Déan Ealaín sa Ghaeltacht!

Le Eoin Mac Lochlainn

Léargas ar Thréimhsí Cónaithe do Ealaíontóirí sa Ghaeltacht:

Tá mé i mo shuí anois ag breathnú amach ar an ghrian agus í ag dul faoi os cionn Inis
Meáin i gCuan na Gaillimhe. Tá mé sa stiúideo in Áras Éanna ar Inis Oírr. Nach aoibhinn beatha an ealaíontóra (!). Chaith mé tréimhsí mar ealaíontóir cónaithe in áiteanna éagsúil sna Gaeltachtaí thar na blianta agus ba mhaith liom cur síos a dhéanamh orthu anseo agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Bhí difríochtaí móra idir na h-áiteanna éagsúla ach caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh astu go léir.

Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe   http://www,araseanna.ie/

Tá Áras Éanna suite i sean-mhonarchan athchóirithe ar an taobh thiar de Inis Oírr. Monarchan fíodóireachta a bhí ann tráth ach anois, tá amharclann le 75 suíocháin ann chomh maith le dhá ghailearaí ealaíne, caifé, cúpla ceardlanna, stiúideo mór agus áit cónaithe fairsing do ealaíontóir amháin.

aras-eanna-3

Bíonn clár imeachtaí an-mhaith ag an ionad ealaíne seo, ceoltóirí ar nós Jimmy Crowley, Mairéad Ni Mhaonaigh, Damien Dempsey, fir grinn ar nós Tommy Tiernan agus Jon Kenny, agus ealaíontóirí ar nós Seán McSweeney. Tá árasán amháin ann a mbíonn ealaíontóir éagsúil in ann fanacht ann gach mí. Caithfear bille €25 a íoc don leictreachas srl, agus obair ealaíne a bhronnadh orthu ag deireadh na míosa. Scrúdaítear na h-iarratais uair amháin sa bhliain. Is í Mairéad Ní Ghallchóir an stiúrthóir agus is féidir glaoch a chur uirthi ag 099-75150.

Tá stiúideo deas gheal ann, le fuinneog mór ag breathnú siar. Más ag gabháil le péintéireacht atá tú, chuireadh sé gliondar ar do chroí a bheith ag obair ann. Ach ós rud é gur oileán í Inis Oírr, caithfear smaoineamh i gcónaí ar conas trealamh agus péint úr a iompar abhaile! Tá radhairc áille ar an oileáin, go h-áirithe má tá tú ‘faoi dhraíocht ag ceol na farraige’ – ach athraíonn an aimsir go minic agus níl aon foscadh le fáil má thosaíonn sé ag cur báistí. Má bhíonn an aimsir go dona, bíonn ort fanacht istigh agus, toisc nach bhfuil spás ann ach do ealaíontóir amháin, is féidir leis a bheith uaigneach go leor anseo. Mar sin féin, má tá togra spéisiúil ar siúl agat, ní thabharfaidh tú an aimsir faoi dearadh agus tá muintir na h-áite an-chairdiúil. Thaithin an tréimhse seo go mór liomsa (go h-áirithe mar go rabhamar i gceartlár na Gaeltachta agus go raibh deis agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh) ach cinnte, ní oirfeadh sé do gach duine.

Ina dhiaidh sin féin, tá gnéithe ar Inis Oírr nach bhfeicfidh tú in aon áit eile. Tá claíocha an-spéisiúla ann agus na mílte buailtí (páirceanna) beaga, iad clúdaithe le bláthanna fiáine nó lán go barr le ceapacha fataí. Tá Teampall Chaomhán ann, é beagnach clúdaithe ag an ghainimh. Tá an Plassy ann, an long bháite mheirgeach ina luí go fóill ar na leacracha ón am gur tharla an longbhriseadh i 1960. Tá deilf le feiscint ann freisin. Tagann sí isteach chuile lá leis an mbád ó Doolin. Tá go leor le feiscint ar Inis Oírr!
aras-eanna-4


Cill Rialaigh, Baile an Sceilg, Co. Chiarraí  

Tá neart le feiscint i gCill Rialaigh chomh maith. Tearmann álainn é, leath dosaen botháin athchóirithe ar thaobh sléibhe, ag breathnú amach ar an bhfarraige, ag breathnú siar go Meiriceá. Ní féidir dhul níos faide siar ar thalamh in Éirinn – cheapfá go raibh tú ag deireadh an domhain. (Cinnte, tá Sceilg Mhichíl níos faide amuigh fós – ach d’fhéadfaí a rá nach áit domhanda í sin). Bhainfeadh na radhairc an anáil díot.

Bhunaigh Noelle Campbell Sharp an tearmann tuaithe seo i 1991 i sean-sráidbhaile amuigh ar Cheann Bhólais, ag deireadh Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tá níos mó ná 3000 ealaíontóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus filí tar éis tréimhse a chaitheamh ann ó shin i leith. Má leanann tú an bóthar siar, níos faide siar ná na botháin, tiocfaidh tú go dtí sean-ráth ar thaobh na láimhe deise. Is cuimhin liom, chaith mé roinnt mhaith ama ansin an uair dheireanach, ag sceitseáil, ag smaoineamh agus ag ligeann le mo shamhlaíocht. Arís, nach aoibhinn beatha an ealaíontóra (!).

Cill-Rialaig-2

Cill Rialaig, Co Chiarraí

Aisteach go leor, tháinig cuireadh go Cill Rialaigh chugam gan choinne ach sin mar a tharlaíonn, de réir dealraimh. Is féidir iarratas a chur isteach ach deirtear liom go mbíonn scuaine fada de dhaoine ag fanacht i gcónaí. Cuir glaoch ar an oifig (066-9479297) agus tá seans ann i gcónaí go mbeadh folúntas ann duit agus, má éiríonn leat dhul ann uair amháin, bíonn seans níos fearr agat dhul ar ais arís níos déanaí. Bíonn bille fóntais (timpeallas €90) le n-íoc agus iarrtar ort pictiúr a bhronnadh orthu ag deireadh na coicíse.

Os rud é go mbíonn seisear nó níos mó ealaíontóirí ag fanacht anseo ag an am céanna, bíonn go leor deiseanna ann le haghaidh comhrá agus caidreamh. Mar sin féin, tá áit cónaithe agus stiúideo (beag) príobháideach ag gach duine agus is féidir coicís an-chiúin a chaitheamh anseo más mian leat é. Is fiú go mór gluaisteán a thabhairt leat mar tá Cill Rialaigh cúpla míle ar shiúl ón siopa is giorra.

Níl suíomh idirlíne ag Cill Rialaigh ach sin mar gur tearmainn é, agus go bhfuil sé á choimeád ciúin d-aon ghnó. Níl aon cheangail anseo leis an ghréasán domhanda.

Cló agus An Fearann Feasa, Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall   www.clo.ie

clo-2

Ionad Ealaíne Cló, Co Dhún na nGall

Anois, tá an taobh tíre mórthimpeall ar Chló go h-álainn ar fad. Tá an t-ionad ealaíne seo suite i measc sléibhte mhaorga Dhún na nGall, ag bun an Earagail. Is minic an lá a chaith mé ag spaisteoireacht thart thuas ansin agus bhain mé an-taitneamh as. Má bhíonn an aimsir go dona (agus bíonn uaireanta!) tá ceardlann Chló feistithe go h-iomlán le h-aghaidh eitseáil, liteagrafaíocht cloiche agus gach sórt clódóireachta thraidisiúnta agus digiteach. Chomh maith le sin tá dánlann ann agus an Fearann Feasa, leabharlann den chéad scoth le catalóga, leabhair ealaíne, dlúthdhioscaí agus mar sin de. Ian Joyce agus Oona Hyland a bhunaigh an t-ionad spéisiúil seo i lár na sléibhte. Cé gur áit iargúlta a bhí ann, bhí sé mar aidhm acu naisc a chothú le h-ealaíontóirí ó gach chearn den domhan.

6042033

trealamh priondála i gCLÓ

Deirtear liom go bhfuil roinnt athruithe tar éis teacht ar an chlár imeachtaí ar na mallaibh ach, nuair a bhí mise ann, bhí dhá árasán sa teach cónaithe agus bhíodh ar a laghad dhá ealaíontóirí cónaithe ann i gcónaí. Go minic bhíodh cuairteoirí breise ann, a d’fhanadh sa bpríomh teach le muintir Joyce (mar bhíodh tograí ealaíne nua á eagrú acu an t-am ar fad).

Anois, tá sé deacair a rá cé acu áit ar thaithin is mó liom. Tá siad go léir go h-iontach deas ach caithfidh mé a rá go bhfuil níos mó Gaeilge le cloisint in Inis Oírr ná i gceachtar den dá áit eile. Bhí díomá orm faoi seo mar tugadh le fios dom go mbeinn i dteagmháil le muintir na Gaeltachta agus mé ag obair in aon cheann de na h-ionaid ealaíne seo. Ó thaobh na h-ealaíne de, gan dabht bhí spreagadh iontach le fáil iontu go léir. Bhí áiseanna éagsúla ag na h-ionad éagsúla ach bhí an trealamh is fearr ag Cló i gContae Dún na nGall. Braitheann sé, ar ndóigh, céard ’tá á lorg agat – an caidreamh, an cultúr nó an ciúnas – ach nuair a fheicimse an ghealach lán ag éirí anois os cionn Inis Oírr, caithfidh mé an duais a thabhairt do Áras Éanna.

Eoin Mac Lochlainn,

Scéalta Ealaíne
https://emacl.wordpress.com/