Ar siúl faoi láthair

Telling the Bees,
Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Sráid Dominic, Cathair na Gaillimhe.
28 Lúnasa – 03 Deireadh Fómhair
Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Bridget O’Gorman. Saothair dealbhóireachta agus físe ina ndéantar cur síos ar sheanscéalta agus an creideamh ag baint le beacha. Eascraíonn an ealaín seo as spéis an ealaíontóra in anamachas, an creidiúint go bhfuil spiorad ag gach rud, fiú amháin rudaí neamh-bheo. https://www.galwayartscentre.ie/en

BrigitSML
……………………………………………………………………………

Situated, Gailearaí 126, Sráid Thobar an Iarla, Cathair na Gaillimhe.
11 – 26 Meán Fómhair 2015

Grúpthaispeántas meán-mheasctha. Saothair nua a d’eascraigh as deis bhliantúil ina dtugtar cuireadh do cheathrar ealaíontóir seall a chaitheamh ag déanamh ealaín san Burren College of Art. Ealaíontóirí: Yvette Monahan, Noelle Gallagher, Joanna Hopkins agus Amanda Rice. http://126.ie/

unnamed




…………………………………………………………………………………

Liminal Spaces, The Model, Sligeach.
12 Meitheamh – 30 Lúnasa 2015

Grúpthaispeántas uaillmhianach ina gcuirtear i láthair saothair a rinne ealaíontóirí, ailtirí, scoláirí agus institiúidí i gcomhpháirt. Agus an dán cáiliúil The Lake Isle of Innisfree tugtha dóibh mar thús phointe, rinne na rannpháirtithe saothair ealaíne nua bunaithe ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an gceantair iarthuaisceart seo.

Rannpháirtithe: Felicity Clear, Michele Horrigan, Fergal MacCabe, Maurice O’Connell, Andy Parsons, Clea van der Grijn, Corban Walker, Oonagh Young.
Coimeádaithe: Cliona Brady, Bernadette Donohoe, Megan Johnston, Marianne O’Kane Boal, Michael Roulston, Clea van der Grijn.
l

 ………………………………………………………………………………….


Ground Truthing, 
Custom House Studios, Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo
03 – 27 Meán Fómhair 2013

Taispeántas aonair le Mags Duffy. Saothair péinteála ina n-úsáidtear dathanna drámatúil agus próiseas péinteála srathaithe chun téamaí a bhaineann le tírdhreach a léiriú, go háirid ceisteanna teorainn agus úinéireacht. www.customhousstudios.ie
unnamed

………………………………………………………………………


An t-Earagail, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

17 Meán Fómhair – 18 Samhain 2015

Tá nasc ar leith idir muintir Bhéal Feirste agus Dún na nGall.  Samhlaíonn muid ar fad an t-Earagal agus téann sí i bhfeidhm orainn ar an iliomad bealaí. Is ceiliúradh é an taispeántas seo ar an Earagail, an sainchomhartha tíre is suntasaí i gContae Dhún na nGall. Bhí sé ar taispeáint sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair le linn Féile an Earagail tá sé ar camchuairt anois go dtí Dánlann Dillon, i gCultúrlann Bhéal Feirste.Tá péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, téacs coimisiúnaithe, scannáin ealaíne agus scannáin faisnéise mar chuid den taispeántas seo. Tá réimse ealaíontóirí, as Éirinn agus as thar lear araon, páirteach ann agus tá tráchtaireacht agus ábhar cartlainne i gceist fosta.

Screenshot-2015-09-10-16.34.42

 …………………………………………………………………………………………………..


On Your Marks,
R-Space Gallery, Sráid an Chaisleáin, Lios na gCearrbhach.
18 Meán Fómhair – 10 Deireadh Fómhair  2015

Grúpthaispeántas ina ndírítear isteach ar stair agus teicnící ar leith a bhaineann le déantús línéadaigh. Sa togra seo roghnaíodh ealaíontóirí as Éirinn, le taithí acu ar obair le teicstílí, chun malartú a dhéanamh lena gcomhghleacaithe as an tSualainn. Print Block Dublin agus KKV Textil Malmö na grúpaí atá rannpháirteach.

P1070894-300x200

……………………………………………………………………..


The View in Here: New Drawings
, CIT Wandesford Quay Gallery, Cathair Chorcaí.
18 – 26 Meán Fómhair 2015

Taispeántas aonair leis an ealaiontóir Jessica Dessner. Saothair líníochta nua i stíl hipir-réalach, bunaithe ar radhairc teaghlaigh a d’fheicfeá isteach tríd fhuinneog,

dessner-pic

 …………………………………………………………………………………………………..


An Dochtúir Ó Loingsigh
Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí,
12 – 28 Meán Fómhair 2015.

Ceiliúradh ar shaol an Dochtúir Ó Loingsigh. Dochtúir, saighdiúir agus scoláire é Ó Loingsigh, agus bhí sé an-ghníomhach san Athbheochan Cheilteach in Éirinn ag tús an 20ú hAois.

imagesimages

…………………………………………………………………….

Silent Land, Court House Gallery, Inis Díomáin, Co an Chláir.
11 Meán Fómhair – 01 Deireadh Fómhair 2015

loy-lee-photo-300x296Taispeántas beirte le na healaíontóirí Cassandra Dorer agus Loy Lee. Saothair péinteála ina ndírítear ar Iarthar na hÉireann, agus tírdhreach atá múnlaithe ag an gcoimhlint, an spioradáltacht agus eachtraí stairiúla,  http://thecourthousegallery.com/category/current-exhibitions/

……………………………………………………………………..


Third Bridge, 
Ormston House, Sráid Phádraig, Luimneach.
21 Lúnasa – 18 Meán Fómhair 2015

Taispeántas ina ndéantar athbreathnú ar ealaín ghníomhach a déanadh i Luimneach sna 1980aidí, go háirid saothair le grúpaí micléinn a bhí ag obair go comhghníomhach sa gcoláiste ealaíne i Luimneach ag an am. http://www.ormstonhouse.com/

CLvV-ifWwAANVLF

………………………………………………………………………

Between a Rock and a Hard Place, Luan Gallery, Áth Luain, Co na hIarmhí.
05 Meán Fómhair – 30 Deireadh Fómhair 2015

Taispeántas aonair le Mel French. Saothair dealbhóireachta tógtha i gcré ag úsáid teicnící traidisiúnta, agus ansin múnlaithe le réimse mór ábhair éagsúil – céir, seacláid, miotal agus sobal ina measc. http://www.athloneartsandtourism.ie

thumb-1

………………………………………………………………………

Love, Life and Launch, Taylor Galleries, Sráid Chill Dara, BÁC 2
05 -26 Meán Fómhair 2015

Taispeántas aonair leis an ealaíontóir Pauline Bewick, agus ceiliúradh ar ócáid foilseacháin dírbheathaisnéis an ealaíontóra. Taispeántas meán-mheasctha é seo, le saothair ina léirítear an deacracht a bhaineann le aithne iomlán a chur ar dhuine eile, fiú amháin an té a bhfuil tú i ngrá leis. Líníocht, péintéireacht, dealbhóireacht agus colláis.

Resting_chinese_woman_670

 ………………………………………………………………………

El Lissitzky: The Artist and the State,
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), BÁC 8,
30 Iúil – 18 Deireadh Fómhair 2015

Taispeántas a eagraíodh i gcomóradh Éirí Amach 1916 agus bunú an Stáit nua. Sa taispeántas seo déantar machnamh ar an bpobal ealaíona agus cultúrtha a thug íomhá agus teanga amhairc nua don Stát Éireannach. Ag an am céanna breathnaítear ar an  ról a bhí ag ealaíontóirí go domhanda ag tús an 20ú Chéad, tréimhse ina raibh stáit nua ag teacht chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin. http://www.imma.ie

el_lissitzky_klinom_krasnym_bej_belych,_beat_the_whites_with_the_red_wig_web500 …………………………………………………………………………………………………..

Diaspora, Olivier Cornet Gallery, BÁC 1
13 Meán Fómhair – 11 Deireadh Fómhair 2015

Taispeántas aonair le Eoin Mac Lochlainn, saotheir péinteála ina ndéantar machnamh ar an imirce. Dán leis an bhfile Cathal Ó Searcaigh a bhí mar spreagadh don ealaín seo, dán dár teideal: “Na Bailte Bánaithe”. Dán í seo a léiríonn cé mar a mhaireann spiorad daoine i gcuimhne áite fiú má tá said imithe ar shlí na fírinne. Chaith Eoin tréimhse cónaithe i nGaeltacht Thír Chonaill cúpla bliain ó shin agus thosaigh sé ag cuartú na seantithe tréigthe a bhí luaite sa dán – ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leo siúd i mbéal an uaignis.

 image268

 ………………………………………………………………………………………………….

Bouyed, Royal Hibernian Academy, Plás Ílé, BÁC 8.
04 Meán Fómhair – 20 Nollaig, 2015

Taispeántas aonair le Michael Quanes.  Ealaín a eascraíonn as spéis an ealaíontóra sa bhfórsa domhantarraingthe a bhfuil tionchar aige ar chuile shórt, lastigh agus lasmuigh dúinn. Saothair dealbhóireachta i gcloch.

10.-Michael-Quane-RHA-700x390


…………………………………………………………………………………………………..


LUIGI GHIRRI, 
Gailearaí Dubhghlas de hÍde, Coláiste Na Trionóide, BÁC 2.
31 Iúil – 30 Meán Fómhair 2015

Tá cáil idirnáisiúnta ar Luigi Ghirri mar ghrianghrafadóir ceannródaíoch a bhí ag obair sna 1970aidí. Thaitin sé leis a bheith ag tógáil pictiúir do gnáth áiteacha – trá-bhailte, tithe feirme agus taobhshráideanna. Níl aon mhothúcháin láidre le feiceáil sna h-íomhánna fuarchúiseacha seo, ach tá mistéir éigin ag baint leo go fóill.

 

sisgnorini 003

 …………………………………………………………………………………………………..


What is painting?
Draíocht Arts Centre, Baile Bhlainséir, BÁC 15.
24 Iúil – 03 Deireadh Fómhair 2015

Taispeántas nua le Marc Guinan. Saothar trialach, ina mbaintear úsáid as pva, olaphéint, agus péinteanna speisialta i gcóir miotail chun cruthanna nua a mhúnlú. Tá spéis ag Guinan i dtréithe ar leith atá ag na péinteanna seo, agus théis dó iad a chur i sraitheanna agus ligean dóibh triomú, úsáideann sé iad chun cruthanna dealbhadóireachta a dhéanamh astu.  http://www.draiocht.ie/

home_marc-guinan-grad-image-1

  ……………………………………………………………………………………………….


Nine Lives, 
An Dánlann Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh,
08 Lúnasa – 27 Meán Fómhair 2015

Grúpthaispeántas ina ndéantar cur síos ar shaothair naonúr ailtirí óga atá lonnaithe in Éirinn agus iad ag teacht chun cinn ina gcuid cleachtais. Coimeádaí: Emmett Scanlon. http://www.nationalcraftgallery.ie

Newpic-641x300