Léirmheas le Séamus Barra Ó Súilleabháin

The Work Of Micheal Farrell, Dánlann Crawford, Cathair Chorcaí
9 Samhain 2013 – 4 Eanair 2014

MFarrell_largeI ndánlann Crawford i gCathair Chorcaí atá an taispeántas ar shaothair bheatha Micheal Farrell. Duine des na ealaíontóiri is mó ráth air a tháinig ó Éirinn. Fear a chaith stráicí fada ar an gcoigríoch idir chathracha móra na healaíne idirnáisiúnta mar is dual don neach cruthaitheach Éireannach. Ach ba mhór a shaibhrigh sé an pobal abhus, is dá dheoranta é, ní raibh a shamhlaíocht riamh glan ar chás a thír dhúchais.

Nuair a osclaíonn tú an doras isteach tánn tú teanntaithe ar an dtoirt ag dearaí spásúla óna luathshaothar. Íomhánna ag cur teibíochta chrua nua-aoise i dteangmháil le Ceilteachas umhal. Sreanga agus snaidhmeanna orgánacha á dtathú le chéile mar a bheadh rianta treibhe i bhfolús aicrileach. Tá forbairt leanúnach an tréimhse seo á sonrú go glé san ord a cuireadh ar na pictiúir. Forbairt a bhfuil a buaicphointe in ‘Thourables Wakes Series’; léaráid ghroí a léiríonn stuamacht íostach ag diúltú do shícideileachas na Seascaidí.

Rinn mhór i saothair Farrell is ea an t-aistriú ó ábhar oibiachtúil go hábhar suibiachtúil. Is díol suime a leithéid d’aistear don scríbhneoir seo agus léirítear go héifeachtach é i gcur amach an taispeántais. B’oiriúnach na dearaí teibí i dtosach chun céad céimeanna a mhéine cruthaitheach a shoilsiú. Na rithimí, dathanna agus fórsaí aeistéitiúla a mheallann an ghrinnshúil chuchu. Ach má cheaptar gur duine a raibh dúil aige i ngnéithe stíle amháin, is ar éigean nach léir scun scan cad é a spreag imeacht ón raison d’etre sin is an borradh mór i dtreo ábhair ‘polaitiúil’, má tá brí ar bith leis an bhfocal i gcúrsaí an tsaoil anois.

I gceartlár an ionaid tá domhan dá chuid féin a sheasann amach go suntasach. É scartha amach ón gcuid eile den dtaispeántas. Cubhachail ina bhfuil sraith de shamhlacha lathaí doiléire as Domhnach na Fola. Ní foláir nó bhí na dreacha seo spreagtha ag cúiseanna nárbh ealaín iad in aon chor. Mothúchán, masmas agus sceon. Faightear spléachtaí siar ar anord an eachtra féin ar bhóithre Dhoire trí mhód eispriseanaíoch .i.  bán tinn na mbraillíní, dearg lag na fola, agus cuntanós an saighdiúir ag glinniúint ó ghrianghraf trí shúile réchúiseacha.

Ach ní laghdaíonn tairbhe na ceirde le roscaireacht na dTrioblóidí. Feictear an féin-fhiosrú doimhin a dhéanann an t-ealaíontóir air féin ar an dtaobh thoir den sraith ar ‘Sunday’. Fiafraíonn sé dínn cé hí Éire. Cíorann sé dúpholl na staire i bpíosaí aithnidiúla, ar shlí nach náisiúnach. In ‘An Incomplete History’ tá corp bán caite amach ó sheanleabhar gioblach, is ba mhóide gur colainn Farrell féin atá ann.

Figiúir choitianta ina shaothair ná a shaobh-dhearadh de Mharie-Louise O Murphy. Athláimhseáil ar phictiúir cháiliúil Boucher mar aircitíp d’Éirinn. A cosa spréite go saonta ar an leaba. An Vitruvian Man i bponc taobh thiar di, a bhall fir á chlúdach le náire in ‘The Irish Question’. Is ionsaí magúil é ar dhiongbháilteacht na íde-eolaíochta. Ar bhun an chláir é fógartha go bhfuil an píosa neamhchríochnaithe go dtí go mbeidh Éire mar aon.

Chímid grá na ceirde á phósadh leis na nithe a bhí ag déanamh scime dó, sa phíosa ‘The Irish Press’. Na braonta leachta de leimín pressé a bhí ag splancadh as an gcanbhás go cartúnach cheana, anois líonta le ceannlínte na nuachtáin. I liteagraf ó 1972, ‘Protestant Occulté’ tá spior spear de fhrásaí giorraithe i gcollage a chuireann mearbhaill na meán ar an té ag féachaint air. Aithnímid ina measc, cuntanós seanfhir a bhí ar chlúdach Irish Times an lae inniu fiú! Fós mar dhia beag, ag gáirí, anois le hais an Uachtaráin Higgins…

Tugann obair ba lú tábhacht léargas iontach dúinn ar phearsantacht an fhir. Feictear in ‘Cairn 1966’  ealaín dúchais na gcloch ina cheantair féin. Cuireann sé an cheist cé chomh ‘oibiachtúil’ a bhí an tréimhse luath. Is é ag léiriú dúinn gur foinsí suntasacha iad a leithéid de Leabhair Cheanannais agus Brú na Bóinne. Ar shlí ní ealaín theibí ab ea iad i gcomhthéacs Éireannach, toisc an luach oidhreachta a bhaineann leo.

Cuireann tú aithne ar aghaidh gruama Micheal féin trí na féinphortráidí a breacadh go fánach ar fud an ionaid. I gcónaí duairc, ag stánadh go tnúthánach ar ‘Miss O Murphy’, nó gan cholainn i gcupán uisce. An cuma chéanna air i gcónaí, ina sheasamh go lomnocht. A shúile dubha, is a bhod ina phleist. Ardaítear ceisteanna ar a fhearúlacht agus a fhéinmhuinín mar léiriú ar neamhfhéidearthacht an phobail cás na tíre a leigheas, is mian ‘Madonna Irlanda’ a shásamh.

Airím bean taobh liom ag rá i gcogar, gur ábhar gránna a bhí roimpi inniu, nach dteastódh uaithi  é bheith ina bailiúchán pearsanta féinig. Ní thógfá uirthi é sin. Na píosaí is mó a dhaingníonn i gcuimhne an duine a bhfuil ag breathnú orthu ná íomhánna dorcha. In ‘Black 47’ tá samhail íocónach Trevelyan ag stánadh óna bhord, creatlach duine curtha fén urlár. Samhlaím Self-portrait with skeleton arm’ cáiliúil Munch ina bhfuil cnámha ghéag an fhir mar chomhartha dúinn ar an mbás. I gcás ‘Black 47’ tá cnámha duine iomlán mar chomhartha ar an ndrochshaol is an gátar gan freagracht a bhain le goile na milliúin daoine.

Ach tá gliceas sainiúil ag baint leo chomh maith. Imearteas míchéatach. Curtha sa chúinne tá roinn eile ann ina léirítear obair a dhein sé sa Fhrainc mar bhall de phobal La Ruche. Ábhar taitneamhach atá níos éadroime a dheineann spraoi le figiúirí móra na healaíne. I gcafé le Joyce agus Picasso, i gcuideachta Proust, nó ag ól pórtair le Suibhne! Tá samplaí dá scil le hola, gualach agus taipéis go raidhsiúil.

Ar an tarna urlár tá slí fhada fhairsing ag síneadh farat, is soilse shéimhe cuí ag tabhairt cead do chinn, ligint do ciacu dearadh gur mian leat tú a tharraingt chuigis. Tá teacht in inmhe go líofa sa cheardaíocht anso. Eachtraí fén dtuath, trialachas sotalach agus pictiúir níos traidisiúnta ina ábhar b’fhéidir.Tá an fhéinphortráid deireanaí uaidh sa Fhrainc ann, leis, ina stánann Micheal Farrell díreach idir an dá shúil ort. Tá súil agam gur fianaise é gur bhain an t-anam suaite duairc aige slí istigh ann féin ag clabhsúr a shaoil.

Molaim d’éinne cuairt a thabhairt ar an dtaispeántas corraitheach spreagúil seo. Is file na físe é Farrell a dhein dianscrúdú ar ár gcultúr. Mar a scríobh duine sa leabhar sínithe; ‘is cuma liom fén dtráchtas, anois, b’fhearr liom líníocht!’.

Advertisements