Ar siúl faoi láthair

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín: Tá na buaiteoirí fógartha!

Buaiteoirí 2015/16

nua ealain poster 2

 …………………………………………………………………………………….

Not Too Precious, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh,
22 Eanáir – 30 Márta 2016

Grúpthaispeántas le saothair ó sheodóirí lonnaithe in Éirinn agus thar lear. Sa taispeántas seo tá béim ar sheodra déanta as ábhair neamhghnách, ábhair a roghnaíodh ar son an scéal a bhaineann leo, seachas an sainluach airgid atá acu. http://www.nationalcraftgallery.ie

Not_Too_Precious-641x300

 …………………………………………………………………………………….

The absence of the necessity of being occupied
James Barry Exhibition Centre, CIT Bishopstown Campus, Baile an Easpaig, Corcaigh.
3 – 12 Feabhra 2016

Taispeántas aonar leis an ealaíontóir Elisa Feiritéar, buaiteoir an Registrar’s Prize 2015 i Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí. Sna saothair péintéireachta seo déantar machnamh ar an tábhacht atá le am saor i saol an duine, agus an slí a mbíonn am saor á chaitheamh ag daoine.

Night Kayak
 …………………………………………………………………………………….

On the Border between Time and Loss,
Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Sráid Dominic, Cathair na Gaillimhe.
22 Eanáir – 26 Feabhra 2016

Grúpthaispeántas le na healaíontóirí Victoria J Dean, Niamh O’ Doherty agus Laura Smith. Teorainn atá mar théama ag an taispeántas seo, le saothair ealaíne a d’eascraí as taighde ar chósta na hÉireann, cósta na hÍoslainne, agus ar Oileáin Diomande, dhá oileán ar chaon taobh den Dátlíne Idirnáisiúnta. https://www.galwayartscentre.ie/en

NiamhODoherty

……………………………………………………………………………

 

SHILLS, Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Cathair na Gaillimhe.
09 – 23 Eanáir 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Pádraig Spillane, ina bhfiosraítear tuairimíocht maidir le cleasaíocht agus mianta. Tá an taispeántas seo á eagrú mar chuid de chomhoibriú leanúnach idir Engage Art Studios i nGaillimh agus Tactic Studios i gCorcaigh.

unnamed

…………………………………………………………………………………


Paintings/Drawings
, Leabharlann an Spidéil, Co na Gaillimhe
7 – 28 Eanáir 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Helen Roberts. Sraith phéintéireachta agus líníochta ag plé le tírdhreacha, éineacha agus an nádúr sa gceantar áitiúil.

barnawoodstree

…………………………………………………………………………………


The Model Drawing / Unforgettable neighbourhoods
,

The Model, Sligeach.
30 Eanáir – 27 Márta 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Dúitseach Bart Lodewijks. Rinne An Model coimisiúnú ar an togra ealaín phoiblí seo. Is saothair líníochta atá i gceist sa togra, ealaín a déanadh thar tréimhse 3 bliain i láithreacha éagsúil i Sligeach.

8489515501_152d0a17c2_o

 …………………………………………………………………………………..

Winter Show, Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo
Nollag 2015 – 24 Eanáir 2016

Grúpthaispeántas speisialta ag taispeáint saothair le 40 ealaíontóir a bhí bainteach leis an ngailearaí i 2015.  www.customhousstudios.ie

Ciara O'Hara

 


…………………………………………………………………………………………………..


Place and Process
, R-Space Gallery,
Sráid an Chaisleáin, Lios na gCearrbhach.
09 Eanáir – 05 Feabhra 2016

Saothar nua leis an ealaíontóir Stuart Cairns, ina ndéantar úsáid as ghnáth rudaí a bhailigh sé agus a chur sé le chéile thar na bliana. Ealaín suiteála agus líníocht. http://www.rspacelisburn.com/

arrangement Stuart Cairns

 …………………………………………………………………………………………………..


Solas – Glass Society Of Ireland,
CIT Wandesford Quay Gallery, Cathair Chorcaí.
06 – 29 Eanáir 2015

Grúpthaispeántas le saothair i ngloine ó ealaíontóirí atá lonnaithe in Éirinn.
Ealaíontóirí: Scott Benefield, Patrick Blythe, Emma Bourke, Sinead Brennan, Sean Campbell, Debbie Dawson, Roisin de Buitleir, Karen Donnellan, Gwyn Grace, Eamonn Hartley, Karl Harron, Catherine Keenan, Peadar Lamb, Alison Lowry, Sarah McEvoy, Meadhbh McIlgorm, Sadhbh Mowlds, Jenny Mulligan, Michelle Ryan, Killan Schurmann, Aoife Soden, Andrea Spencer, Suzannah Vaughan agus Catherine Wilcoxson.

alison_lowry

 …………………………………………………………………………………………………..


Ag Fágaint ár Rian
Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí,
04 Eanáir – 08 Feabhra 2016.

Grúpthaispeántas ealaíne le daltaí na hIdir-bhliana, Coláiste Ghobnatan.

art_39art_39art_39

 

…………………………………………………………………….


TRASNA V
Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir.
20 Samhain 2015 – 20 Eanair 2016

Grúpthaispeántas bliantúil ina gcuirtear i láthair saothair ealaíne ar mhionscála ó ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh níos mó ná 400 saothair sa taispeántas i mbliana, idir saothair thraidisiúnta agus saothair chomhaimseartha. Bainfidh chuile dhuine taitneamh as an taispeántas ilghnéitheach seo agus is deis mhaith é le bronntanais ealaíonta a cheannach i gcomhair na Nollag.

Trasna
……………………………………………………………………..


Mark Dion
Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach.
20 Samhain 2015 – 13 Feabhra 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Meiriceánach Mark Dion. Tá cáil ar Dion mar ghealt ar chur chuige úrnua a shaothair ealaíne, é ag tarraingt ar eolas agus modhanna oibre ó réimsí éagsúla staidéir, an bhitheolaíocht agus stair an dúlra ina measc. Dealbhóireacht, grianghrafadóireacht agus ealaín suiteála.

Mark Dion

………………………………………………………………………


Beyond the Beyonds
, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
07 Samhain – 11 Nollaig 2015

Taispeántas aonair leis an ealaiontóir John Kingerlee. Súil siar é seo ar shaothar an ealaíontóra clúiteach seo, le péintéireacht a rinne sé idir 1962 agus 2015.
http://www.athloneartsandtourism.ie/on-show/beyond-the-beyonds

John Kingerlee

………………………………………………………………………


Winter Group Show
, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
23 Deireadh Fómhair – 14 Samhain 2015

Grúpthaispeántas péintéireachta. Saothair leis an ealaíontóir Seán McSweeney curtha i láthair in éindí le saothair ó ealaíontóirí eile atá bainteach leis an ngailearaí. Ina measc tá Anne Madden, Louise Neiland, Pat Harris, David Quinn, Brian Bourke, Martin Gale, Kevin Miller, Janet Mullarney, Ruth McDonnell, Tim Morris, Patricia Burns, Charles Tyrrell, John Coen, Seán Fingleton, Ann Quinn, Denis Farrell, John Doherty, T.J. Maher, Fionnuala D’Arcy, Anita Shelbourne, Mary Lohan, Linda Ruttelynck, Makiko Nakamura, Colin Harrison, Bernadette Kiely, Regine Bartsch, Tim Goulding agus Michael Cullen.

Seán McSweeney Red-StrandAcrylic-18-x26_670

 ………………………………………………………………………


Shot At Dawn

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), BÁC 8,
09 Deireadh Fómhair 2015 – 28 Márta 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Sasanach Chloe Dewe Mathews ina ndéantar léargas ar théamaí cogaíocht agus tréigean. Sa sraith ghrianghrafadóireachta seo feictear thírdheacha agus foirgnimh folaimh, áiteacha inar cuireadh saighdiúirí chun bás i rith an Chéad Cogadh Domhanda. http://www.imma.ie/en/page_236943.htm

shot at dawn


…………………………………………………………………………………………………..


Hopscotch, 
Olivier Cornet Gallery, BÁC 1
17 Nollaig – 31 Eanáir 2015

Grúpthaispeántas ina ndéantar cur síos ar chluichí an aos óg, ag díriú ar chuimhneacháin do bheith ag spraoi mar ghasúir. Ealaíontóirí: Annika Berglund, Michelle Byrne, Conrad Frankel, Hugh Cummins, John Fitzsimons, Jordi Fornies, Jason Lowe, Eoin Mac Lochlainn, Yanny Petters, Kelly Ratchford, and Adrienne Symes.
http://www.oliviercornetgallery.com/#/exhibitions-hopscotch/4591327316

Image processed by CodeCarvings Piczard ### FREE Community Edition ### on 2015-12-02 14:20:56Z | http://piczard.com | http://codecarvings.com

 ………………………………………………………………………………………………….


The Foggy Dew, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.

15 Eanáir  – 21 Feabhra 2016

Taispeántas aonair le Mick O’Dea.  Ealaín fíorach a eascraíonn as spéis an ealaíontóra sna scéalta agus eachtraí a bhain le Cogadh na Saoirse in Éirinn. Péintéireacht ar mhórscála agus dealbhóireacht, curtha i láthair go drámatúil.
http://www.rhagallery.ie/exhibitions/the-foggy-dew/

5.-Mick-O’Dea-PRHA2-700x390

…………………………………………………………………………………………………..


Little Stories Little Prints
Little Museum of Dublin, Faiche Stiabhna, BÁC
16 – 25 Eanáir 2016

Taispeántas agus togra priontála ón Leinster Printmaking Studio. Tugadh cuireadh do 50 ealaíontóir taighde a dhéanamh ar eachtraí stairiúla a thárla le linn an Éirí Amach i 1916, agus prionta ealaíne a chruthú chun scéal na heachtrai sin a insint don phobal. Beidh an taispeántas seo ar chamcuairt ar fud na tíre i 2016. www.littlestorieslittleprints.com

little stories

…………………………………………………………………………………………………..

Meeting At The Building,
Gailearaí Dubhghlas de hÍde, Coláiste Na Trionóide, BÁC 2.
11 Nollag 2015 – 24 Feabhra 2016

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Merlin James. Saothair phéinteála ina ndéantar cur síos ar dheilbh do thithe beaga déanta as sean phíosaí páipéir, canbhás agus fuíllábhair eile ón stiúideo.
http://www.douglashydegallery.com/merlin-james-gallery-2

Merlin James

 …………………………………………………………………………………………………..

Amharc Fhine Gall X – Transhistorial Terrain,
Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
09 Nollag 2015 – 23 Feabhra 2016

Grúpthaispántas ina ndírítear ar eachtraí stairiúil, an lorg den am atá thart, agus an tionchar atá acu seo ar an aimsir láithreach. Ealaíontóirí: Ella DeBurca, Ruth Clinton & Niamh Moriarty. Coimeádaí: Linda Shevlin.
http://www.draiocht.ie/

2015afg2