Buaiteoirí chomórtas scríbhneoireachta Nua-Ealaín 2014:
Máirtín Coilféir agus Eoin P. Ó Murchú – comhghairdeas libh!
Comhgairdeas freisin le Liam Ó Conaill, an buaiteoir sa gcatagóir dara leibhéil!
Léigh na léirmheasanna anseo.
Míle buíochas le moltóir na bliana seo, an scríbhneoir agus amhránaí Lillis ó Laoire. Buíochas ó chroí le na scríbhneoirí ar fad a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana, agus le Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta, a thug tacaíocht don chomórtas.
Na Buaiteoirí:
Is as an Uaimh, Co. na Mí é Máirtín Coilféir. Tá seal caite i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sé ag obair faoi láthair sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá spéis aige sa nualitríocht agus san aistriúchán, agus is é eagarthóir liteartha na hirise Comhar é.
Léigh a léirmheas anseo.
………………………………………………………………………..
Tá Liam Ó Conaill ag freastal ar Choláiste Ghobnatan, coláiste lán-ghaeilge i mBaile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Bhuaigh Liam an duais sa gcatagóir dara leibhéil i mbliana.
………………………………………………………..
An Comórtas
Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh arís do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gComórtas Scríbhneoireachta Ealaíne! Spriocdháta 14 Nollaig 2014. Má tá spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis. Tá muid ag lorg léirmheas gearr uait ar aon thaispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl faoi láthair. 400 focal ar a mhéid.
Tá dhá chatagóir againn i mbliana: Daoine Fásta / Daltaí Dara Leibhéil.
Duaiseanna: €200 / €50.
(Nóta: Ná dean dearmad cupla íomhá den ealaín a chur chugainn in éindí le do léirmheas, má tá sé ceadaithe grianghrafanna a ghlacadh ag an taispeántas.)
Féach thíos i gcomhair cur síos ar na rialacha agus na duaiseanna!
I mbliana tá dhá chatagóir againn:
Chatagóir 1: Daoine Fásta
€200 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit
Chatagóir 2: Daltaí Dara Leibhéil
€50 le fáil ag an mbuaiteoir
Foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist. Tá liosta iomlán se na rialacha le fáil thíos. Bí i dteagmháil linn ag nuaealain0@gmail.com má tá aon cheist agaibh!
An Moltóir
Tá áthas orainn a rá gur é an Dr Lillis ó Laoire a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí i mbliana! Scríbhneoir agus amhránaí é Lillis ó Laoire, a d’éirigh aníos i nGaeltacht Thír Chonaill. Is léachtóir le Gaeilge é i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. I measc réimsí taighde eile bíonn sé ag déanamh staidéar ar chomhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir.
Na rialacha:
- Fad an léirmheas: 400 focal ar a mhéid.
- Dáta deiridh Iontrála: 5pm Dé Domhnaigh, 14 Nollaig 2014
- Ar ríomhphost amháin a ghlacfar le hiarratais. Seol do léirmheas chugainn ag nuaealain0@gmail.com roimh 5pm 14/12/2014.
- Caithfear teideal an taispeántais a thabhairt, chomh maith le ainmneacha na n-ealaíontóirí atá páirteach, seoladh an ghailearaí agus dátaí an taispeántais.
- Glacfar le léirmheas ar aon taispeántas amharcealaíne comhaimseartha – dealbhadóireacht, fís, péintéireacht, grianghrafadoireacht, ealaín suiteála &rl, ar siúl idir 1/10/14 – 15/12/2014. Ní ghlacfar le léirmheas ar dhrámaí ná scannáin.
- Caithfidh an léirmheas a bheith i nGaeilge.
Eolas eile:
Má tá sibh ag lorg taispeántais i bhur gceantair fhéin, tá neart treoir le fáíl ar an idirlín. Féach ar Nua-Ealaín i gcóir eolas i nGaeilge ar thaispeántais reatha tímpeall na tíre. Nó caith súil ar an suíomh idirlín Culture Fox, áit a bhfuil liosta cuimsitheach de thaispeántais ar siúl in Éirinn.