New Paintings and Some Drawings
Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir
08 Lúnasa – 04 Meán Fómhair 2014
Saothar péintéireachta le Samuel Walsh, ealaín a rinne sé idir 2006 agus an am i láthair. Is péintéireacht teibí atá ar taispeáint anseo, agus dar leis an ealaíontóir tá sé suas don lucht féachana a gciall fhéin a bhaint astu.
http://thecourthousegallery.com/category/current-exhibitions/
………………………………………………………………………………
15 Lúnasa – 13 Meán Fómhair 2104
Saothar dealbhadóireachta leis an ealaíontóir Vanessa Donoso López. Cruthanna nadúrtha agus mionsaothair sobhriste déanta as páipéar.
………………………………………………………………………………
Far and Wide / Traveling, Drawing
The Dock, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma
07 Meitheamh 2014 – 30 Lúnasa
Tá dhá thaispeántas ar siúl sa Dock faoi láthair: “Travelling, Drawing” le John Brady (sraith líníochta a rinne sé i 22 sceitleabhair agus é ag taisteal an domhain), agus “Far and Wide”, (dealbhadóireacht le Maggie Madden, ina n-úsáidtear réimse leathan ábhair le cruthanna geoméadracha a dhéanamh). http://www.thedock.ie/
Retrospective and looking forward
Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo.
01 – 24 Lúnasa 2014
Seo taispeántas cuilteanna ón Octogan Quilters Group:
Evelyn Brady / Mary Brady / Wendy Brooker / Vera Buckley / Maeve Cusack / Mari Freeman / Jean Gill / Gemma Hensey / Madeliene Jordan / Mary Madden / Brenda Maloney / Catherine Devine Mc Hale / Maria Mulqueen /Ann Moran / Brid Sammin / Bernie Walsh / Ruth Spiers.
…………………………………………………………………………………………………..
Susan Hiller, The Model, Sligeach.
12 Iúil – 21 Meán Fómhair 2014
Taispeántas aonair le Susan Hiller ina léirítear téamaí cuimhne, caillteanas agus an aigne fho-chomhfhiosach. Sa saothar seo tógtar ionspioráid ó chártaí poist, páipéir nuachta, logainmeacha agus scríbhneoireacht uathoibríoch.
…………………………………………………………………………………………………..
Saothair triallach i ngloine le beirt ealaíontóir, Karen Donnellan agus Róisín de Buitléar. Sa taispeántas seo úsáidtear cruthanna teibí i ngloine chun fuaim agus ceol a dhéanamh. http://www.nationalcraftgallery.ie
Patrick Scott: Image, Space, Light
Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall
14 Iúil – 27 Meán Fómhair 2014
Péintéireacht, taipéisí agus boird lámhdhéanta leis an ealaíontóir iomráiteach Patrick Scott. Seo saothair leis ón tréimhse 1970 – 2000, ealaín atá curtha ar taispeáint i bpáirt le Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBÁC.
…………………………………………………………………………………………………..
Dinnseanchas: From New Delhi to the Fountain of the Clouded Sky
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
31 Iúil – 12 Meán Fómhair 2014
Taispeántas de shaothair triúr ealaíontóir: Nuala Gregory, Diane Henshaw agus Deirdre Mackel. Seo bailiúchán nua saothair a bunaíodh ar an téama Dinnseanchas.
………………………………………………………………………………………………….
Nature Boy, Millennium Court Arts Centre, Ard Mhacha.
04 Iúil – 30 Lunasa 2014
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Peter Finnemore. Grianghrafadóireacht agus fís ina n-úsáidtear an gháirdín mar siombal fileata – mar pháráis, reilig, gnáthóg agus spás marachtáil. http://millenniumcourt.org/
Generally Recognised As Safe.
Galway Arts Centre, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe.
07 – 30 Lúnasa 2014
Taispeántas aonair le Mathew Sutton. Leis an saothar dealbhadóireacht seo iarrtar ar an lucht féachana áird a thabhairt ar an teannas a chruthaítear idir an ealaín agus spás an ghailearaí. http://www.galwayartscentre.ie/visual.html
…………………………………………………………………………………………………..
Ceann sa Ló, Leabharlann na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe
03 Iúil – 03 Meán Fómhair 2014
Taispeántas péintéireachta nua ón ealaíontór Dan O’Flatharta, saothar a d’eascraigh ó thogra fadtéarmach ina ndéantar pictiúir trialach a phéinteáil chuile lá.
…………………………………………………………………………………………………..
Bob Quinn: Atlantean, Áras Eanna, Inis Oírr, Co na Gaillimhe
1- 31 Lúnasa 2014
Rugadh Bob Quinn i mBaile Átha Cliath i 1935 agus tá cónaí air i gConamara ó 1970. Is déantóir scannán gan faitíos é, agus scríbhneoir agus grianghrafadóir an-tábhachtach. Le linn mhí Lúnasa ceiliúrfaidh Áras Éanna a ionchur ollmhór i saol ealaíne na hÉireann i bhfoirm taispeántas dá chuid grianghraf agus scannán. http://www.araseanna.ie/ga
PASSAGE, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
04 Iúil – 29 Lúnasa 2014
Grúpthaispeántas de shaothar roghnaithe ó bhailiúcháin ealaíne Niland. Saothair le Louis Le Brocquy, Dorothy Cross, agus ealaíontóirí mór-le-rá eile ón 20ú chéad.
Cultures of Clay, Hunt Museum, Luimneach.
18 Lúnasa – 12 Deireadh Fómhair 2014
Ealaín roghnaithe ó chéimithe de chuid Ollscoil Luimnigh. Saothair nua-dhéanta i gcré. Fuiar an taispeántas seo tacaíocht ó Chomhairle Cheardaíochta na hÉireann. http://www.huntmuseum.com
…………………………………………………………………………………………………..
Museum of Forgetting, Ormston House, Sráid Phádriag, Luimneach
20 Lúnasa 2014
Grúpthaispeántas ina bhfuil béim curtha ar fhadhbanna a thagann le himirce, agus polasaithe Eorapacha ó thaobh faireachais agus teorainn. Ealaíontóirí: Núria Güell ( An Spáinn), Daniela Ortiz (Peiriú), Xose Quiroga (An Spáinn), agus Oscar Lara (An tSualainn/Peiriú). http://www.ormstonhouse.com/
Behind Bushes, The Talbot Gallery, Sráid Thalbóid, BÁC 1.
28 Lúnasa – 13 Meán Fómhair 2014
Taispeántas péintéireachta le Fiona Burke. Tírdhreacha agus ábhair neamhbheo, ina n-úsáidtear gnáth ábhair ón stiúideó chomh maith le teicnící thradisiúnta. www.talbotgallery.com/
…………………………………………………………………………………….
Dic Tat, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
17 Iúil – 06 Meán Fómhair 2014
Comhoibriú idir an ealaíontóir Marie Hanlon agus an cumadóir Rhona Clarke. Seo líníocht ina n-úsáidtear rithim rialta méadranóim chun cruth agus structúir a thabhairt don ealaín.
…………………………………………………………………………………………………..