Taispeantas Dealbhadóireachta Chlíodhna Cussen

Seoladh Thaispeantas Dealbhadóireachta Chlíodhna Cussen
An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Réamhrá le Simon Ó Faoláin – 5ú lá Nollag 2013.

Gineadh, gaibhneadh agus fuineadh sinn uilig i gcroílár réalta. Na heilimintí as a gcumtar sinn, is i lár an teasa agus an bhrú is mó dá bhfuil ann a thánadar súd ar an saol. Siadsan an bunábhar as ar mhúnlaíodh sinne. Dá bhrí sin, is dócha gur cheart – ag leibhéil éigin – go mbeimid go léir ábalta an righneas, an sheasmhacht, an neart agus an dlús san a aimsiú ionainn féin. Cuireann saothar Chlíodhna Cussen an fhíric seo i gcuimhne domsa.
Nuair a fhéachaim ar na dealbha seo, ní dealbha de dhaoine a fheicim, ach daoine le dealramh. Agus dar ndóigh, is ciaróg a dhealbhaíonn ciaróg eile. Duine le dealramh is ea Cliodhna Cussen, mar is eol go maith dóibhsan againn go bhfuil aithne againn uirthi. Duine ceansa, cineálta meanmach éirimiúil gan dabht.

Clíodhna Cusson

Ach maraon leis na tréithe san, léiríonn sí na tréithe céanna a léiríonn a dealbha: stuaim, macántacht, neart inmheánach, féinmhuinín. In achoimre, ‘sí Clíodhna an saghas duine go mbeifeá toilteanach faid agus leithead na tíre a thaistil ó Dhún Mhóir Mhumhan i gCorca Dhuibhne go Béal Feirste – beagnach chomh fada le Donncha Dí – chun taispeántas a sheoladh ar a son.


 Is minic a chloisfí criticeoirí ealaíne ag moladh deilbhe as a éadroime is atá sí, as an slí grástúil ina dtugann an dealbh dúshlán na domhantarraigthe. Tá san go maith go deimhin. Ach san ráite, nach é an rud is gnáthaí d’ár dtarraingt i dtreo deilbhe ná a tathag, a dlús, a daingne? 2 beirtTá amhlaidh liomsa ach gto háirithe. Na daoine sa tsaghas dealbh a mhúnlaíonn Clíodhna, táid dírithe go hiomlán ar an rud atá idir lámha acu. Is cuma an é sin a bheith ag baint speilp as na spúnóga, ag brú slí i gcoinne na gaoithe oíche stoirmiúil, ag caint, ag stánadh in airde ar an spéir go neafaiseach,  nó díreach ag déanamh a machnamh. Tá an cruinnithe meabhrach seo le feiscint i seasamh suaimhneach na ndealbh aici. B’fhuirist dúinn bheith i bhformad leo as seo mar a mbeimíst i bhformad le díthreabhach nó manach, sinne a bhraitheann go bhfuilimid á stracadh gan stad ins na haon treo ag riachtanaisí agus dualgaisí ár saol.

Dom shúl-sa féin, léiríonn na figiúirí seo meáchaint agus láithreacht a eascraíonn as a n-iomláine, as a slánchúis, as a macántacht, as a ndílseacht lena bhféiniúlacht agus lena nádúir pearsanta atá gan cur i gcéill. Ní chuireann na figiúirí seo aon ghothaí orthu féinig mar ná braitheann siad aon ghá chuig a leithéid; táid go huile is go hiomlán ar a gcompórd leothu féinig agus iontu féinig. ‘Sea cloisimse uathu ná “seo a bhfuil, seo mise, glac liom mar a nglacaim féin liom, nó bíodh agat!” Is tréith é seo go bhfuil géarghá lena thuilleadh dhe timpeall na háite i ré seo an domhandaithe, an ré seo ina bhfuil formhór na ndaoine – agus thar éinne na daoine óga – ina bhfuilid cromtha ar a gcroí dícheall ag iarraidh a bheith cosúil le na haon duine eile, ag iarraidh a n-uathúlachta a cheilt, a gcosúlachtaí a mhéadú, ag iarraidh cúlú fé scáth an tréada.

cliodhna cusson 4 Scríos dán tamall de bhlianta ó shin ag plé leis an athrú meoin seo. Bhí an dán, mar dhea, ag labhairt le Tarbh an tSáis, caractar ó stair áitiúil Iarthar Dhuibhnigh. Fear ab ea é a mhair ag bun faillte diamhara ar an dtaobh ó thuaidh de Chnoc Bhréanainn taobh na dtonn na mílte óna chomharsain, fear go raibh cáil air mar throdaire leis an gclaithailpín, máistir pionnsa – faction fighter mar a deirtear as Béarla. ‘Sé ceann dos na rudaí a dúras fé – nó leis – ná:

 Níl barbarthacht uasail uainn innuimh,
‘Gus ar do neamhspleáchas faighimid locht

 Seo mar atá meon an tsaoil inniumh i gcoitinne, nó sin is cosúil domsa. Ach ‘sea scrígh údar amhráin ón naoiú chéad déag fé Tarbh a’ tSáis, duine a bhí comhaimseartha leis, ná:

 Gluaiseann Tarbh an tSáis
Go mínáireach, láidir, mallaithe,

N’fheadar fé mallaithe, agus súil agam ná fuilid, ach samhlaím go bhfuil na daoine i ndealbha Chlíodhna mínáireach agus láidir. Go bunúsach, tá siad, sa chiall ina n-úsáidtear an focal sa Ghaeltacht, nádúrtha.

Nádúrtha: b’fhéidir gur b’é seo an nod atá uainn chun go dtuigfimís brí an t-aon neach neamhdhaonna i measc dealbha daonna an taispeántais, sin an chorr réisc, nó Jónaí an Scrogaill mar a ghlaotar uirthi go comónta in Iarthar Dhuibhneach. Jenny the Bogs as Béarla in áiteanna eile ar fud na tíre agus dúirt an file Mick Delap ó Oileán Dhairbhre – ach gur de bhunadh Phrotastúnach Thír Chonaill é, dúirt sé liom gur b’é an t-ainm a bhíodh ag a athair air an éan seo ná the Gooneyflap, teideal ceolmhar a thaithin go mór liom. Dar ndóigh, is nós coitianta na n-ainmhithe is na n-éanlaithe a bheith go hiomlán báite sa rud idir lámha. Níl sé ar a gcumas gan a bheith amhlaidh. Mar a scrígh an smaointeoir John Grey; “Animals do not pine for a deathless life. They are already in it.” Sin an dúchas atá

corr éisccaillte againne agus nílimid cinnte an margadh maith a bhí sa mhéid a bhfuaireamar mar mhalairt ar an dtréith luachmhar san. Ach thar aon neach eile, sí an chorr réisc barrshamhail na hintinne atá dírithe ar a gnó féin in aon meandar ar leith. Féach uirthi ag fiach éisc: ise an ga a mharófaidh an t-iasc, ise an intinn taobh thiar de theilgean an gha agus, le déine chomh dírithe isteach ar a creach is atá sí, go bhfuil a meon líonta leis an iasc atá á lorg aici, ise an t-iasc chomh maith. Dar ndóigh, seo an meon a bhí i gceist ag Seán Ó Ríordáin ina dhán cáiliúil ‘Malairt’ agus sa réamhrá a chuir sé le Eireaball Spideoige chomh maith.

 An staid intinne seo, is tír tairngire gach ealaíontóir agus gach file fiúntach í. Seo tóraíocht na n-ealaíon agus an staid úd ina iasc, ina bhricín sleamhain go mbíonn ealaíontóirí sa tseilg air go síoraí agus gan béartha acu air ach go sealadach i rith an ama a bhíonn siad go hiomlán báite ina saothair. Níos déanaí, i ndiaidh an ghnímh chruthaithaigh san, dearbhaíonn an saothar ábhartha do dhaoine eile go raibh an ealaíontóir ann sa zón san tráth. Ach níl aon ghá ag an ealaíontóir leis an gcruthúnas seo, tá’s acu go maith an bhaineadar amach an staid úd nó ná bhaineadar. Is fiagaí ar an nós seo í Clíodhna Cussen le fada agus léiríonn cumhacht na ndealbh seo atá ós ár gcomhair anocht ná fuil aon maolú ná meath ag teacht ar an gcúram san aici le himeacht na mblianta. Tréaslaím a saothair is a tóraíocht leanúnach léithí agus fógraím an taispeántas seo seolta.

Nóta: Íomhánna ar fáil buíochas le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.