Léirmheas le Feargal Ó Béarra

Evie Hone: Ealaíon Naofa, Músaem Cathrach na Gaillimhe
01 Deireadh Fómhair 2013 – 30 Eanair 2014

EvieHone_500px

Iad siúd nárbh acmhainn dóibh an Talamh Naofa a thabhairt orthu féin sa Mheánaois, ba é an Via Crucis an tsamhail ab fhearr agus ba ghaire dóibh dá leithéid. Ó thús ré órga na hEaglaise in Éirinn (sa dara leath den 19ú haois) i leith, is cuid lárnach den ealaíon eaglasta an ghné seo den íocónagrafaíocht Chaitliceach, gné a thugann deis don ealaíontóir an tsamhail chruthaíoch sin atá ina cónaí san intinn aige nó aici a cheapadh agus a thabhairt i láthair.

An taispeántas seo ag Músaem Cathrach na Gaillimhe, léirítear ann cuid den saothar sin a bhaineann le tréimhse dheiridh an ealaíontóra Evie Hone (†1955), mórealaíontóir eaglasta na glúine sin a d’eascair as An Túr Gloine agus ré na hAthbheochana.

Cé nach líonmhar a bhfuil ar taispeáint, tá téagar san ábhar: dhá shraith de thrialacha a rinne Hone mar réamhobair don turas a chruthaigh sí le cur i séipéal Pheadair agus Phóil i gCill Tulach na Gaillimhe, an turas sin ar goideadh cuid de i rith an tsamhraidh seo caite. Léaráidí guaise (gouache) ar cairt an chéad sraith (dubh, bán, agus liath), ar mór idir iad agus an dara sraith – líníochtaí dúigh ar páipéar maille dearg, glas, gorm, agus donn.

Cé go bhfuil cuid den ainmhíneadas le brath ar na líníochtaí seo, a bhuíochas sin leis an stíl theibí chuarach a chleacht Hone, is é is spéisiúla fúthu gur túisce le feiceáil sna réamhthrialacha tionchar Georges Rouault ná san earra críochnaithe .i. sa turas féin a cuireadh i séipéal Chill Tulach. Fágann an dóigh ar crochadh an dá shraith sa músaem .i. ar aghaidh a chéile amach (más go tuathalach féin é) gur sárléiriú iad ar an bpróiseas fada sin as ar shíolraigh an turas críochnaithe. Tá an-léargas le fáil ag an lucht féachana, dá bhrí sin, ar an bpróiseas cruthaíoch féin, ar an tuile agus trá a thagann ar shamhlaíocht an ealaíontóra le linn an phróisis sula ndéantar an saothar a thréigean ar deireadh (faoi mar a mhaígh da Vinci).

Má tá locht le lua, sin é a laghad den tráchtaireacht a cuireadh leis na píosaí ionas nach bhfuil aon téagar sa léargas a thugtar ar an ealaíontóir, ar a saothar, ná ar chomhthéacs an tsaothair. Cruthúnas ar sciar den leisce is ea an painéal ceanann céanna a bheith in úsáid faoi dhó sa taispeántas. Go hEanáir a mhairfeas an taispeántas.