ is teideal don taispeántas le Kevin Cosgrove, péintéir, atá ar siúl faoi láthair i ngailearaí mother’s tankstation i mBaile Átha Cliath. Ní hé an teideal is spleodraí amuigh é ach is maith mar a thugann sé nod dúinn faoi thábhacht na ceardaíochta atá chomh follasach sin ar a shaothar, idir ábhar agus stíl. Láithreacha oibre agus deisiúcháin – láithreacha athdhéanta – atá mar ábhair íomhá aige anseo agus is é is túisce a thabharfadh duine faoi deara ná an bheaichte agus an fhuarchúis lena gcuireann sé síos orthu. Léiriú réalaíoch a dhéanann sé a bhraitheann, cuid mhaith, ar na seanchritéir sin nach mórtar i gcónaí san ealaín nua-aimseartha: cruinneas, snas, tuiscint don traidisiún.

Tá rialtacht áirithe i dtroscán na bpictiúr féin nach mbíogfaidh chuile dhuine – seomraí folmha, uirlisí láimhe, lúba sreanga ar timthriall iontu – ach ar an taobh eile de tá cúram mór déanta ag Cosgrove den mhionchlaochlú a thagann ar na nithe sin faoi sholas faoi leith. Ní hionann aon dá gha gréine nó lóchrainn a luíonn ar na seomraí ceirde aige, mar sin ní mar a chéile an buidéal sa saothar thall is an ceann abhus, ní hionann an dronbhacart ar an mballa bán agus an ceann ar an tseilf dhonn. Cuid de cheird Cosgrove féin is ea aird a tharraingt ar an síorathrú seo, ní foláir. Dá réir sin a tharraingíonn sé aird ar obair na péintéireachta féin agus ar an bpróiseas cumadóireachta a bhíonn faoi urú ag an bpictiúr críochnaithe.

1. Kevin Cosgrove_Remake_oil on linen_mother's tankstationMar bhonn leis an taispeántas ar fad tá tuiscint rómánsach ar an obair láimhe agus ar an oiliúint a bhaintear amach trí chleachtadh agus trí dhéanamh. Duine ná deoraí níl in aon cheann de na saothair – ní fheicimid ach a rian. Ach níl aon amhras ach go bhfuil luachanna an tsaoir, agus an córas lena gcuireann sé chuig an obair, á móradh. Sa chaoi chéanna tá luachanna an tsaoir phéinte á móradh freisin: airímid go bhfreagraíonn na láithreacha oibre, ar bhealach éigin, don stiúideo, agus go bhfuil córas na péintéireachta traidisiúnta á chur i gcomparáid le gnásanna agus le nósanna an mheicneora nó an tsiúinéara. Luaitear sa téacs a théann leis an taispeántas gurb iad ‘continuance, on-goingness, tradition’ na clocha coirnéil ar a seasann an saothar. Is iad freisin, ach iad leagtha aige ar bhealach glic aige a scaoileann solas na comhaimsire tríd.