Comórtas Scríbhneoireachta 2013!

Buaiteoirí chomórtais scríbhneoireachta Nua-Ealaín 2013!

Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Feargal Ó Béarra – comhghairdeas libh!
Léigh na léirmheasanna anseo.

Míle buíochas le moltóir na bliana seo, an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí. Buíochas ó chroí le na scríbhneoirí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana.

Séamus ó barra S

Séamus Barra Ó Súilleabháin

Is as Lios Tuathail, Contae Chiarraí do Shéamus Barra Ó Súilleabháin. Bhain sé amach Craobh Slamfhilíocht na hÉireann 2011/2012 agus Cúirt 2013. Craoladh a chuid reacaireachta ar raidió is teilifís agus chonacthas é ag cur thar maoil le rannta máchaileacha ag guí scrios lom ar an gcaipitleachas ag An Cabaret Craiceáilte, Imram, an Phicnic Leictreach, agus an Tóstal. Cuireann sé dreasanna filíochta ar fáil go rialta ar http://seamusbarra.blogspot.ie is tá sé buailte fé i gcathair Chorcaí.

feargal_obearraFeargal Ó Béarra
As Both Chuanna, i gCois Fharraige, d’Fheargal Ó Béarra. Seal blianta caite aige ina chónaí thar lear sa nGearmáin agus i Meiriceá Thuaidh. Tá sé ar ais aríst ar an bhfóidín dúchais, agus é ag cur faoi i gCamus Íochtair – an baile is deise faoi rothaí na gréine! Spéis ar leith aige in ealaíon na Meánaoise go mór mór i saothar Giotto, Bosch agus Bruegel. Amhráin go leor scríofa aige ina measc Na Laethanta a bhí (Buaiteoir Réalta 2002), An Cine Meata, Conamara na Páirte, Cár chodail tú aréir?, Na Gunnaí Móra, agus Gealachaín Ghleann Trasna. Tá roinnt den cheol sin le cloisteáil ar http://www.myspace.com/bobailin.
 ………………………………………………………………………………………………………….

An Comórtas

Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gcomórtas scríbhneoireacta nua! Má tá aon spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis.  Tá muid ag lorg léirmheas uait ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn faoi láthair. Spriocdháta 24ú Samhain!

Tá €150 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit, agus foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist!
Bí i dteagmháil linn ag nuaealain0@gmail.com má tá aon cheist agaibh!

An Moltóir

Darach_O_Scolai_CaisleanTá áthas orainn a rá gur é an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí! Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana 2008’. Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos (2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.

 

 Na rialacha:

  • Fad an léirmheas: 400 focal ar a mhéid.
  • Dáta deiridh Iontrála: 5pm Dé Domhnaigh, 24 Samhain 2013
  • Ar ríomhphost amháin a ghlacfar le hiarratais. Seol do léirmheas chugainn ag nuaealain0@gmail.com roimh 5pm 24/11/2013.
  • Caithfear teideal an taispeántais a thabhairt, chomh maith le ainmneacha na n-ealaíontóirí atá páirteach, seoladh an ghailearaí agus dátaí an taispeántais.
  • Glacfar le léirmheas ar aon taispeántas amharcealaíne comhaimseartha – dealbhadóireacht, fís, péintéireacht, grianghrafadoireacht, ealaín suiteála &rl, ar siúl in Éirinn idir 6/10/13 – 24/11/2013. Ní ghlacfar le léirmheas ar dhrámaí ná scannáin.
  • Caithfidh an léirmheas a bheith i nGaeilge.

Eolas eile:

Má tá sibh ag lorg taispeántais i bhur bpáirt fhéin den tír, tá neart treoir le fáíl ar an idirlín. Féach ar Nua-Ealaín i gcóir eolas ar thaispeántais reatha tímpeall na tíre. Nó caith súil ar an suíomh idirlín Culture Fox, áit a bhfuil liosta cuimsitheach de thaispeántais ar siúl in Éirinn.

 
Advertisements