Propositions – Hélio Oiticica

Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), BÁC 8.
19 Iúil – 05 Deireadh Fómhair 2014

Léirmheas le Eoin Mac Lochlainn


propositions 2Tá taispeántas an-taithneamhach ar siúl faoi láthair i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), taispeántas le Hélio Oiticica ón Bhrasaíl. Tá samplaí támhachtacha dá chuid oibre le feiscint ann a léiríonn an tionchar a bhí aige ar saol na healaíne san dara leath den 20ú aois. Is amhlaigh go raibh tionchar an-mhór ar fad aige ina shaoil ghearr mar ní raibh sé ach 43 bhliain d’aois nuair a cailleadh é i 1980.

Bhí spéis aige ar dtús in ealaíon theibí Piet Mondrian agus Kazimir Malevich agus tá roinnt pictiúirí teibí den chineál seo le feiscint ag tús an taispeántais. Bhí spéis ar leith aige i ndathanna agus in éifeacht dhathanna ar an duine agus thosnaigh sé ag úsáid dathanna níos saibhre nó níos nádúrtha agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a chuid péintéarachta. Thaithin na pictiúirí seo go mór liom ach caithfidh mé a admháil nár ullmhaigh siad mé ar chor ar bith do céard a bhí le teacht!



propositions 3Sa dara seomra ní raibh na pictiúirí ag crochadh ar na fallaí – bhí siad ag crochadh ón síleáil. “Bilaterais” a thug an t-ealaíontóir ar na struchtúirí adhmada seo. Ní pictiúirí a bhí iontú a thuilleadh, ach rudaí trí-thoiseacha, nó dealbhanna. Bhí daoine in ann siúl thartímpeall orthu agus bhí siad daite ar ghach thaobh. Bhí siadsan spéisiúl go leor ach sa chéad seomra eile bhí sé bogtha ar aghaidh aríst. Bhí struchtúr í lár an seomra seo, struchtúr ioldaite, déanta de adhmad, foirgneamh beag is dócha, agus bhí daoine in ann súil isteach ann. Bhain na páistí an-spraoi as an píosa seo – bhí siad ag rith isteach is amach as agus iad ag glaoch ar a chéile is ag gáire. Bhí na mílte sreanganna gorma ag crochadh ón síleáil i seomra eile. Bhí clócaí ioldaite ag crochadh i seomra eile, agus scathán mór. “Parangolés” a thug sé ar na clócaí daite seo. D’fhéadfadh an phobail iad a chur orthu féin agus rince tímpeall leo, b’fhéidir, agus na dathanna ag foluain is ag scaipeadh amach taobh thiar dóibh.



propositions 4An rud a bhí i gceist ag Oiticica ná iarracht a dhéanamh éalú ósna coincheapanna traidisiúnta a bhain le péintéaracht. Thaistigh uaidh dathanna agus cruthanna a scaoileadh saor ó dhromchla an phictiúr agus iad a sheoladh amach san spás mórthimpeall. Thaistigh uaidh freisin go mbéadh níos mó bainnt ag an lucht féachanna leis an ealaín. Tá fógraí ag crochadh thartímpeall na h-áite ag rá: “Tá cead agat do lámha a chur ar an ealaín!”

 

propositions 5Fuair Oiticica bás i 1980. Nach iontach go raibh na smaointe seo aige sna seascaidí agus na seachtóidí, é go mór chun tosaigh ar a chuid ama. Na laethanta seo bíonn go leor ealaíontóirí ag plé le “Ealaín Suiteáilte” ach ba é Oiticica duine des na ceannródaithe leis an sórt seo ealaíne. San pasáiste deiridh, tá trí samplaí le feiscint. Is é “Tropicália” an ceann is spéisiúla, dár liomsa. Tá gaineamh ar an dtalamh, tá crainn pailme ag fás i bpotaí, tá botháinín ann (mar a bhéadh i slumaí Rio de Janeiro), agus tá dhá phearóid ann chomh maith, iad ina chónaí go gleomhar in éanlann deas ar chúl an tí. Má bhí Oiticica ag iarraidh an saol agus an ealaíon a thabhairt le chéile lena chuid oibre, is cinnte gur éirí leis é sin a bhainnt amach leis na píosaí deiridh seo.

Advertisements