Nollaig Shona a Cháirde!
Beidh muid arais i mí Eanáir le tuilleadh nuachta faoi ealaín den scoth….
………
Fógra:
Gach eolas ag comortas-scribhneoireachta-2015.
………………………………………….
Ó, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh,
09 Deireadh Fómhair 2015 – 10 Eanáir 2016
Grúpthaispeántas ina ndéantar cur síos ar scileanna traidisiúnta agus dearadh comhaimseartha. Tá 30 ealaíontóir páirteach sa taispeántas seo agus tá béim ar dhearthóiri a bhfuil ceangail láidre acu le oidhreacht cheardaíochta na hÉireann. http://www.nationalcraftgallery.ie
…………………………………………………………………………………….
Shipwrecked Dreams,
Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Sráid Dominic, Cathair na Gaillimhe.
7.30pm 06 Samhain 2015
Meascán beomhar d’ealaín, bia, ceol agus filíocht ar siúl ar feadh aon oíche amháin. Is iad an grúpa Fold/Unfold atá ag eagrú na hócáide, le Johnnie Lawson agus Aindrias de Staic i measc na gceoltóirí agus ealaíontóirí atá páirteach. Ticéaid €10/8 ealaín https://www.galwayartscentre.ie/en
……………………………………………………………………………
Tulca 2015: Seachange,
Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Cathair na Gaillimhe.
Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Sráid Dominic, Cathair na Gaillimhe
13 – 29 Samhain 2015
Tá féile ealaíne TULCA ar ais linn i mbliana, le taispeántais chomhaimseartha nuálacha á n-eagrú ar fud na Gaillimhe ar feadh coicís i mí na Samhna. Is í an coimeádaí Mary Cremin a roghnaigh an ealaín i mbliana, agus sén téama a bhéas ag an bhféile ná an timpeallacht.
http://tulcafestival.com/
…………………………………………………………………………………
A History Of Play, The Model, Sligeach.
14 Samhain 2015 – 10 Eanáir 2016
Liminal Spaces, The Model, Sligeach.
12 Meán Fómhair – 23 Nollaig 2015
Grúpthaispeántas uaillmhianach ina gcuirtear i láthair saothair a rinne ealaíontóirí, ailtirí, scoláirí agus institiúidí i gcomhpháirt. Agus an dán cáiliúil The Lake Isle of Innisfree tugtha dóibh mar thús phointe, rinne na rannpháirtithe saothair ealaíne nua bunaithe ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an gceantair iarthuaisceart seo.
Coimeádaithe: Cliona Brady, Bernadette Donohoe, Megan Johnston, Marianne O’Kane Boal, Michael Roulston, Clea van der Grijn.
http://themodel.ie/exhibitions/liminal-spaces-exhibition-opening-sept-12-liminal-spaces
………………………………………………………………..
Common Land, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo
29 Deireadh Fómhair – 22 Samhain 2015
Taispeántas aonair le Paul Crook. Saothair phéinteála ina ndírítear ar an saol uirbeach, ag cur i láthair radhairc sráide agus stíleanna ailtireachta atá comónta do chathracha ar fud na hEorapa Thuaidh. www.customhousstudios.ie
………………………………………………………………………
Donegal Photo Album, An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
Oscailt Oifigiúil 28 Deireadh Fómhair 2015
Taispeántas grianghrafadóireachta. Léargas ar shaol Mhairéad Ní Mhaonaigh agus an ceol traidisiúnta í nGaeltacht Dhún na nGall. Saothair roghnaithe ó bhailiúchán pearsanta grianghrafadóireachta leis an gceoltóir clúiteach seo.
…………………………………………………………………………………………………..
The Shoe Making Kit, R-Space Gallery,
Sráid an Chaisleáin, Lios na gCearrbhach.21 Samhain – 05 Nollaig 2015
………………………………………………………………………
An t-Earagail, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.
17 Meán Fómhair – 18 Samhain 2015
Tá nasc ar leith idir muintir Bhéal Feirste agus Dún na nGall. Samhlaíonn muid ar fad an t-Earagal agus téann sí i bhfeidhm orainn ar an iliomad bealaí. Is ceiliúradh é an taispeántas seo ar an Earagail, an sainchomhartha tíre is suntasaí i gContae Dhún na nGall. Bhí sé ar taispeáint sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair le linn Féile an Earagail tá sé ar camchuairt anois go dtí Dánlann Dillon, i gCultúrlann Bhéal Feirste.Tá péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, téacs coimisiúnaithe, scannáin ealaíne agus scannáin faisnéise mar chuid den taispeántas seo. Tá réimse ealaíontóirí, as Éirinn agus as thar lear araon, páirteach ann agus tá tráchtaireacht agus ábhar cartlainne i gceist fosta.
When all is said and done, CIT Wandesford Quay Gallery, Cathair Chorcaí.
06 – 21 Samhain 2015
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Laura Smith. Saothair físe ina n-úsáidtear fíor-scéalta agus scéalta cumtha chun breathnú ar na srianta a chuirtear ar saoirse an ghnáth dhuine mar thoradh ar chinntí polaitiúla.
…………………………………………………………………………………………………..
TAISPEÁNTAS 2015, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí,
05 Samhain – 18 Nollaig 2015.
Taispeántas bliantúil le hEalaíontóirí Mhúscraí. Tháinig Ealaíontóirí Mhúscraí le chéile mar ghrúpa sa bhliain 2000 chun aird a tharraingt ar an réimse ealaíne a bhí á chleachtadh thart ar cheantar Mhúscraí. Cé go bhfuil a bhfealsúnacht féin ag gach ealaíontóir agus a slí bheatha féin ag gach duine acu, tagann siad le chéile uair sa bhliain le grúpthaispeántas a dhéanamh.
…………………………………………………………………….
TRASNA V, Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir.
20 Samhain 2015 – 20 Eanair 2016
Grúpthaispeántas bliantúil ina gcuirtear i láthair saothair ealaíne ar mhionscála ó ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh níos mó ná 400 saothair sa taispeántas i mbliana, idir saothair thraidisiúnta agus saothair chomhaimseartha. Bainfidh chuile dhuine taitneamh as an taispeántas ilghnéitheach seo agus is deis mhaith é le bronntanais ealaíonta a cheannach i gcomhair na Nollag.
Mark Dion, Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach.
20 Samhain 2015 – 13 Feabhra 2016
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Meiriceánach Mark Dion. Tá cáil ar Dion mar ghealt ar chur chuige úrnua a shaothair ealaíne, é ag tarraingt ar eolas agus modhanna oibre ó réimsí éagsúla staidéir, an bhitheolaíocht agus stair an dúlra ina measc. Dealbhóireacht, grianghrafadóireacht agus ealaín suiteála.
………………………………………………………………………
Construct, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
07 Samhain – 11 Nollaig 2015
Saothair ealaíne o bhailiúchán Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Is grúpa mac léinn ó Choláiste Ealaíne Bhéal Feirste a roghnaigh na saothair ealaíne don taispeántas seo. Roghnaigh siad “construct” mar theideal agus mar théama, agus phioc siad saothair ealaíne a bhain leis an ról atá acu féin i sochaí an lae inniu.
http://www.athloneartsandtourism.ie/on-show/luan-gallery-presents-construct
………………………………………………………………………
Seam, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
23 Deireadh Fómhair – 14 Samhain 2015
Taispeántas péintéireachta leis an ealaíontóir David Quinn. Saothair nua ina bhfuil suntas tugtha do ábhair éagsúla a d’fheicfeá caite thart ar láithreán tógála – fuíollábhar adhmaid agus gearrtháin Perspex agus MDF.
http://www.taylorgalleries.ie/David-Quinn-SEAM
E.gress: Marie Brett & Kevin O’Shanahan
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), BÁC 8,
03 Samhain – 13 Nollag 2015
Sa scannán ealaíne seo, tugtar léargas dúinn ar dhaoine a bhfuil an galar Alzheimer orthu agus na bealaí ina dtéann siad i ngleic leis an saol. Téamaí grá agus caillteanas atá léirithe sa scannán, saothar a d’eascraí as comhoibriú idir an ealaíontóir Marie Brett, an ceoltóir Kevin O’Shanahan agus Cumann Alzheimer na hÉireann.
http://www.imma.ie/en/page_237053.htm
…………………………………………………………………………………………………..
In their element, Olivier Cornet Gallery, BÁC 1
15 Samhain – 13 Nollaig 2015
Grúpthaispeántas le ceathrar ealaíontóir a bhíonn ag obair le cré. Sna saothair ceirmeachta seo tá na ceithre eilimintí mar théama – uisce, cré, tine agus aer.
Ealaíontóirí: Annika Berglund, Freda Rupp, Lesley Kelly, Sinéad Glynn
http://www.oliviercornetgallery.com/#/exhibitions-in-their-element/4590745218
………………………………………………………………………………………………….
Bouyed, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.
04 Meán Fómhair – 20 Nollaig, 2015
Taispeántas aonair le Michael Quanes. Ealaín a eascraíonn as spéis an ealaíontóra sa bhfórsa domhantarraingthe a bhfuil tionchar aige ar chuile shórt, lastigh agus lasmuigh dúinn. Saothair dealbhóireachta i gcloch.
…………………………………………………………………………………………………..
Chris Martin, Gailearaí Dubhghlas de hÍde, Coláiste Na Trionóide, BÁC 2.
09 Deireadh Fómhair – 02 Nollag 2015
Taispeántas aonair le Chris Martin, ealaíontóir atá lonnaithe i Nua-Eabhrac. Saothair phéinteála beomhar iad seo agus tá tionchar saol an cheoil, graifítí sráide agus cultúr na ndaoine le feiceáil sna canbháis ildaite.
http://www.douglashydegallery.com/current/#/chris-martin-gallery-1/
…………………………………………………………………………………………………..
Continuum, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
09 Deireadh Fómhair – 21 Samhain 2015
Taispeántas nua le Martina O’Brien. Fís, líníocht agus ealaín suiteála ina ndéantar scrudú ar bhealaí éagsúla a mbíonn lucht eolaíochta agus imshaoil ag tuar an todhchaí. http://www.draiocht.ie/