Tá agallamh le Clare Cashman ar an suíomh anois!
Is ealaíontóir í Clare, lonnaithe i gCarna, i gConamara. Féach céard tá le rá aici anseo.
…………………………………………………………………….
So don’t rely on the starry skies
Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir.
17 Iúil – 06 Lúnasa 2015
Taispeántas beirte le na healaíontóirí Audrey O’Brien agus Willie Redmond. Saothair phéinteála ina ndírítear ar uisce agus aibhneacha mar théama, agus saothar ealaín suiteála ina dtógtar inspioráid ó theileascóip agus úirlisí grianghrafadóireachta. http://thecourthousegallery.com/category/current-exhibitions/
Family Collection, Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe.
02 – 31 Lúnasa 2015
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Seán McSweeney. D’fhoghlaim McSweeney le péinteáil as a stuaim féin agus d’oibrigh sé mar ealaíontóir lánaimseartha ó 1967. Bhí sé tábhachtach dó a bheith ina chónaí agus ag oibriú le tírdhreacha agus i 1983 d’athraigh sé, lena chlann, go Baile Uí Choinéil i dTuaisceart Shligigh, áit ar thug portach agus imeall mara spreagadh seasta dá chuid oibre. Sa taispeántas seo feictear saothair péintéireachta a rinne sé i gCill Mhantáin agus i Sligeach.
Block T, Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Cathair na Gaillimhe.
07 – 22 Lúnasa 2015
Taispeántas de chuid an eagrais Block T atá bunaithe i mBaile Átha Cliath. Seo é an taispeántas deiridh i sraith do chúig cinn i nGailearaí 126, ina dtugtar cuireadh d’eagrais ealaíne timpeall na tíre taispeántais a eagrú i nGaillimh.
…………………………………………………………………………………
An t-Earagal, An Gailearaí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall.
07 Iúil – 11 Meán Fómhair 2015
Is ceiliúradh é an taispeántas seo ar an Earagail, an sainchomhartha tíre is suntasaí i gContae Dhún na nGall. Beidh péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, téacs coimisiúnaithe, scannáin ealaíne agus scannáin faisnéise mar chuid den taispeántas. Tá réimse ealaíontóirí as Éirinn agus as thar lear páirteach ann, agus tá tráchtaireacht agus ábhar cartlainne i gceist chomh maith.
………………………………………………………………………
Psychic Lighthouse, The Model, Sligeach.
12 Meitheamh – 30 Lúnasa 2015
Grúpthaispeántas speisialta a eagraíodh le comóradh a dhéanamh ar 150 bliain ó lá breithe Yeats. Sna saothair ealaíne seo léirítear draíocht agus spioradáltachas, in ómós donn spéis a bhí ag Yeats sna hábhair seo. Ealaíontóirí: Clodagh Emoe, Joachim Koester, Maria Loboda, Goshka Macuga, Susan MacWilliam, Deirdre McKenna, Stephen Rennicks. Coimeádaí: Emer McGarry.
………………………………………………………………………………….
All Sorts and the Selection,
Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo
07 – 30 Lúnasa 2013
Taispeántas aonair le James Mc Creary. Priontaí ina dtógtar inspioráid ó mhilseáin agus nithe luachmhara sean-fhaiseanta, chomh maith le rogha priontaí eile leis an ealaíontóir a déanadh le 10 mbliain anuas. Oscailt oifigiúil ag a 7.30pm, Déardaoin, 06 Lúnasa. www.customhousstudios.ie
………………………………………………………………………
Ionchur > Aschur, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.
30 Iúil – 16 Meán Fómhair 2015
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Pól Murphy, céimí de chuid Choláiste Ealaíne Ollscoil Uladh i mBéal Feirste agus buaiteoir Ghradam Gerard Dillon in 2014. Léirmhíniú nua ar an tionsclaíocht atá i shaothar Phóil Murphy. Cumann sé dealbha sealadacha as ábhair mhonaraithe agus as nithe eile a thagann sé trasna orthu.
…………………………………………………………………………………………………..
Two Worlds Collide, R-Space Gallery, Sráid an Chaisleáin, Lios na gCearrbhach. 13 Meitheamh – 11 Iúil 2015
……………………………………………………………………..
Form & Function, CIT Wandesford Quay Gallery, Cathair Chorcaí.
8 – 29 Lúnasa 2015
Saothair ealaíne ón ghrúpa criadóirí The Society of Cork Potters i gCo Chorcaí. Ina measc siúd atá páirteach tá Adrian Wistreich, Catherine Ryan, Cillian Gibbons, Clare Green, Darren Cassidy, Etain Hickey, Jim Turner, Julian Smith, K. Standen, Kira O Brien, Liz Burgess, Martha Cashman, Orla O Rourke, Sara Roberts agus Siobhán Steele.
…………………………………………………………………………………………………..
An Dochtúir Ó Loingsigh, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí,
12 – 28 Meán Fómhair 2015.
Ceiliúradh ar shaol an Dochtúir Ó Loingsigh. Dochtúir, saighdiúir agus scoláire é Ó Loingsigh, agus bhí sé an-ghníomhach san Athbheochan Cheilteach in Éirinn ag tús an 20ú hAois.
……………………………………………………………………..
Compression, Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach.
10 Iúil – 7 Lúnasa 2015
Grúpthaispeántas ina dtugtar tús áite do shaothair ealaíne a bhfuil ciall chasta le baint astu, ach iad déanta go símplí, agus go gonta. Ealaíontóirí: Stephen Brandes, Maud Cotter, Angela Fulcher, Tom Hackney, Catherine Harty, Caoimhe Kilfeather, Susan Morris, Trevor Shearer & Alison Turnbull. Coimeádaí: Ed Krčma.
…………………………………………………………………………………………………..
LUIGI GHIRRI, Gailearaí Dubhghlas de hÍde, Coláiste Na Trionóide, BÁC 2.
31 Iúil – 30 Meán Fómhair 2015
Tá cáil idirnáisiúnta ar Luigi Ghirri mar ghrianghrafadóir ceannródaíoch a bhí ag obair sna 1970aidí. Thaitin sé leis a bheith ag tógáil pictiúir do gnáth áiteacha – trá-bhailte, tithe feirme agus taobhshráideanna. Níl aon mhothúcháin láidre le feiceáil sna h-íomhánna fuarchúiseacha seo, ach tá mistéir éigin ag baint leo go fóill.
………………………………………………………………………
Mostly Landscape, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
24 Iúil – 29 Lúnasa 2015
Grúpthaispeántas ina léirítear tírdhreacha inmheánacha agus seachtracha. Ealaíontóirí: Brian Bourke, Micky Donnelly, Louise Neiland, Martin Gale, Colin Harrison, Danny Osborne, Bernadette Kiely, Kevin Miller, Jane O’Malley, John Shinnors, Patricia Burns, Melita Denaro, James O’Connor, Ruth McDonnell, Ann Quinn, John Doherty, Nataly Maier, Seán McSweeney, Charles Tyrrell, Mary Lohan, Barbara Warren, Pat Harris, Makiko Nakamura, Seán Fingleton, Patricia Bianchi, Tony O’Malley, George Potter agus Roger Shackelton.
Etel Adnan, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), BÁC 8,
05 Meitheamh – 13 Meán Fómhair 2015
Taispeántas cuimsitheach ina ndéantar cur síos ar shaothar an ealaíontóra Liobánach Etel Adnan. Is scríbhneoir, file agus ealaíontóir iomráiteach í Adnan. Sa taispeántas seo tá péintéireacht tírdhreach ildhaite, agus leabhra lámhdhéanta le dánta agus líníocht. Taobh leis leis an ealain tá scannán dubh agus bán agus taifead den ealaíontóir ag léamh dánta nua-chumtha. http://www.imma.ie/en/page_236946.htm
…………………………………………………………………………………………………..
185 Annual Exhibition, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.
…………………………………………………………………………………………………..
What is painting …?, Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
24 Iúil – 03 Deireadh Fómhair 2015
Taispeántas nua le Marc Guinan. Saothar trialach, ina mbaintear úsáid as pva, olaphéint, agus péinteanna speisialta i gcóir miotail chun cruthanna nua a mhúnlú. Tá spéis ag Guinan i dtréithe ar leith atá ag na péinteanna seo, agus théis dó iad a chur i sraitheanna agus ligean dóibh triomú, úsáideann sé iad chun cruthanna dealbhadóireachta a dhéanamh astu. http://www.draiocht.ie/
Delicate Matter, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
03 Iúil – 30 Lúnasa 2015
Grúpthaispeántas ina bhfuil saothair fíneáilte, lámhdhéanta curtha i láthair. Sna saothair éagsúil seo déantar tagairt do chuimhne, solas agus fuinneamh, agus don ghaol idir an cholainn agus an spiorad. Deabhadóireacht le gloine, ceirmeacht agus teicstílí. Ealaíontóirí: Karen Donnellan, Jennifer Hickey agus Liz Nilsson.
………………………………………………………………………
Nine Lives, An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh,
08 Lúnasa – 27 Meán Fómhair 2015
Grúpthaispeántas ina ndéantar cur síos ar shaothair naonúr ailtirí óga atá lonnaithe in Éirinn agus iad ag teacht chun cinn ina gcuid cleachtais. Coimeádaí: Emmett Scanlon. http://www.nationalcraftgallery.ie